‘Cúrsaí tíreolaíochta agus gnó is cúis leis an mbearna infheistíochta idir Gaeltacht Chiarraí agus Chorcaí’ – ÚnaG

Sé oiread infheistíochta per capita déanta ag an Údarás i gCorcaigh ná mar déanta atá i gCiarraí

udaras_051-1024x6811

Tá cosaint déanta ag Údarás na Gaeltachta ar an scéala go bhfuil bearna mhór idir an infheistíocht atá déanta acu i nGaeltacht Chiarraí agus an infheistíocht atá déanta acu i nGaeltacht Chorcaí, bearna a tháinig chun solais i dTuarascáil Bhliantúil an Údaráis do 2014, a foilsíodh le gairid.

Mhaígh urlabhraí ón Údarás gur cúiseanna a bhain le cúrsaí gnó agus tíreolaíochta ba mhó b’údar leis an scéala go bhfuil sé oiread infheistíochta per capita déanta ag an Údarás i gCorcaigh ná mar atá i gCiarraí.

€8 milliún a bhí infheistithe thar na blianta i ngnólachtaí i nGaeltacht Chorcaí a bhí fós ag feidhmiú ag deireadh 2014 i gcomparáid le €3 mhilliún i gcás na ngnólachtaí i gCiarraí, an ceantar Gaeltachta is mó agus is láidre teanga i gCúige Mumhan.

Tá na figiúirí seo bunaithe ar an méid infheistíochta a rinne an tÚdarás ó thús aimsire i gcomhlachtaí a bhí fós ag feidhmiú i ndeireadh 2014, agus níl infheistíocht chaipitil san áireamh sna figiúirí céanna.

De réir Daonáireamh 2011, bhí daonra 8,729 i nGaeltacht Chiarraí agus daonra 3,895 i nGaeltacht Chorcaí, ach fós féin bhí beagnach sé oiread infheistíochta per capita déanta ag an Údarás i gCorcaigh ná mar a bhí i gCiarraí.

Dúirt urlabhraí ón Údarás go raibh beagnach trí oiread cliant ag an Údarás i gCiarraí ná mar atá i gCorcaigh, ach go raibh “an líon fostaíochta sa dá cheantar an-ghar dá chéile”.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh “difríocht mhór idir próifíl na gcliant agus an bonn fostaíochta atá sa dá cheantar”.

 

Gaeltacht Infheistíocht % de dhaonra na Gaeltachta % den infheistíocht Ghaeltachta
Corcaigh €8 milliún 4% 10%
Ciarraí €3 mhilliún 8.6% 4.5%

 

Mar mhíniú breise ar an mbearna infheistíochta, dúirt an t-urlabhraí go mbraitheann an leibhéal maoinithe a chuireann an tÚdarás ar fáil ar “riachtanais” an chliaint, ar an gcineál gnó nó forbartha atá i gceist, ar mhéid na hinfheistíochta atá á lorg, agus ar an gceantar atá i gceist.

“I gCiarraí, is tograí turasóireachta, ceardaíochta, seirbhísí agus acmhainní mara is mó atá ag cur fostaíochta ar fáil agus is gnóthaí beaga le fostaíocht faoi 20 an mhórchuid acu.

“I gCorcaigh, tá líon ard den fhostaíocht i gcomhlachtaí déantúsaíochta. Bíonn líon ard fostaithe i gcomhlachtaí déantúsaíochta de ghnáth. I gCiarraí, níl ach comhlacht amháin ag fostú níos mó nó 30 duine; i gCorcaigh, tá cúig cinn,” a dúirt urlabhraí an Údaráis.

Dúradh go raibh an leibhéal infheistíochta “i bhfad níos airde” i gcomhlachtaí san earnáil déantúsaíochta de bharr na gcostas éagsúla a bhaineann leis an tionscal sin.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh cúrsaí tíreolaíochta mar bhuntáiste mór chomh maith ag Gaeltacht Chorcaí.

“Tá tionchar mór ag an áit a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí lonnaithe – lár tíre le hinfreastruchtúr maith bóithre agus rochtain mhaith ar chalafoirt agus aerfoirt idirnáisiúnta – i gcomparáid le Gaeltacht Chiarraí.

“Fóireann sé sin go maith don earnáil déantúsaíochta agus dá bhrí sin tá sé níos éasca togra mar sin a fhorbairt agus a fhás i Múscraí. Is beag comhlacht atá ag feidhmiú sna hearnálacha turasóireachta, ceardaíochta agus acmhainní mara atá i Múscraí.”

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite, ba i nGaeltacht na Gaillimhe a chaith Údarás na Gaeltachta beagnach leath (47%) den airgead infheistíochta a thug siad do chuideachtaí a bhí ag feidhmiú sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana 2014. Cé gur sa chontae sin atá beagnach leath de dhaonra oifigiúil na Gaeltachta, tá céatadán suntasach den daonra sin ag cur fúthu i gceantair i gcathair na Gaillimhe agus taobh thoir di nach bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail iontu níos mó.

