Dá mbeadh daoine fásta ag foghlaim staire, agus an t-aos óg ag foghlaim Gaeilge bheadh an scéal go maith againn

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (30 Meán Fómhair 1916) …uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Dá mbeadh daoine fásta ag foghlaim staire, agus an t-aos óg ag foghlaim Gaeilge bheadh an scéal go maith againn

Claíomh-108

26. (Iomlán 962).                          Cláraithe mar pháipéar nuachta                          Meán Fómhair 30, 1916                          Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Is binn linn an scéal go bhfuil na craobhacha ag tabhairt aghaidh ar an obair arís. Tar éis a bhfuil ráite againn le ráithe anuas ní mór dúinn dul in éadan an ghnó feasta, agus is maith linn go bhfuil tús déanta sa chathair cheana féin. Tá áras nua tógtha ag na ‘Céitinnigh’ – 16 Cearnóg Pharnell; teach mór fairsing is ea é a bhfuil slí ann do ranganna agus do lucht grinn. Imríodh díth daoine ar mhuintir na craoibhe seo ach má imríodh féin tá siad go láidir agus go líonmhar fós, agus cé gur teach mór an t-áras nua ní raibh sé sách mór don slua a bhí ann ag an gcéilí Dé Sathairn.

Ní féidir múinteoirí na ‘gCéitinneach’ a shárú mar mhúinteoirí Gaeilge agus ní féidir ‘Céitinneach’ a shárú i nGaeilgeoireacht. Go mion minic thug lucht na craoibhe sciath an Oireachtais leo agus rachaidh sé rite leo nó béarfaidh leo arís í. Níl aon lucht grinn sa chathair chomh siamsúil leo. Ní aon dream Gael sa tír chomh tugtha do Ghaeilgeoireacht is atá siad san, agus má tá amhras ar aon duine faoi sin buaileadh sé chucu isteach oíche a mbeidh díospóireacht acu. Téadh sé ag sáraíocht leo agus ní fada go dtuigfear dó go bhfuil clann dhílis ag cuid de na seanGhaeilgeoirí, daoine óga atá oilte ar stair a dtíre, agus ar litríocht Ghaeilge.

An tseachtain seo chugainn osclófar an Ardchraobh don lucht foghlama. Is clos dúinn go bhfuil cuid de na seandaltaí ar an lucht stiúrtha arís, agus gur ag dul in óige atá siad. Is maith an scéal nach ndeachaigh dá ndílse mar go bhfuil a gcabhair agus a gcríonnacht ag teastáil uainn faoi láthair. Nuair a bhíonn an chríonnacht agus an óigeantacht le chéile bíonn láidreacht ann agus dul chun cinn. Ba mhinic don Ardchraobh a bheith i mbearna an bhaoil. Is í an chéad chraobh den Chonradh a cuireadh ar bun í. Níor chlis sí riamh orainn i gcomhrac. Ba chóir go mbrostódh scéal a gníomhartha aos óg na cathrach chun machnaimh agus chun oibre.

Muintir na gCúig gCúigí beidh siad ag obair gan rómhoill. Ní gá dúinn a ngníomhartha a fhógairt mar go bhfuil a gcáil ar fud Bhaile Átha Cliath le fada. Feictear dúinn go bhfuil laige ag gabháil do na craobhacha beaga. Ní hí faillí lucht na gcraobh féin atá ciontach leis sin ach faillí Gael nach bhfuil in aon chraobh. Caithfear cúnamh a thabhairt do na craobhacha beaga agus tá súil againn go gcuirfidh na leisceoirí an scáth agus an leisce díobh, agus go dtiocfaidh siad le cabhrú linn feasta. Tá na céadta Gael sa chathair nach mbaineann leis an gConradh. Tá obair dóibh sna craobhacha má thagann siad isteach.

Tá na craobhacha ar fad ar bheagán daoine i gcomórtas leis an méid daoine óga atá sa chathair. Níl an slua mór ag teacht chugainn mar ba mhaith linn, agus ní mór dúinn iarracht a dhéanamh lena mealladh linn. Ní mór an iarracht sin a bheith á déanamh i gcónaí againn ó thús go deireadh na bliana. Teastaíonn brostú agus síorbhrostú ón slua agus mura ndéantar é beidh cluas bhodhar acu orainn. Dá mbeadh an saol sa Chonradh go beo meanmnach ní bheadh daoine ag éalú uainn. Dá mbeadh soiscéal bríomhar á chraoladh againn bheadh an slua ag teacht chugainn i gcónaí.

Cén chaoi  a bhfuil an obair ag dul chun cinn faon tuath? Tá obair do leathchéad timire dá mbeidís ann. Níl siad ann, agus níl sé ar chumas an Chonartha iad a chur ag obair faoi láthair. Tá beagnach leathchéad duine ar an gCoiste Gnó, áfach, agus beimid ag súil go ndéanfaidh siad san mórán timireachta. Bhíothas á rá go mbeadh coistí cúige againn ach ní bhfuaireamar aon tuairisc uathu go fóill. D’fhéadfadh baill gach cúige teacht le chéile agus obair a leagan amach dóibh féin, agus tar éis sin d’fhéadfaidís neart a bhailiú i ngach contae agus ceantar agus craobhacha a chur ar bun.

Ba chóir dúinn ranganna chun stair a mhúineadh a chur ar bun i ngach aon áit. B’fhurasta é sin a dhéanamh sa Ghaeltacht, agus sa Ghalltacht féin dhéanfadh ranganna staire mórán maitheasa do na Béarlóirí agus do ghluaiseacht na teanga. Brostaíonn an stair daoine chun na Gaeilge agus ní dochar úsáid a bhaint as an mBéarla leis an nGaeilge a chur chun cinn. Dá mbeadh daoine fásta na Galltachta ag foghlaim staire, agus an t-aos óg ag foghlaim Gaeilge bheadh an scéal go maith againn. Bheadh suim mhór sa Chonradh ag na daoine fásta agus bhrostódh an tsuim sin an t-aos óg chun na Gaeilge .