Damáiste déanta ar Sceilg Mhichíl i ndiaidh maidhm charraige eile

Thit an smionagar ón maidhm is deireanaí seo cóngarach do na botháin a úsáideann foireann chaomhnaithe an OPW le linn an tsamhraidh

Damáiste déanta ar Sceilg Mhichíl i ndiaidh maidhm charraige eile

Rinneadh damáiste don chosán ar Sceilg Mhichíl i nGaeltacht Chiarraí arís nuair a thit carraigeacha anuas i ndiaidh “maidhm charraige shuntasach” ar an oileán.

Deir Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) gur tháinig oibrithe de chuid na heagraíochta ar “carraigeacha, sceallaí agus bruscar eile” ar Bhóthar an Tí Solais an tseachtain seo caite agus iad i mbun oibre cothabhála agus sábháilteachta roimh shéasúr na turasóireachta an mhí seo chugainn.

“Is minic gur deacair teacht ar an láthair san Aibreán. De ghnáth, bheadh súil againn roinnt áirithe díobhála ó stoirmeacha an gheimhridh a bheith romhainn agus bíonn cuid mhaith oibre le déanamh chun an láthair a réiteach le haghaidh cuairteoirí.

“Ach is eisceachtúil í an mhaidhm charraige seo atá romhainn i mbliana agus, mar gheall ar an áit inar tharla sé agus is mór an chúis bhuartha againn é,” a dúirt Grellan Rourke, Ailtire Caomhnaithe Sinsearach an OPW.

Thit an smionagar ón maidhm is deireanaí seo cóngarach do na botháin a úsáideann foireann chaomhnaithe an OPW le linn an tsamhraidh. Deir an OPW, nach ndearnadh aon damáiste do na botháin, gur thit an smionagar cóngarach go leor dóibh le bheith ina “ábhar imní suntasach”.

Dúirt Rourke go bhfuil cuid den ábhar “an-mhór” agus gur cinnte go ndéanfadh sé dochar do na botháin dá dtitfeadh sé anuas caol díreach anuas orthu, agus go mbeadh baol mór ann do dhuine ar bith a bheadh taobh istigh.

Ní bhíonn cuairteoirí san áit ar thit na carraigeacha ach deir an OPW gur “cúis imní” é toisc gur thit siad cóngarach don áit a mbíonn treoraithe agus oibrithe eile dá gcuid ag obair ar feadh an tsamhraidh ar fad.

Beidh conraitheoir speisialta sábháilteachta ag tabhairt cuairte ar an oileán in éineacht le hoifigigh de chuid an OPW leis an láthair a scrúdú agus an baol go dtarlódh maidhm nó sciorradh talún eile a mheas.

“An bhliain seo caite, tar éis don mhaidhm charraige mhór a tharla, d’éirigh tharr barr leis an tionscadal chun an díobháil a dheisiú agus rinneadh mionsuirbhé geolaíochta ar fhánaí uachtaracha an Oileáin chun an priacal ó thuilleadh díobhála a mheas.”

“Ach is léir go bhfuil an-bhagairt fós ann agus i bhfianaise an mhaidhm is déanaí seo, beidh an fhoireann ghairmiúil againn i mbun scrúdaithe chun an scéal a mheas go práinneach. Chomh maith leis sin, glanfar an bruscar as an áit agus déanfar an láthair a athchóiriú. Cé nach léir go ndearnadh díobháil mhór don bhóthar i mbliana, cailleadh cuid den bhalla cois farraige amach ar aghaidh na mbothán agus caithfear é sin a scrúdú agus a dheisiú,” a dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta.

Dúradh go bhfuil sé “róluath” fós aon tuairim a thabhairt faoin tionchar a bheadh ag an eachtra seo ar dhátaí oscailte an oileáin, nó faoi líon na gcuairteoirí a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chuig an oileán.

Tá sé i gceist ag an OPW, faoi láthair, an t-oileán a oscailt arís an mhí seo chugainn, an 14 Bealtaine.

Rinneadh go leor dochair anuraidh nuair a sciorr carraigeacha os cionn Bhóthar an Tí Solais – an príomhbhealach a bhíonn ag cuairteoirí suas chuig an mhainistir cháiliúil. Thit na carraigeacha síos san fharraige ach bhuail siad an cosán ar a mbealach anuas agus scriosadh an bealach suas chuig an suíomh ársa.

Nuair a chonacthas an drochbhail a bhí ar an mbóthar mí Mhárta na bliana seo caite, bhí an tuairim ann nach mbeifí in ann an t-oileán a oscailt do chuairteoirí mar gheall ar an gcontúirt mhór a bheadh ann.

Thosaigh Oifig na nOibreacha Poiblí ar an obair dheisithe agus atógála lena chinntiú go mbeifí in ann teacht ar an mainistir. Atógadh dhá bhalla mhóra a scriosadh nuair a thit na carraigeacha agus cuireadh forscáth adhmaid os cionn an chosáin le cuairteoirí a chosaint ó mhaidhmeanna eile. Bíonn corrchloch fós ag titim ó na haillte.