Dá mairfeadh Tomás Ó Criomthain thitfeadh sé fuar marbh dá gcífeadh sé calaí Chorca Dhuibhne

Tá acmhainní fíorluachmhara ar lic a' dorais againn ar an gcósta thiar, ach níl an deis cheart á tabhairt ag na húdaráis do phobail an chósta chéanna aon bhuntáiste mar is ceart a bhaint astu

Tomás O Criomhthain (?)
Tomás O Criomhthain (?)

I lár an Mheithimh, 1919 bhí Tomás Dhomhnaill Criomhthain an Bhlascaoid buna-bhailithe. “Scéal nua: naomhóga a bheith ag fanúint istigh ó dhul ag iascach. Rud is ea é sin ná faca agus nár chuala riamh. Bhí muintir an bhaile i dteannta a chéile. Iad ag féachaint ar ghainéid ag ropadh síos tríd an bhfarraige i ngach áit. “A Dhuine m’anama,” arsa Mícheál, “nach mór an scrupall a bheith ag féachaint ar an iasc, agus ná fuil misneach ag aon duine chun dul ag triall air.””

Bhí an tóin tite as an margadh éisc ag na Blascaodaigh, agus ag pobail eile an chósta, tar éis deireadh an Chogadh Mhóir. Cúpla cúis a bhí leis an gcliseadh seo dar leis; bhí na báid mhóra tosnaithe ag iascach arís, bhí rósholáthar éisc ar mhargadh an Daingin agus praghas gan dealramh á fháil ag na hiascairí beaga ar chéad éisc dá réir. Chuaigh rudaí in olcas i 1921 nuair a leag údaráis na Stát Aontaithe dleacht ar gach bairille maicréal leasaithe a bhíothas a iompórtáil chun na tíre úd.

Is dócha dá mairfeadh Tomás inniu agus dá dtabharfadh sé sciuird timpeall chalaí Chorca Dhuibhne, go dtitfeadh sé fuar marbh le geit is le hochlán, mar ní hamháin go bhfuil cé an Bhlascaoid tréigthe, ach níl aon iascach á dhéanamh ó Ché Dhún Chaoin, ó Chuas na Nae, ó Chuaisín Bhaile Móir, ó Rinneach ná ón Dúinín. Níl ach bád nó dhó atá ag iascach ó Ché Cheann Trá agus ó Ché na Cathrach araon; cúpla bád eile i gCuan an Chaoil agus i mBéal Bán; n’fheadar an bhfuil leathdhosaen bád ag iascach ón mbathalach breá de ché nua a thóg rialtas an rachmais d’iascairí Bhaile na nGall ag an tráth céanna a raibh cosc á chur ar a bpríomhshlí bheatha, iascach an bhradáin.

Fiú i gCuan an Daingin féin níl ach cúpla trálaer áitiúil ag iascach as a gcaladh dúchais, cé go bhfuil flít deas bád cois cósta sa chuan úd anois.

Ní toisc maoithneachas i ndiaidh an  tsean-shaoil a bheith orm atá an méid seo á scríobh agam. Ní hé go dteastaíonn uaim go mbeadh gach duine ag iascach ó dhubh dubh i naomhóga, iad feistithe i ngeansaíos iascaigh Qhuill agus ag filleadh abhaile ar shean-bhotháin tí gan leithreas gan aibhléis.

Níl ann ach gur siomptóm agus comhartha é meath na gcalaí agus an iascaigh ar an seargadh atá ag teacht ar na pobail thuaithe a bhíodh ag brath orthu.

Bhí 60 naomhóg ar stáitse i gCuas an Bhodaigh i bParóiste Mórdhach tráth. Abair go raibh leathchéad acusan ag iascach coitianta: sin céad go leith fear ar a laghad, teaghlaigh ag brath ar chuid acu, carraeirí ag breith an éisc don nDaingean dóibh, ceannaitheoirí éisc agus hocstaeirí sa bhaile sin agus daoine ag obair i seideanna éisc á scoilteadh, á nglanadh agus á leasú i mbairillí. Iad araon ag tuilleamh a dtuarastail as an mbreac éisc a bhíodh ag ráthaíocht ar fud an chósta. B’in tionscadal breá bríomhar, tionscadal logánta áitiúil a bheathaigh na glúinte ar feadh céad go leith bliain. 

