Dall ar an íoróin atá lucht ionsaithe bhrat na Fraince

Is íorónach an scéal é gurb í an tsaoirse a seasann brat trídhathach na Fraince di atá faoi ionsaí acu siúd nach maith leo go mbeadh brat na tíre sin ar leathanach Facebook duine

france flag

Le seachtain nó mar sin anuas, tá sé tugtha fé ndeara agam go bhfuil roinnt tráchtairí ar na meáin shóisialta agus na meáin chumarsáide ag caitheamh anuas orainne a d’athraigh ár bpictiúirí próifíle go brat trídhathach na Fraince go sealadach. Shíl mé go gcuirfeadh an gníomh seo go leor in iúl ach is léir nár bhain roinnt daoine mórán as. Tá roinnt eile atá tar éis fimínteacht a chur inár leith mar nár bhaineamar úsáid as scáth bhrat na Siria, mar shampla, i bhfianaise an tslada atá tarlaithe inti. Ní chuirfidh mé dathanna na Siria os cionn mo phictiúr próifíle.

Ní hé go bhfuilim ar son pholasaí an Iarthair sa Mheán-Oirthear. Ní hé ná é. Aon duine go bhfuil aithne acu orm nó a bhíonn im’ leanúint ar na meáin shóisialta, tá a fhios acu go bhfuilim glan in aghaidh na slí a bhfuil an tIarthar tar éis caitheamh le sibhialtaigh neamhurchóideacha sa Mheán-Oirthear – forghabháil mhídhleathach Iosrael sa Phalaistín go háirithe.

An tacaid seo anuraidh, ghlac mé orm féin os cionn €1,600 a bhailiú ar son cabhair dhaonnúil i Stráice Gaza, fiú. Chuir eachtraí i bPáras na hAoine seo caite an méid céanna alltachta orm, áfach.

Anois agus mo chuid dintiúirí nochta, leagfaidh mé amach na cúiseanna atá le mo chinneadh i dtaobh mo phictiúir próifíle.

Ar dtús, féachaimis ar bhrat na Fraince agus an bhrí atá leis. Mar is eol do roinnt daoibh (agus nach eol do roinnt eile) seasann an bán do Rí na Fraince. Seasann an gorm agus an dearg do Pháras. I bhfocail eile, ciallaíonn an bhrat go mbeidh rialtas na Fraince freagrach don bpobal i gcónaí.

Seo an daonlathas – idéal polaitiúil a bhfuil cur amach againn go léir air agus a chreideann an chuid is mó againn ann. Cé mhéid rialtas i dtíortha fé riail Ioslámach atá freagrach don bpobal?

Creidim go bhfuil nasc láidir stairiúil againne in Éirinn leis an bhFrainc. Tá teanga Cheilteach sa dá thír; chuir an Fhrainc fáilte roimh roinnt dár nIarlaí timpeall na bliana 1607; thug an Fhrainc tearmann d’fhear darbh ainm Wolfe Tone; thug an Fhrainc cabhair d’Éirinn fé thrí sa streachailt i gcoinne bois an choilínithe (cé gur theip ar na hiarrachtaí sin); thug an Fhrainc teoiric na réabhlóide chuig an Eoraip; ba í an Fhrainc ba chúis le bunú an daonlathais san Eoraip, dar liom; bhí an Fhrainc thíos leis go tubaisteach de dheasca an dá Chogadh Mór agus ar deireadh, bhí an Fhrainc go mór i measc na gceannródaithe a chruthaigh an tAontas Eorpach mar atá anois. Cúiseanna stairiúla iad sin go léir a threoraigh mé chun mo phictiúr próifíl a athrú go dathanna na Fraince go sealadach.

Seasaim araon le saoránaigh Eorpacha na Fraince mar creidim in idéal na hEorpa Aontaithe. Níl Aontas na hEorpa foirfe, mar is eol dúinn, ach is seasamh i bhfad níos fearr é ná Eoraip easaontaithe. Mar sin, is ionann ionsaí ar Pháras agus ionsaí ar an Eoraip, dar liom.

Is brat é trídhathach na Fraince a sheasann ar son tíre atá flaithiúil agus daonlathach. Is córas é an daonlathas, arís, nach bhfuil foirfe ach tugann sé an tsaoirse dúinn freagracht a éileamh ónár rialtais.

Tugann sé saoirse dúinn ár dtuairimí a nochtadh, leis, gan aon eagla go gcaithfear sa phríosún sinn nó níos measa. Is íorónach an scéal é, i mo thuairimse, gurb é córas seo na saoirse atá á ionsaí ag briogáid frith-thrídhathach na Fraince, de réir dealraimh.

Dá mbeadh na daoine céanna sin atá ag screadaíl ar son bratacha Ioslámacha ina gcónaí sna tíortha lena mbaineann na bratacha sin, ní bheadh aon saoirse acu.

Dá nochtfaidís roinnt des na tuairimí frithúdarásacha céanna sna tíortha sin, n’fheadar cén fhaid a bheadh ann sula marófaí iad?

An bhfuilim ag seasamh le buamáil agus marú sibhialtach neamhurchóideach? Nílim. An dóigh liom gur cheart don Eoraip teorainneacha a dhúnadh agus gan tuilleadh teifeach a ligean isteach? Daoine atá ag teitheadh ós na coinníollacha is measa dá bhfaighfeá smaoineamh orthu? Nílim ná é.

An bhfuil réiteach níos fearr agam maidir le conas ba cheart tír fhlaithiúnta, dhaonlathach í féin a chosaint i gcoinne ionsaithe? Níl fós. Go dtí go mbeidh, seasfaidh mé le mo chinneadh mo phictiúr próifíle a athrú chuig scáth gorm, bán agus dearg.

Taispeáin dom tír fé riail Ioslámach a bhfuil parlaimint thofa, dhaonlathach aici, bunreacht a thugann deiseanna cothroma do chách, ná déanann éagóir ar mhná agus cailíní agus ansan úsáidfidh mé dathanna na tíre sin ar mo phictiúr próifíle.

Fág freagra ar 'Dall ar an íoróin atá lucht ionsaithe bhrat na Fraince'

  • Aengus

    Nárbh fhearr cuireadh a thabhairt do dhuine éigin an argóint eile a dhéanamh seachas tuilleadh den ábhar céanna a chur i gcló?

  • Concubhar

    Is cuma liomsa ann nó as brat na Fraince ar leathnach Facebook duine ar bith. Thuigfinn cén fath go mbeadh sé ann – nó as – mar gheall ar na cuinsí atá ag titim amach sa bhFrainc agus ar fud na cruinne. Ní doigh liom gur fiú bheith ag cur suas do dhaoine atá míshásta faoi – seo an dara halt faoi ar Tuairisc in achar gairid – ní fheadar an fiú an méid sin na tróllanaí atá ag gabháil do.
    Tá mo chomhbhá le cosmhuintir na Fraince nó tá cáirde agam ann agus nior mhaith liom go mbeadh siad i gcontúirt. Is féidir liom, ag an am chéanna, polasaí seachtrach na Fraince agus tíortha an iarthair a cháíneadh mar go bhfuil sé tuilte acu. Ní thaitníonn sé liom bheith ag caitheamh aon sórt bratach ar Facebook nó, go deimhin, in áit ar bith eile. An éisceacht an méid sin? Ní doigh liom é!