Cúrsaí meabhairshláinte á gcíoradh ar shraith nua ar Raidió na Life

Fiosróidh Aonghus Ó Lochlainn, láithreoir ‘Cultúr Ciúnais’, an “drogall” atá ar mhuintir an hÉireann labhairt faoin meabhairshláinte agus breathnóidh sé ar na hathruithe atá tagtha ar an tsochaí le blianta anuas

AnBricfeastaBlasta_1

Cíorfaidh an craoltóir Aonghus Ó Lochlainn an “ciúnas traidisiúnta a atá ann faoi chúrsaí meabhairshláinte” in Éirinn ina shraith nua Cultúr Ciúnais ar Raidió na Life i mBaile Átha Cliath.

Fiosróidh Ó Lochlainn an “drogall” atá ar mhuintir an hÉireann labhairt faoin meabhairshláinte agus breathnóidh sé ar na hathruithe atá tagtha ar an tsochaí le blianta anuas agus an saol a bhíonn ag daoine atá buailte ag meabhairghalar.

Trí chlár a bheidh sa tsraith, a thosóidh Dé Luain 6 Meitheamh ag 18.00, agus gabhfaidh Ó Lochlainn chun cainte le daoine atá ag plé le cúrsaí meabhairshláinte, ina measc dochtúirí, daoine a bhfuil an galar orthu agus oibrithe deonacha ag bhíonn ag obair le heagrais charthanachta.

Pléifear cur chuige an stáit, an chórais sláinte agus an phobail i gcoitinne i leith na meabhairshláinte agus an chaoi a gcaitear le daoine atá ag fulaingt leis na galair sin.

“Cloisfear scéalta pearsanta, déanfar iniúchadh stairiúil, agus breathnófar ar an obair cheannródaíoch atá ar siúl chun an seanchiúnas a bhriseadh, seirbhísí sláinte níos éifeachtúla agus níos láidre a chur ar fáil, agus sochaí níos fearr, níos oscailte, agus níos tacúla a chruthú do shláinte mheabhrach na tíre,” a dúirt Ó Lochlainn.

Beidh an clár á chraoladh ar Raidió na Life gach Luan as seo go ceann trí seachtaine ag 18.00 ar 106.4FM i mBaile Átha Cliath. Is féidir éisteacht leis freisin ar líne, agus ar an aip ‘An Seinnteoir Raidió’ atá ar fáil do chórais Android agus iOS.

Fág freagra ar 'Cúrsaí meabhairshláinte á gcíoradh ar shraith nua ar Raidió na Life'

  • padraig

    Is iad na príosúin agus na sráideanna ‘na hoispidéil mheabhairshláinte’ atá anois ann seachas ‘tithe na ngealt’ a bhí ann le mo linnse. An ‘dul chun cinn’ é sin?