Cúrsaí reatha ar TG4 – an ag teacht nó ag imeacht atá siad?

Tá tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh againn agus dhá chlár cainte eile ag dul an doras amach

Cúrsaí reatha ar TG4 – an ag teacht nó ag imeacht atá siad?

Tá beirt de phiardaí móra sceideal Gaeilge TG4 curtha de dhroim seoil. I ndiaidh tuairim is 520 clár a chur díobh d’fhág 7 Lá slán linn ar an Máirt. Dé Céadaoin, tar éis dó 490 duine a chur fé agallamh le ceithre bliana déag anuas, d’fhág  Máirtín Tom Sheáinín cathaoir na cadrála. Luann sé Máirín na Yanks, T.K. Whitaker agus Brian Cowen i measc na gcomhráití a fhanann leis i scioból a shamhlaíochta.

Tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh mar sin agus beirt sheanfhondúirí imithe.

Bhuel tá, má tá.

Tá caint sa timpeall le tamall go bhfuil fén gceannasaí nua, Alan Esselmont, borradh a chur fé chúrsaí reatha an stáisiúin agus go mbeadh clár nua á chraoladh mar chuid de sin. Chothófaí nasc níos láidre leis an gclár nuachta agus an stiúideo mór i mBaile na hAbhann ar fáil óir go bhfuil na seónna cainte seolta amach an doras iata.

Len é sin a bhaint amach táthar ag tathant ar RTÉ luí amach orthu féin maidir leis an uair an chloig in aghaidh an lae a bhfuil dualgas orthu a sholáthar do TG4. Go deimhin, taobh amuigh den Nuacht agus cláracha áirithe do pháistí, tá sé deacair, go minic, an 365 uair an chloig seo a ríomh. Tá tú ag caint ar bhreis agus trí huaire an chloig go leith in aghaidh na seachtaine. Sin sciar maith ama i bhfianaise an lín athchraoltaí a bhíonn ar an stáisiún. Tá an ceart ar fad ag an gceannasaí luach a chuid uaireanta a iarraidh ar RTÉ. Níl aon socrú ann go fóill, nó níl sé fógartha ar aon nós.

Bhí an chuma sin ar an slán a fágadh linn ar 7 Lá Dé Máirt. Nod ann go mb’fhéidir go mbeifí ar ais sa bhfómhar ach buíochas á ghabháil leis an saol agus a mháthair ag an am céanna as a gcuid saothar le 14 bliain anuas. Deireadh na sraithe agus deireadh an chláir á bhfógairt ar a seal. Níl a fhios acu an ag teacht nó ag imeacht atá siad.

Caithfear gníomhú an-tapaidh má tá múnla nua le bheith ann do chlár cúrsaí reatha sa bhfómhar. Nó an amhlaidh go mbeidh 7 Lá ag filleadh go dtí go mbeidh an struchtúr nua curtha ar a bhonnaibh? Tá daoine áirithe ag rá go mbeadh an athbhliain ann sara gcífear an clár nua.

Cinnte tá gá le níos mó ná clár amháin cúrsaí reatha in aghaidh na seachtaine ar TG4 agus gá le níos mó acmhainní a chur ar fáil sa réimse seo. Dá mbeadh an dá cheann ann, mar aon leis an nasc leis an Nuacht bheadh an soláthar níos solúbtha agus in ann teacht i dtír ar imeachtaí a thagann gan choinne.

Ar ábhar eile measaim go bhfuil deireadh an tséasúir ‘cúrsaí reatha’ tagtha róluath. Tá an Dáil fós ina suí agus toghcháin ó thuaidh agus thar sáile ar na bioráin. Ba cheart sin a chur ina cheart mar chuid den mhúnla nua. Ina theannta sin, agus faoi mar a dúirt cheana sa cholún seo, ní rabhas riamh ar mo chompord leis an nós am na nuachta a athrú ar mhaithe le himeachtaí spóirt.

Aréir, mar shampla, b’éigean don chlár nuachta críochnú deich nóimintí luath le freastal ar chluiche iomána faoi 21.

Fág freagra ar 'Cúrsaí reatha ar TG4 – an ag teacht nó ag imeacht atá siad?'