‘Dallamullóg’ T.K. Whitaker

Ní mian le Seosamh Ó Cuaig baint de chlú T. K. Whitaker ach ní ghéilleann sé ar fad don mholadh a bhíonn ag chuile dhuine dó

 

9/9/2010 Lemass International Forum. Dr. TK Whitak

 

Foilsíodh leabhar le gairid faoi T. K. Whitaker, T.K. Whitaker: Portrait Of a Patriot. Anne Chambers a scríobh í.

Níor léigh mé an leabhar fós ach chonaic mé léirmheas a scríobh Diarmaid Ferriter agus bhí léirmheas eile ag Áine Ní Chiaráin ar an suíomh seo.

Bíonn chuile dhuine ag moladh T. K. Whitaker. Déantar amach gurbh é a thug an tír seo slán as an ‘dallamullóg’ a bhí orainn nuair a bhí muid ag ceapadh gur cheart dúinn seasamh ar ár gcosa féin agus gan a bheith ag brath ar dhreamanna eachtracha.

Brionglóid a bhí ansin, a dúirt Whitaker, nuair a bhí sé ina státseirbhíseach tábhachtach sa Roinn Airgeadais.

Is é an rud a bhí le déanamh againn, a dúirt sé, ná bacanna trádála a leagan agus na comhlachtaí eachtracha a thabhairt isteach.

Is é an an toradh a bheadh air sin go mbeadh Éire ag Cáit Ní Dhuibhir feasta.

Ar ndóigh, le fírinne, ní ag Cáit Ní Dhuibhir a bheadh an tír ar chor ar bith nuair a dhéanfaí é ach ar a laghad ar bith, bheadh sí ina cailín óg spéiriúil ansin seachas a bheith ina Cailleach Bhéara mar a bhí.

Níl amhras ar bith nach dtáinig buntáistí as an bpolasaí nua: tá na mílte duine fostaithe sa tír seo anois ag comhlachtaí Meiriceánacha go háithrid ach, ar an taobh eile den scéal, tá an fonn a bhíonn ar thíortha rudaí a thosú agus a chur chun cinn as a stuaim féin caillte againn.

Níl ort ach muid a chur i gcomparáid le muintir na hIorua leis an méid sin a thuiscint.

Ní mian liom baint de chlú T. K. Whitaker ar bhealach ar bith ach bhí cúpla rud sa léirmheas sin ag Diarmaid Ferriter a dtug mé suntas dóibh.

Is cosúil nach raibh Whitaker sásta ar chor ar bith leis an gcaoi ar fhógair an tAire Donncha Ó Máille an saoroideachas i 1968.

Cheap sé nár chuir an Máilleach an scéim chun cinn de réir na rúibricí cuí.

Níl a fhios agam an raibh amhras air faoin saoroideachas ann féin ach, mar a deir Ferriter, ná ligtear i ndearmad go bhfuair an chlann a bhí aigesean oideachas breá i gcuid de na scoileanna ba chostasaí i mBaile Átha Cliath.

Bhí meas ag Whitaker ar Mhaggie Thatcher, is cosúil, agus gan gean ar bith aige ar na ceardchumainn.

An té a bheadh mar sin, caithfidh mé a rá nach luífeadh mo chroí rómhór leis, is cuma cé na buanna eile a bheadh aige.

Bhí dualgais throma phoiblí ar T. K. Whitaker i gcaitheamh a shaoil.

Ceann acu ba ea comhairle a chur ar an Taoiseach Seán Ó Loinsigh nuair a thosaigh an chíréib sa Tuaisceart. Ar ndóigh, b’as an Tuaisceart Whitaker féin.

I Ros Treabhair i gCo. an Dúin a rugadh é i 1916 go gairid i ndiaidh an Éirí Amach. Nuair a tharla Cath Thaobh an Bhogaigh (the Battle of the Bogside, mar a tugadh air i mBéarla) bhí olc ar an bpobal ar an taobh seo den teorainn.

Bhí siad ag súil go ndéanfadh an Taoiseach beart láithreach.

I gCarna i gConamara a bhí Whitaker ar saoire ag an am.

Fear mór iascaireachta a bhí ann chuile lá ariamh. Tugaim faoi deara go raibh sé ar dhuine de na baill a bhí i gCumann Iascaireachta Charna a bunaíodh tamall roimhe sin.

Ag ithe a bhricfeasta ina theach saoire a bhí sé nuair a tháinig Garda Síochána chuige ag rá leis go raibh an Taoiseach ag iarraidh labhairt leis.

Ní raibh teacht aige ar theileafón agus b’éigean dó a dhul go dtí stáisiún na nGardaí le labhairt leis an Loinseach.

Is í an chomhairle a chuir sé air go bunúsach, é a thógail go réidh; gan an iomarca oilc a chur ar na hAontachtóirí.

Nuair a d’fhill sé ar an teach, rug sé ar bhiro a raibh dúch glas ann agus thosaigh sé ag scríobh.

An dath glas a chuir sé ar na ceithre fhocal tosaigh a scríobh sé agus dath gorm ar an gcuid eile. Is cosúil go raibh siombalachas eicínt ag baint leis na dathanna seo!

Mhol sé don Taoiseach gan géilleadh don “terrible temptation to be opportunist” agus tharraing sé a aird ar na “perils of cashing in on political emotionalism.”

Seo cuid eile den méid a scríobh sé:

“Every effort should be made in any Government statements from Dublin to avoid identifying the Govt. solely with the Catholics or Nationalists of Northern Ireland and to make it clear that the aim of a United Ireland would be a fair deal for all—indeed that the position of Northern Ireland Protestants would be particularly respected. A special effort is needed to reassure the many moderate Protestants who otherwise may be driven to side with the extremists, under the threat, as they see it, of losing their “freedom, religion and laws.”

Tamall gearr roimhe sin, bhí tonna meáchain bia agus pluideanna curtha ag muintir Charna go Doire.

Armlón ab fhearr le cuid eile againn a chur chucu ag an am ach ní dhéarfaidh mé níos mó faoi sin faoi láthair ar fhaitíos go léifeadh Eoghan Harris nó Ruth Dudley Edwards an t-alt seo.

An oíche ar chríochnaigh Cath Thaobh an Bhogaigh, bhí mé féin, Deasún Fennell, a bhean Máire agus a mbeirt mhac, Oisín agus Cilian, i nDoire.

Cuimhneoidh mé go deo ar na ceithre stáitse a bhí socraithe i dTaobh an Bhogaigh, ar na fir óga ar dhíonta na n-árasán agus buamaí peitril acu ag fanacht leis an gcéad ionsaí eile ón RUC.

‘Sea agus nuair a chas Tommy Makem “ Four Green Fields” don slua ag uair an mheáin oíche.

Ceithre pháirc ghlasa a bhí againn de réir an amhráin sin ach chaill muid ceann acu.

Cén seans atá ann anois an pháirc a fháil ar ais, ná fiú amháin na trí pháirc eile a bhí againn ar feadh tamaill ach a lig muid uainn de réir a chéile?