Cúrsaí nua Gaeilge do mhúinteoirí á gcur ar fáil ag OÉ, Gaillimh an fómhar seo

Cúrsaí dhá bhliain a bheidh i gceist leis an Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach agus sa teastas iarchéime in Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí, a dhíreoidh ar mhúinteoirí cáilithe ar mhaith leo cur lena gcáilíochtaí sa Ghaeilge

Cúrsaí nua Gaeilge do mhúinteoirí á gcur ar fáil ag OÉ, Gaillimh an fómhar seo

Tá dhá chúrsa nua sa Ghaeilge do mhúinteirí le tosú in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge den chéad uair an fómhar seo.

Cúrsaí dhá bhliain a bheidh i gceist leis an Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach agus an teastas iarchéime in Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí, a dhíreoidh ar mhúinteoirí cáilithe ar mhaith leo cur lena gcáilíochtaí sa Ghaeilge.

Is do mhúinteoirí a bhain céim onóracha amach in ábhar seachas an Ghaeilge atá an tArd-Dioplóma a dearadh le cáilíocht a thabhairt do mhúinteoirí a thiocfadh le riachtanais na Comhairle Múinteoireachta don churaclam Gaeilge.

Is ar mhúinteoirí ar mhaith leo cur lena scileanna teanga agus lena gcruinneas sa Ghaeilge atá an Teastas Iarchéime dírithe. Tá súil ag OÉ, Gaillimh, múinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile, idir mhúinteoirí Gaeilge agus mhúinteoirí in ábhair eile, a mhealladh chuig an gcúrsa teanga seo.

Beidh na cúrsaí á gcur ar fáil tríd an “bhfoghlaim chumaisc”, is é sin le rá go mbeidh léachtaí, ceardlanna agus seimineáir á dtabhairt ar líne chomh maith le ceardlanna míosúla ar an gcampas. Táthar ag súil go meallfaidh an cur chuige sin níos mó daoine ar fud na tíre chun na cúrsaí a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Cúrsaí nua Gaeilge do mhúinteoirí á gcur ar fáil ag OÉ, Gaillimh an fómhar seo'

  • Dearbhla Nic Artáin

    An féidir an chúrsa a dhéanamh go hiomlán ar an idirlíon. Is múinteoir mé atá i mo chonaí sa Ghearmáin. D’fhéadfadh é seo a dhéanamh?

  • Mánus

    Is maith ann iad cúrsaí mar seo ach teastaíonn coláiste oideachais LánGhaeilge dos na bunnhúinteoirí agus meánmhúinteoirí ar an gcampas céanna.