Tá acmhainní fíorluachmhara ar lic a’ dorais againn anseo ar an gcósta thiar, ach níl an deis cheart á tabhairt ag na húdaráis do phobail an chósta chéanna aon bhuntáiste mar is ceart a bhaint astu.

Níl ach 20% den ngabháil éisc i bhfarraigí na tíre seo dlite d’iascairí na tíre seo. Chuir an t-eacnamaí David McWilliams luach airgid ar an bhfíric sin in alt a scríobh sé i mBealtaine na bliana anuraidh; tógtar 1.2 milliún tonna éisc i bhfarraigí na hÉireann gach bliain, ach ní ceadmhach do bháid na hÉireann ach 250,000 tonna a leaindeáil. Téann an fuílleach thar lear. Den cheathrú milliún tonna sin, ní dhéantar próiseáil ach ar 50,000 tonna de in Éirinn. Cuireann an phróiseáil go mór le luach an éisc, agus, i bhfocail McWilliams, níl ciall a bheith ag easpórtáil éisc go hionaid phróiseála thar lear; sa tslí céanna níor dhein sé ciall eacnamaíochta beostoc a easpórtáil fé mar a bhíothas a dhéanamh sna 1950í, 60í agus 70í. Dá mbainfí úsáid mar is ceart as an iasc, d’fhéadfaí tionscadal bia mara a fhorbairt a bheadh chomh láidir le tionscal an bhia talmhaíochta a cruthaíodh ó chuamar isteach san Aontas Eorpach. D’fhéadfaí eacnamaíocht logánta a chruthú timpeall air fé mar a bhí timpeall ar iascach Chuas an Bhodaigh tamall.

Bhíos istigh i bproinnteach i mbaile an Daingin agus umar i gcúinne na bialainne agus scata fámairí gliomach istigh ann. €10 ar 100g a bhí á lorg ar an mbiachlár ar na gliomaigh. Ar eagla nach bhfuil na sums ar bhur dtoil agaibh sin €100 ar chileagram. An mhaidin chéanna bhíos i mbun allagair le hiascaire a bhí díreach tar éis a chuid gliomach a dhíol ar €12 an kilo. Cén tslí é sin chun tacú le tionscal na hiascaireachta? €100 á fháil ag an mbialann ar rud a díoladh ar €12?

Tomás Dhomhnaill Criomhthain2Tá sé molta ag an bhfeisire Eorpach Liadh Ní Riada go gcuirfí cosc i bhfeidhm ar olltrálaeir iascaigh bheith ag saothrú na bhfarraigí ar chósta na hÉireann. Deir sí gur cheart é seo a chur i bhfeidhm trí dhian-imscrúdú a dhéanamh orthu ar bhonn leanúnach d’fhonn a bpatrúin oibre a chur dá mbuille. Deir sí nach ndéantar aon mhonatóireacht ar na holl-árthaí seo, i gcomparáid leis na dianrialacha atá á gcur i bhfeidhm ar na trálaeir bheaga agus ar na hiascairí cois cósta.

I rith an gheimhridh seo caite bhí an dá árthach iascaigh is mó ar domhan – an Margiris fé bhratach na Liotuáine agus an Annelies Ilena fé bhratach na hÍsiltíre – ag iascach ar chósta thiar thuaidh na tíre. Tá an dá bhád seo i ngiorracht cúpla méadar de 150m ar fad, nó rófhada le páirceáil ar Pháirc an Chrócaigh. Go deimhin, aon lá amháin, bhí ceithre árthach i dteannta a chéile ar chósta Thír Chonaill agus dá mbeidís gob le stiúir lena chéile bheidís nach mór leathchiliméadar ar fad, nó chomh fada leis an mbóthar ón Droichead Beag suas go dtí an Holy Stone i mbaile an Daingin. Oll-árthaí, agus oll-líonta á dtarrac acu, beag beann ar ghaoth nó ar aimsir. Fanann siad amuigh nuair a bhíonn flít iascaigh agus go deimhin cabhlach na tíre seo ceangailte le cé de dheasca na doininne (14,000 tonna atá an Annelies Ilena, i gcomparáid le 1700 tonna bhratlong an chabhlaigh, an LE Eithne). Ach tá lánchead acu a bheith ann, agus táid ag cloí le rialacha Chomhbheartas Iascaigh an Aontais Eorpaigh, más fíor.

