Dá siúlfadh cat Pat Lam amach chuirfí an fháilte chéanna roimhe…

Bhí ár gcolúnaí i gceartlár cheiliúradh na gConnachtach i nDún Éideann ag an deireadh seachtaine

INPHO/Dan Sheridan
INPHO/Dan Sheridan

Ní féidir ach go raibh suas le 5,000 duine de lucht leanta Chúige Chonnacht bailithe timpeall na páirce nuair a bronnadh Corn an PRO12 ar chaptaen a bhfoirne, John Muldoon, i Murrayfield i nDún Éideann ag timpeall 7.30 tráthnóna Dé Sathairn. Dhá uair an chloig ina dhiaidh sin bhí leath acu siúd fós bailithe taobh amuigh den doras ag a raibh bus na foirne páirceáilte.

Aon uair ar bhfuair siad amharc ar dhuine dá gcuid laochra trí na fuinneoga isteach ardaíodh na liúnna molta. Tháinig cóitseálaí na foirne, Pat Lam, amach agus fón aige ag iarraidh teacht ar a bhean agus ar a bheirt ghasúr. Ní raibh aige ach a dhul isteach arís mar nach gcloisfeá méar i gcluas. Nuair a tháinig sé amach arís lena mbailiú, fuair a bhean agus na gasúir oiread de gháir agus a bhí na himreoirí a fháil.  Má tá cat acu tá mé cinnte gurbh í an fháilte chéanna a chuirfí roimhe siúd dá siúlfadh sé an bealach.

Amuigh ar an bpáirc chonaic mé Aidan O’ Halloran ag breith barróige ar a mhac, Tiernan, a scóráil an t-úd ba thúisce a frítheadh. Bhí deora lena shúile, an lá ar comhchéim, a deir Aidan, leis an lá ar bhuaigh sé Craobh Peile na hÉireann le Uíbh Fhailí i 1982

Bhí  coiscéim bhacaí i bhfear anailíse Galway Bay FM, Joe Healy, agus é féin ag déanamh an bhealaigh amach – é gaibhte faoi scian le gairid féachaint faoiseamh éicint a fháil ón spídiúlacht a fuair sé ar feadh na mblianta a chaith sé féin ag imirt dá Chúige sna laethanta amaitéaracha fadó. Láithreach thosaigh an slua ag canadh ‘There’s Only One Joe Healy…’. Maireann cáil na seanlaochra go deo.

Le hais an bhus bhí muintir Mhaoldúin as Gort an Iomaire ag ceiliúradh agus ag fanacht le, Johnny, fear an choirn – a dheirfiúr Olivia, a dheartháireacha Conor agus Ivan, a bhí ar fhoireann ógánaigh de chuid Chonnacht le John in 2001.

Chas ceathrar as Leitir Móir dom a raibh an turas déanta acu i veain champála agus fear as Cathair na Mart a d’fhág Londain i gcarr ag 6.a.m, a bhailigh comrádaí leis in Aerfort Birmingham faoi bhealach agus a bhí ag fágáil Dhún Éideann ag 6.a.m inniu sa gcaoi agus go mbeidís i Ruislip faoin am a dtosódh an cluiche idir Maigh Eo agus Londain.

Is beag duine a bhfuil oiread d’imirt na gConnachtach feicthe aige le blianta beaga agus atá ag an iriseoir John Fallon – chaith seisean cúpla séasúr freisin mar bhainisteoir ar an bhfoireann nuair a tháinig an ghairmiúlacht chun cinn i dtosach sa rugbaí. D’aithin seisean é féin inné go raibh an stair á scríobh lasmuigh den staid agus d’fhág a shuíochán i mbosca an phreasa go ndeachaigh i measc an tslua.

Ar an mbealach anonn ar an eitleán Déardaoin bhí Robbie Henshaw trasna uaim. D’inis sé dom faoi phíosa de thráthnóna a chaith sé féin agus Bundee Aki ag iascach agus ag iomramh amach ón Spidéal le gairid. Oiread agus an priocadh féin ní bhfuaireadar, a deir sé, ach gur thug siad faoi phíosa iomartha a dhéanamh i gcurach chanbháis.

Sa líne slándála san aerfort sular fhágmar ba é fear Bhearna, Ronan Loughney, a bhí sa scuaine romham. Ba í teanga na nGael amháin a labhair muid le linn na ndeich nóiméad a thóg sé dul trí na meaisíní. Nuair a shroich muid an t-aerfort thall chas Gaeilgeoir eile dom – uachtarán Bhrainse Chonnacht den IRFU, Gerry O’Donnell as Béal an Átha.

Ba é bua na gConnachtach scéal mór an lae, ach chomh tábhachtach céanna bhí an bealach ar bhaineadar amach é. Tá Cúige Laighean ag cloí cuid mhaith leis an seanchóras – gluaiseacht amháin, téigh chun talún, déan arís agus arís eile é. Ar an láimh eile fágann stíl Pat Lam a chuid imreoirí siúd ag úsáid leithead na páirce mórán chuile sheans a thagann an bealach. Ní raibh cúige Laighean ullmhaithe faoina chomhair sin inné agus bhain úd O’ Halloran agus Adeolokun an mothú astu.

Ní le fonóid a bhí cuid de lucht leanta an iarthair ag rá inné gurb é an faitíos is mó atá anois orthu go bhfaigheadh Lam job Joe Schmidt.

Tá sé ag dul ó thuiscint orm cén chaoi a gceapann seisean gur fearr an rogha Dave Kearney a thabhairt chun na hAfraice Theas ná Matt Healy, ach beidh lá eile ar an scéal sin. Faoi cheiliúradh na Gaillimhe ar an mbus gan díon a bhí an lá inné.

Fág freagra ar 'Dá siúlfadh cat Pat Lam amach chuirfí an fháilte chéanna roimhe…'