Mar fhreagra ar cheist a chuir Tuairisc.ie ar an Údarás maidir le cé acu an gcuirtear nó nach gcuirtear san áireamh staid na teanga sna ceantair Gaeltachta éagsúla agus infheistiú á dhéanamh acu, dúradh go mbíonn an eagraíocht ag obair i bpáirt le comhlachtaí d’fhonn a chinntiú go mbíonn “tionchar dearfach” acu.

“Oibríonn an tÚdarás lena chliant-chomhlachtaí ar bhunús leanúnach le cinntiú go bhfuil a dtionchar ar an Ghaeltacht dearfach ar go leor bealaí – fostaíocht, úsáid na Gaeilge, seirbhísí agus infreastruchtúr pobail.

“Caithfear a chur san áireamh go bhfuil rogha ag aon ghnó lonnú pé áit gur mian leis. Ní fhaigheann siad aon tacaíocht bhreise de bharr lonnú/forbairt i gceantar Gaeltachta. Is dúshlán mór é gnó a fhorbairt agus a fhás in aon pháirt den Ghaeltacht agus déanann an tÚdarás i gcónaí gach iarracht tacú le gnóthaí a fhorbairt sna ceantair Ghaeltachta is láidre.”

Fág freagra ar '‘Cúrsaí tíreolaíochta agus gnó is cúis leis an mbearna infheistíochta idir Gaeltacht Chiarraí agus Chorcaí’ – ÚnaG'

  • Feardorcha

    Admhaím go bhfágann loighic an Údaráis ábhairín amú mé – tá sé níos fusa airgead mór a chaitheamh i gCorcaigh agus mar sin ní theastaíonn uainn airgead a chaitheamh i gCiarraí…
    Mura bhfuil gnólachtaí móra i gCiarraí cén fáth nach bhfuil? Cén fáth gcabhraítear leis na comhlachtaí beaga fás níos mó? Cé faoina bhfuil sé é sin a chinntiú?
    Dar lena suíomh féin:
    “Meallann an tÚdarás infheistíocht chuig an Ghaeltacht agus baineann sé é seo amach ach réimse dreasachtaí airgeadais agus neamhairgeadais a chur ar fáil d’fhiontair nua agus d’fhiontair atá bunaithe cheana féin sa Ghaeltacht.”

    Right so, tá sibh tar éis feall a dhéanamh ar Chiarraí le blianta fada anuas. Cén fáth nach dtógann duine cliste éigin an €5 mhilliún euro sin agus é a chartadh isteach i ngnólachtaí beaga i gCiarraí? Dá mbeadh 100 jab le Gaolainn cruthaithe i gCorca Dhuibhne bheadh Gaeltacht agat don chéad ghlúin eile.

    Tréaslaím arís eile le bhur dtaighde tuairisc.ie. Nach breá nár lig ár “n-ionadaithe” féin gígs na mícs astu.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    “Oibríonn an tÚdarás lena chliant-chomhlachtaí ar bhunús leanúnach le cinntiú go bhfuil a dtionchar ar an Ghaeltacht dearfach ar go leor bealaí – fostaíocht, úsáid na Gaeilge, seirbhísí agus infreastruchtúr pobail.”

    Cá mhéad ‘cliantchuideachta” de chuid an Údaráis a bhfuil an Ghaedhlig mar theanga oibre inti – ó bhun go barr?? Cá mhéad bainisteoir nó príomhfheidhmeannach sna ‘cliantchuideachtaí’ seo a bhíonn cruinnithe go hiomlán tré mheán na Gaedhlige acu??

    “Caithfear a chur san áireamh go bhfuil rogha ag aon ghnó lonnú pé áit gur mian leis.”

    Nach bhfuil sé in am, agus muid ag streachailt le géarchéim na Gaedhlige sa Ghaeltacht, coinníoll Ghaedhlige a chur ar achan chuideachta/gnó a bhunaítear sa Ghaeltacht?

    Muna ndéantar rud inteacht radacach go luath níl mórán maith bheith ag caint ar Ghaeltachtaí níos mó…

  • Concubhar

    Níl ach leath den scéal á thabhairt ag Tuairisc mar gheall ar seo. Níl san áireamh mar shampla an €2.64m a infheistigh an Údarás i Lár Ionad Bhaile an Fhirtéirigh i 2014 – nó an €10m a infheistigh an Udarás in Aislann Ghaoth Dobhair. Cén fath nach bhfuil an scéal iomlán á thabhairt? Ag iarraidh scoilteanna a chothú i bpobal na Gaeltachta atá Tuairisc, an é?