Dá ndéanfaí a leithéid d’éagóir ar mhuintir Árann ba ghearr go mbeadh na hoileáin ‘trí thine’ ag sagart Árann

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (06 Deireadh Fómhair 1916) …uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Dá ndéanfaí a leithéid d’éagóir ar mhuintir Árann ba ghearr go mbeadh na hoileáin ‘trí thine’ ag sagart Árann

Claíomh-120

27. (Iomlán 963).                            Cláraithe mar pháipéar nuachta.                            Deireadh Fómhair 7, 1916                            Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Ghabh iascairí Choillte, Co. an Chláir, 80,000 ronnach an tseachtain seo caite. Ní raibh salann le fáil sa chontae leis an iasc a leasú. Bhíodh cóir leasaithe sa chontae faoi chúram Bhord na gCeantar Cúng go dtí le gairid ach ghabh mian sábhála airgid an Bord agus d’fhág siad iascairí an Chláir gan salann agus gan cóir leasaithe. Chuir sagart paróiste Choillte scéal ar na nuachtáin i dtaobh fhaillí an Bhoird.

Gearán seo na n-iascairí baineann sé le gach aicme in Éirinn. Tá na Boird ann chun féachaint i ndiaidh ár ngnóthaí, agus chun rudaí a dhéanamh nach bhfuil aon teacht suas leo againn féin. Ní hionann iad agus lucht tálta déirce, mar is é ár n-airgead féin atá á thál acu. Bord do na feirmeoirí beaga agus do na hiascairí is ea Bord na gCeantar Cúng, agus seo anois iad agus iascairí Chontae an Chláir fágtha gan cóir leasaithe éisc acu. Is breá an teastas don Bhord an scéal seo ón gClár. Tá sé chomh breá sin go mba cheart é a insint do gach sceach in Éirinn.

Tá Éireannaigh ar an mBord – Éireannaigh uile nach mór baill an Bhoird. Céard atá á dhéanamh acu ar son na mbocht agus ar son na gceantar bocht? Baineann an obair seo, leasú agus díol éisc, le slí bheatha na mílte duine. Níl aon slí bheatha eile acu. Ní féidir leo maireachtáil gan cóir leasaithe a bheith acu. Bhain an Bord an chóir sin díobh. Is ionann é sin agus a slí bheatha a bhaint díobh. Déantar a leithéid sin de ghnó in aimsir chogaidh, ach is namhaid a dhéanann é. Tá sé á dhéanamh in Éirinn ag Bord Éireannach.

Baineann an scéal linn ar fad. Níl aicme againn nach bhfuil ar scáth boird éigin. Tá a fhios ag an bhfiach nach bhfuil aon bhord acu dílis don tír agus go mb’fhearr leo leas na tíre a ligean tharstu ná rud ar bith ar fhónamh a dhéanamh dá gcuirfeadh an rud sin éad ná múisiam ná fearg ar an muintir thall. Is minic a dúradh an méid sin cheana agus níl an éagóir leigheasta go fóill. Níl leigheasfar ar chor ar bith í mura mbíonn daoine de shíor ag éileamh a gceart agus ag gearán na mbord.

Da ndéanfaí éagóir bheag ar aicme láidir acmhainneach bheadh an sop sa bharrach agus an barrach trí thine ar an bpointe. Nuair a cuireadh cáin ar an leann dubh ba mhór an raic a bhí ar siúl gur baineadh de arís í. Nuair a iarradh an costas poist ar na nuachtáin b’ardghlórach iad nó gur laghdaíodh é. An dream beag, na bochta nach bhfuil aon nuachtán dá gcuid féin acu níl aon duine le labhairt ar a son ach an sagart paróiste. Tá na Feisirí ina mbalbháin; tá na nuachtáin ina dtost.

Tá súil againn go leanfaidh sagairt Choillte den troid seo nó go mbeidh toradh uirthi. Dá ndéanfaí a leithéid d’éagóir ar mhuintir Árann ba ghearr go mbeadh na hoileáin ‘trí thine’ ag sagart Árann, agus ní díomhaoin a d’fhanfadh sé dá mba rud é nach ngéillfí dó. Sin é an fáth a bhfuil cóir leasaithe ag iascairí Árann agus go dtugann an Bord aire dá ngnó. Má ardaíonn iascairí Choillte a nglór lena ngearán a chur in iúl gheobhaidh siad cabhair agus éisteacht. Fir chróga is ea na hiascairí. Nuair a d’fhóir siad ar fhoireann loinge beagán blianta ó shin, mhol Rialtas na Fraince go hard iad. Mhol, ach ní fiú le Bord Éireannach salann dá gcuid éisc a thabhairt dóibh.

Na Gaeil atá ar an mBord is cosúil go mbíonn easpa misnigh ag gabháil dóibh i gcónaí i láthair Ghall. Cuirtear fuinneamh agus spreagadh iontu agus cuirtear i gcéill dóibh gur le ceart fear Éireann a éileamh atá siad ar an mBord. Ná glactar leis an leithscéal go bhfuil ganntanas airgid ar an mBord. Níl sé sa dlí go mba cheart slí bheatha a bhaint d’aon duine leis an Rialtas a chothú. Agus ba chóir do lucht dlí a dhéanamh an dlí a chomhlíonadh.

Is amhlaidh atá na Boird faoi láthair, tá siad ag iarraidh gan mórán den airgead a bhailítear mar cháin sa tír seo a chaitheamh sa tír. Tá siad ag iarraidh an t-airgead go léir a fháil do Shasana. Má ligtear dóibh beidh an t-airgead ar fad á chur go Sasana acu ar ball, cé is moite don mhéid a chaitear ar na síothmhaoir. Tiocfar anuas ar an nGaeilge ar ball; dúnfar na scoileanna ceardúla agus scoileanna eile, agus beidh an cháin á hardú i ndiaidh a chéile nó go lomfar sinn – má fhulaingímid an éagóir seo ar na hiascairí.