Dá mbeadh Arlene Foster glic, ghéillfeadh sí d’Acht na Gaeilge

I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann leis an mBreatimeacht agus Stormont, seans go gcúiteofaí beart dearfach

Dá mbeadh Arlene Foster glic, ghéillfeadh sí d’Acht na Gaeilge

Tarraingíonn Leo Varadkar aird. Rinne sé é sin nuair nach raibh ann ach cúlbhinseoir. Mar is dual dó tharraing a chéad chuairt aneas mar Thaoiseach aird i dTuaisceart Éireann. Chinntigh sé é sin seachtain ó shin leis an sáiteán chuig an mBreatain faoin teorainn – ‘déanaigí bhur gcuid ullmhúchán féin  tuige an ndéanfadh sinne an obair daoibh?’.

Ní nach ionadh bhí fearg ar an DUP.

Ach bhí áthas an domhain ar náisiúnaithe a mhaígh go raibh sé thar am a mheabhrú do na Tóraithe agus don DUP go raibh siad freagrach as a roghanna féin. Freagraí intuartha, ar ndóigh, ach níor cheil ceachtar acu an bhunfhadhb go raibh gach rud trína chéile i ngeall ar éiginnteacht agus doiléire faoin mBreatimeacht. Scéal thairis ach údar suime ag a lán ab ea go raibh Gerry Adams sásta leis an Taoiseach, an rud is annamh is iontach.

Ba é an rud ba shuntasaí faoi cháineadh an DUP ar an Taoiseach roimh a gcruinniú Dé hAoine nach ndeachaigh siad i ngleic le croí an scéil, easpa moltaí ó lucht an Bhreatimeachta.

Chuir siad ‘taidhleoireacht bharr buabhaill’ ina leith. Ní raibh sé cuidiúil, a dúirt Arlene Foster agus b’fhearr a bheith ag comhoibriú. Fearacht Theresa May, Príomh-Aire na Breataine, tá liosta ag an DUP de nathanna leamha faoi theorainn neamhachrannach.

Níl feoil ar bith ar an gconablach sin áfach agus tá frustrachas Bhaile Átha Cliath agus Michel Barnier sothuigthe. Bhí náisiúnaithe ag súil gur chuir an Taoiseach a mhíshástacht in iúl don DUP go neamhbhalbh.

D’fháiltigh an DUP roimh éileamh an Taoisigh go n-athbhunófaí an Feidhmeannas i Stormont. Dúirt siad nach raibh tada ab ansa leo ná athnuachan Stormont.

D’fhill Arlene Foster óna laethanta saoire le fógairt gurbh í an fhadhb nár mhian le Sinn Féin Stormont a chur ar ais ar a bhoinn. Seafóid, arsa uachtarán Shinn Féin Gerry Adams, a d’fhógair go gcuirfeadh sé féin a shaoire ar ceal chun athbhunú Stormont a phlé ar an toirt.

Ní lena chéile a dúirt siad an méid sin ar ndóigh, ach ar na meigeafóin!

Tuigim go raibh an Taoiseach ag iarraidh a fháil amach ón dá pháirtí cé na céimeanna a bheidís toilteanach a ghlacadh chun Stormont a athbheochan. Cad is brí le ‘toil’ an DUP a dhul ar ais ar an toirt? Acht Gaeilge? Barántas nach mbainfidís leas as achainí chásmhaireachta chun stop a chur le cinneadh na dTeachtaí Tionóil go gceadófaí pósadh comhghnéis? Barántas gur ar bhonn comhionannais a roinnfí cumhacht murab ionann agus go drogallach le ‘rogues and renegades’?

I gcás Shinn Féin, an mbeidís toilteanach gan cloigeann Arlene Foster a éileamh? An nglacfaidís léi mar Chéad-Aire roimh thoradh an fhiosraithe faoin RHI – an scéim fuinnimh inathnuaite a chuir an lasair sa bharrach i Stormont breis is leathbhliain ó shin?

Ó tharla meas agus urraim a bheith á n-éileamh go seasta ag Sinn Féin ón Nollaig seo caite, an dtabharfadh siadsan barántais go léireoidís meas agus urraim ar dhreamanna eile, murab ionann agus an drochmheas agus an tarcaisniú a bhí mar cheol aitheantais acu i leith na bpáirtithe beaga?

Ní dhéanfaidh diúltú do Stormont, cheal comhionannais, dochar ar bith do Shinn Féin i measc a lucht tacaíochta. Ní dhéanfaidh sé aon dochar dóibh sa Phoblacht ach an oiread fad is atá an DUP neamhghéilliúil. Tá éiginnteacht faoi imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach ag cur isteach ar gach gné den saol, an pholaitíocht go háirithe. Níl éinne cinnte faoi ach Arlene Foster agus a páirtí. Ach níl fianaise ar bith againn go bhfuil guth ag Tuaisceart Éireann sa phlé faoin mBreatimeacht.

Is ar an DUP atá brú chun an tsáinn logánta a fhuascailt.

Tá Stormont i bhfad níos luachmhaire don DUP ná d’éinne eile. Tá níos mó daoine acu ag brath ar thuarastail Stormont agus níos mó dúil acu féin agus a lucht tacaíochta san déabhlóid agus sa teach bán ar an gcnoc.

Dá mbeadh Foster agus a comhairleoirí glic, thairgfeadh siad Acht na Gaeilge, pósadh comhghnéis agus araile. Bhí siad in ann cuma dhearfach a chur ar athrú polasaí cheana dá lucht leanúna.

Dhéanfadh sé sin tástáil ar chur chuige Shinn Féin.

Ní fheadar ar phléigh an Taoiseach Varadkar na ceisteanna sin.