Dá mba Ghael í Wonder Woman an imreodh sí peil na mban nó camógaíocht?

SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Ceisteanna tromchúiseacha atá ag dó na geirbe ag an Saighdiúir an tseachtain seo: droch-chaighdeán na peile i gCúige Uladh; Wonder Woman; ceist na teorann; agus cúrsaí mórtas cine

Dá mba Ghael í Wonder Woman an imreodh sí peil na mban nó camógaíocht?

Seans, má léann tú an colún seo go rialta, gur mhothaigh tú claonadh beag chun moladh na nUltach ann. Seans, má léann tú an colún seo go rialta, go mb’fhéidir gur thuig tú go raibh na foirne ab fhearr peile le fáil i gCúige Uladh, gurb é an cúige ab fhearr é ó thaobh iomaíochta de, go raibh an córas claonta in éadan na gcontaetha Ultacha, dá mbíodh an córas mar ba cheart ann go mbainfeadh contae as Ulaidh an chraobh gach aon uile bhliain. Seans, má léann tú an colún seo go rialta, go raibh buille faoi thuairim agat gurb é sin meon an cholúnaí seo.

Seans nach bhfuil an ceart agam.

Pictiúr: INPHO/Presseye/Matt Mackey

Seachtain eile agus droch-chluiche eile i gcraobh Uladh. Ní hea, leathchluiche measartha agus leath-dhroch-chluiche, má thuigeann tú leat mé, idir an Dún agus Arrrgh Mhacha. Léirigh Arrrgh Mhacha cad chuige a dtugtar Arrrgh Mhacha orthu. Bhí siad chun tosaigh sa chéad leath – an leath is laige acu go traidisiúnta – agus thit siad as a chéile sa dara leath – an leath is láidre acu go traidisiúnta. Droim ar ais, bun os cionn agus cluiche an-olc mar thoradh air.

Leoga, bhí tráchtairí BBC Thuaisceart Éireann agus RTÉ moltach go maith faoin chéad leath. Athrú poirt a bhí orthu faoi chríoch an dara leath. Cé a bheadh ina thráchtaire? Cad é mar a thiocfadh leat tairngreacht a dhéanamh go mbeadh an chéad leath chomh maith sin agus go mbeadh an dara leath chomh holc sin? Bhí sé ar nós gur chinn an Piarsach deireadh a chur leis an Éirí Amach Dé Céadaoin agus gan seachtain iomlán troda a  dhéanamh.

Seans, má léann tú an colún seo go rialta, go mb’fhéidir gur thuig tú go raibh na foirne ab fhearr peile le fáil i gCúige Uladh, gurb é an cúige ab fhearr é ó thaobh iomaíochta de, go raibh an córas claonta in éadan na gcontaetha Ultacha, dá mbíodh an córas mar ba cheart ann go mbainfeadh contae as Ulaidh an chraobh gach aon uile bhliain…

Ní fíor sin níos mó. Tá peil Uladh chomh holc le peil na Mumhan! Fwhat?! Ní féidir liom sin a rá? Níl sé cothrom? Tá an ceart agat. Tá peil Uladh níos measa ná peil na Mumhan. Beidh seans i gcónaí ag Ciarraí an chraobh a bhaint. Cá bhfuil an contae Ultach a bheadh in ann sin a dhéanamh faoi láthair?

Anois, ceist iontach dáiríre í seo, lándáiríre. Ceist faoi chúrsaí cultúir. Wonder Woman? Níl mé á lua mar iarracht thruacánta le léitheoirí óga a mhealladh nó mar sheift shuarach le mo chuid dintiúir chultúrtha chomhaimseartha féin a chruthú. Níl, i ndáiríre. Nó níl mé á lua le leithscéal a thabhairt don Eagarthóir pictiúr den spéirbhean sin Gal Gadot a chur ar an tsuíomh mar ní torcfhear mé. Chan é ar chor ar bith. Ceist iontach dáiríre, lándáiríre.

Dá mba Ghael í Wonder Woman an imreodh sí peil na mban nó camógaíocht?

Cónaím in áit a bhfuil trí theorainn ann – teorainn Aontroma, Ard Mhacha agus an Dúin. Tá sé iontach iltíreach agus is minic a fheiceann tú geansaithe na gcontaetha éagsúla ar dhaoine. Tá luach ag daoine ar na dathanna sin go fóill. Tharla ar an Lorgain, Ard Mhacha, oíche Dhomhnaigh mé agus chuala mé an ghlam uafásach seo ó sheanchúlhaiste. Ógánaigh de chuid an Dúin a bhí sa charr – ní hea, sa charbad – agus iad ag tiomáint trí shráideanna na Lorgan, bratacha an Dúin in airde acu agus iad ag ligean gach glam ghliondair astu féin.

Chuir sé an radharc clúiteach sin de mhuirshaighdiúirí Mheiriceá ag ardú Old Glory ar Iwo Jima i gcuimhne dom. Ba iad a bhí dalba mar ógánaigh, iad gealgháireach agus iad ag baint suilt as sonc cairdiúil a thabhairt do na comharsana.

Bhí cloigeann Ard Mhacha leo agus ba cheart sin a chomóradh ar thuath na díomua. Maireann muid beo – in ainneoin an domhandaithe!

Trua agus míle trua liom gur chaill Juve in éadan Real Madrid. Geansaí de chuid Juve a bhí orm féin le linn an chluiche nó bhí siopa sceallóg i mBaile Andarsan lá den tsaol ar le hIodálaigh é. Bhí póstaer mór ar an bhalla d’imreoir as Juve – níl a fhios agam cérbh é – agus bhí draíocht sa radharc; dán de phóstaer a bhí ann. Seo iarthar Bhéal Feirste sna 1970í agus 1980í. Bhain rómáns leis an radharc agus bhí na sceallóga blasta leis. Faraor, ní hann don tsiopa sin anois agus maireann an chuimhne i gcónaí, an tIodálach uasal i mbun an tsiopa, é ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach dá chúram i gcathair chadránta agus an póstaer a chuir bród air. Mórtas cine. Tuigeann muid uilig é sin.

Fág freagra ar 'Dá mba Ghael í Wonder Woman an imreodh sí peil na mban nó camógaíocht?'