Nuair a bhíonn pobal ag brath ar acmhainn, baineann sé le ciall go dtabharfaidís aire don acmhainn céanna. Bhí biaiste ann chun bradán, biaiste maicréal agus biaiste gliomach. Bhí deis á tabhairt don stoc éisc neartú mar ní rabhthas á n-iascach i rith na bliana ar fad. Is cuma leis na hárthaí eachtrannacha fén tionchar atá acu ar an stoc, agus ní móide go bhfuil reachtaíocht ag cabhrú ach chomh beag. Nuair a cuireadh cosc ar iascach an bhradáin toisc ró-iascach a bheith á dhéanamh, dar leis na hÚdaráis (cé go bhfuil fianaise anois gur ró-iascach ar an gcloicheán ar chósta na Graonlainne is cúis le titim stoc na mbradán seachas sruthlíonta na nÉireannach), b’éigean d’iascairí méadú ar iascach gliomach. San áit go mbeadh céad nó céad go leith pota ag iascaire tá leathmhíle nó míle pota anois, agus brú ollmhór ag teacht ar líon na ngliomach dá réir.

Nach ait an rud é nach bhfuil Aire Sinsearach do chúrsaí na Mara againn ar an oileán seo? Canathaobh gur eireabaillín ar Roinn Talmhaíochta é Roinn na Mara?

Is ait an rud é gur beag ár meas mar náisiún ar an iasc nó ar an iascach, cé gur oileánaigh sinn ar fad in Éirinn. Is léir sin ón tslí a chaitheann ár Rialtas leis. Ba cheart go mbeadh sé de mhisneach ag ár Rialtas iarracht a dhéanamh ar an CFP a leasú. Ach in ionad an fód a sheasamh d’iascairí na tíre ar stáitse na hEorpa, bainid searradh as a nguaillí agus deir siad go bhfuilid fé laincis ag maorlathas an Aontais. Cuirid an milleán ar ‘dhrochbhuachaillí’ na hEorpa i gcónaí, amhail is gur coilíneacht bheag shuarach sinn gan aon smacht ar ár dtír agus ár n-uiscí féin. Deir siad linn nach féidir na dlíthe a athrú ar mhaithe lenár n-iascairí féin, mar gur aontaíodh iad 40 bliain ó shin.

Má leanann ár gcalaí agus ár bhflít iascaigh ag síogú leo, ní bheidh sna pobail máguaird ach bailte folmha nach mbeidh de nasc acu leis an bhfarraige acu ach bheith ag féachaint amach ar lucht rachmais lena mbáid phlaisteacha ag imirt agus ag déanamh spóirt amuigh ar an muir a bheathaigh a muintir féin leis na cianta. Ní hamháin go gcaillfear acmhainn eacnamaíoch ach caillfear an saibhreas millteach seanchais, staire, cultúir agus béaloidis a bhaineann leis na pobail atá ‘baiste ag na farraigí ó Newfoundland aniar’, mar a déarfadh John Beag.

Is marbhnaí an tuairisc a bhí ag an gCriomhthaineach ó Bharra na hInneonach in Aibreán na bliana 1921: “Buailim soir chun caladh na mbád tráthnóna agus bíonn gasra fear romham ann. Fir gan fonn, gan mórghreann ab ea iad agus is furaiste a aithint go bhfuil an saol dulta chun an phota an lá atá sin le rá leo, mar ba é caladh an tsuilt agus an ghrinn é go dtí seo. Bhí a líonta ansiúd agus ní raibh fear ann a gheobhadh ina mhisneach iad a chur ina bhád.”

Ná ligtear dár gcalaí a bheith gan sult gan greann amach anso.