DAA le híoc as damáiste a rinneadh d’fhidil Ghaeltachta 120 bliain d’aois

Briseadh fidil an cheoltóra Mairéad Ní Mhaonaigh nuair a bhí foireann slándála Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath i mbun iniúchta ar chás na fidle san aerfort le deireanas

DAA le híoc as damáiste a rinneadh d’fhidil Ghaeltachta 120 bliain d’aois

Íocfaidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (DAA) as an obair dheisiúcháin atá le déanamh ar fhidil an cheoltóra Gaeltachta Mairéad Ní Mhaonaigh i ndiaidh do dhamáiste a bheith déanta di agus í ag dul tríd an gcóras slándála san aerfort le deireanas.

Bhí an ceoltóir mór le rá as Gaoth Dobhair ar an mbealach chuig Inse Shealtainn amach ó chósta na hAlban agus fidil, atá os cionn 120 bliain d’aois, a thug a hathair Proinsias di, in éineacht léi nuair a rinneadh an damáiste.

Níor dhún an fhoireann slándála cás na fidle i ndiaidh dóibh é a iniúchadh mar chuid den phróiseas slándála atá i bhfeidhm ag an aerfort. Fágann an damáiste a rinneadh nach féidir an fhidil a chur i dtiúin.

Chuir Ní Mhaonaigh a míshástacht in iúl faoin eachtra ar na meáin shóisialta agus rinne sí gearán oifigiúil le hÚdarás Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi freisin.

Dúirt sí le Tuairisc.ie inniu, áfach, go raibh an DAA i dteagmháil léi ó shin agus go nglacann an comhlacht freagracht iomlán as an damáiste a rinneadh don fhidil agus go n-íocfaidh siad as an gcostas cóirithe.

Fág freagra ar 'DAA le híoc as damáiste a rinneadh d’fhidil Ghaeltachta 120 bliain d’aois'

  • Stiofáin Ó Maoilriain

    Ha! Thuig mé an alt go hiomlán! GRMA, a Mhaitiú; táim ag dul i bhfeabhas!