Dá mbeadh Gaeilge ag Donald Trump, cén leabhar a bhronnfá air?

Agus féile Leabhra Feabhra mar inspioráid againn, chuireamar ceist ar roinnt daoine cén duine ar mhaith leo leabhar Gaeilge a bhronnadh air agus cén leabhar a bhronnfaidís

Tá Leabhra Feabhra buailte linn arís, an fhéile leabhar Gaeilge ar cuireadh tús léi cúpla bliain ó shin sa Bheilg le cainteoirí Gaeilge a chur ag léamh. An smaoineamh atá taobh thiar de Leabhra Feabhra, ná go gceannaítear leabhar Gaeilge do chairde, do chomhghleacaithe agus do ghaolta agus go mbronntar orthu ar Lá Fhéile Bríde iad. D’fhiafraigh Tuairisc.ie de roinnt daoine cén leabhar Gaeilge a bhronnfaidís mar fhéirín Lá Fhéile Bríde agus cén duine mór le rá a mbronnfaidís air é…

Bhronnfadh Alan Titley

Rocky Ros Muc le Rónán Mac Con Iomaire…

ar Conor McGregor.

Conor McGregor. INPHO/Emily Harney

Mholfainn é toisc gur tuairisc é ar an ealaín uasal, seachas ar an ealaín bhuile bharbartha. Mholfainn é mar baineann le fear umhal, Seán Ó Mainnín, nár dhein gaiscíoch de féin, bíodh gur ghaiscíoch ba ea é. Mholfainn é ar son go bhfoghlaimeodh sé rud éigin as, go háirithe faoi scileanna na ndorn, seachas ailp a bhaint as daoine nó speach sna magairlí nó cloigeann a shlogadh. Mholfainn é mar seans go ndéanfadh duine níos fearr as.

Bhronnfadh Ciara Ní É

An Béal Beo le Tomás Ó Máille…

ar Matthew McConaughey.

Léirigh Matthew McConaughey an spéis atá aige sa Ghaeilge le déanaí, agus mar sin mholfainn An Béal Beo don aisteoir. Leabhar tábhachtach é, breac le focail úsáideacha agus nathanna deasa cainte, chomh maith le heolas spéisiúil sanasaíochta. Éiríonn leis an Máilleach an t-eolas a sholáthar ar bhealach so-léite. Tá an leabhar roinnte ina rannóga éagsúla, agus is maith sin – gach seans gur mó úsáid a bhainfeadh McConaughey as focail a bhaineann le ‘beannachtaí’, ‘an aimsir’, agus ‘pósadh’, ná na focail a bhaineann leis ‘an mhóin’ nó ‘na fataí’!

Bhronnfadh Seán Tadhg Ó Gairbhí

Gluaiseacht le Alan Titley…
ar Donald Trump.

Ní fear mór leabhar é Donald Trump. Faoi mar a dúirt staraí amháin, is léir go gcreideann Uachtarán Mheiriceá “that knowing things is almost a distraction”. Mar sin féin, raghainn sa seans agus chuirfinn cóip de Gluaiseacht le Alan Titley isteach i bhfolach faoin tseamróg i mbabhla an Taoisigh.

Úrscéal gairid é Gluaiseacht a mairfidh a cháil i bhfad. I bprós atá idir liriciúil agus lom, déanann an Titlíoch cur síos cumhachtach, corraitheach dúinn ar chás an teifigh agus ar an ngluaiseacht ar dlúthchuid de bheatha an duine í, pé is áin nó nach áin linn é. 

Ní luaitear san úrscéal ainm an phríomhcharachtair, ach d’fhéadfaí ‘Donald Trump’ a thabhairt air in eagrán speisialta an Uachtaráin chun a aird a tharraingt ar a bhronntanas. Agus, b’fhéidir, an clúdach a athrú chun go mbeadh pictiúr de Trump féin air. Nó b’fhéidir gurbh fhearr Gluaiseacht a sheoladh chuige tvuít ar tvúit.

Bhronnfadh Cormac Ó hEadhra

An Nollaig Thiar le Breandán Ó hEithir…
…ar Mick O’Connell as Dairbhre.

Pictiúr: INPHO

Is leabhar iontach faoi ghnásanna na Nollag in Árainn é. Thabharfainn do laoch Chiarraí é ar chúpla cúis. Oileánach agus Gaeilgeoir bródúil é a thuigeann an tábhacht atá le hoidhreacht chultúrtha na tíre. Agus bhí a bhreithlá ann le gairid agus tá bronntanas tuillte aige. É sin ráite, seans maith go bhfuil an leabhar seo léite ag an bhfear léannta seo cheana!

Bhronnfadh Bridget Bhreathnach

Is Fuath Liom Dul ar Saoire le Gérard Moncomble…
…ar Barack Obama.

Thabharfainn an pictiúrleabhar Is Fuath Liom Dul ar Saoire (Futa Fata 2013) do Bharack Obama. Théis a bhfuil tite amach ó chuaigh sé ar laethanta saoire breis is seachtain ó shin, déarfainn go mbeadh bá aige leis an gcaitín bocht Máire Treasa Mí-Abha.

Ní maith le Máire Treasa Mí-Abha dul ar saoire agus cén t-iontas di é: téann gaineamh i do chluasa, bíonn tú leathmharaithe ag an teas, agus, i gcás Obama, níl a fhios cén scrios atá ar bun ag an té a d’fhág tú i bhfeighil an tí.

Bhronnfadh Pól Ó Muirí

Éagóir…le Seán Ó Cuirreáin…
…ar Paul Givan.

Do bharúil an bhfuil Paul Givan, iar-aire de chuid an DUP, ag tochas a chinn agus ag machnamh faoina chroí cad é mar a tharla sé gur bhain sé deontas £50,000 de lucht na Gaeilge sa Tuaisceart agus go mbeidh, de réir tuairiscí, costas £5 mhilliún ar an toghchán tionóil dá bharr sin?

Bí ag caint ar chur amú airgid agus bí ag caint ar ghaois na nGael agus an seanrá sin: is minic a bhris béal srón – nó banc – sa chás seo!

Molaim cóip den leabhar Éagóir (Cois Life) le Seán Ó Cuirreáin a chur chuig Givan le go dtuigfidh sé an tábhacht atá le teanga i saol daoine. Is é is croí leis an scéal crochadh éagórach agus príosúnacht saoil a rinneadh ar dhaoine neamhchiontacha de bharr a n-éagumais i mBéarla.

Scéal uafásach atá ann agus scéal a léiríonn an rud a tharlaíonn nuair a dhéanann údaráis neamhiontas de theanga an phobail. Daoine a labhrann teangacha le chéile. Is rud an-bhunúsach í teanga i gcumarsáid dhaonna agus, ar ndóigh, caithfidh duine amháin éisteacht le duine eile agus é ag caint. Cothaíonn teanga cumarsáid agus caidreamh agus is fearr bheith líofa i dteanga ná cluas bhodhar a thabhairt di.

Is fíor nár crochadh duine ar bith de bharr chinneadh an DUP an deontas beag a tharraingt siar. Bhuel, ní fíor ar fad. Chroch an DUP iad féin – agus is beag duine a chreideann gur éagóir a bhí ann!

Fág freagra ar 'Dá mbeadh Gaeilge ag Donald Trump, cén leabhar a bhronnfá air?'

  • Pádraig Ó Baoill

    Osama, Obama, Ó, a Mhama! le Ré Ó Laighléis