Damáiste déanta ag tine in ionad taighde de chuid OÉ Gaillimh i gConamara

Tháinig seacht n-inneall dóiteáin go dtí ionad taighde de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gCarna, mar ar thosaigh tine ag timpeall 4am

Damáiste déanta ag tine in ionad taighde de chuid OÉ Gaillimh i gConamara

Rinneadh damáiste d’ionad taighde de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gCarna i gConamara inniu nuair a chuaigh an t-ionad trí thine go moch ar maidin.

Ionad de chuid Institiúid Martin Ryan na hOllscoile atá san ionad i gCarna agus bítear ag plé le sliogéisc ann. Ní raibh duine ar bith san fhoirgneamh nuair a thosaigh na haláraim dhóiteáin ag bualadh ag 4.30am.

Tháinig seacht n-inneall dóiteáin ar fad chuig an láthair, ón gCeathrú Rua, ón gClochán agus ó chathair na Gaillimhe, thug siad an mhaidin ann agus an tine á smachtú acu. Tuigtear gur thosaigh an tine i seomra san fhoirgneamh a ndéantar taighde ar mhíolta mara ar fheirmeacha bradán ann.

Tá seachtar fostaithe go lánaimseartha san ionad taighde i gCarna agus is minic mic léinn de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus institiúidí eile oideachais ar fud na cruinne, ann i mbun taighde.

Dúirt urlabhraí de chuid OÉ, Gaillimh go bhfuil “measúnú” á dhéanamh faoi láthair ar an méid damáiste a rinneadh san ionad.

“Tá an Ollscoil ag obair leis na seirbhísí éigeandála ar an measúnú seo agus is féidir linn a chinntiú go bhfuil an tine múchta agus nach bhfuil aon duine gortaithe. Cuirfimid tuilleadh eolais ar fáil de réir mar a fhaighimid é,” a dúradh.

Fág freagra ar 'Damáiste déanta ag tine in ionad taighde de chuid OÉ Gaillimh i gConamara'