Cúram nua ar Victoria Beckham agus í ag saothrú €43 milliún sa mbliain faoi láthair

Tá dúshlán nua le sárú ag an iar-amhránaí leis na Spice Girls agus cuma na hóige le cur aici ar an gcomhlacht seanfhaiseanta Estée Lauder

victoria-beckham

Smideadh do mhamónna is mó a shamhlaíonn daoine óga le Estée Lauder, branda cáiliúil Meiriceánach atá ar an bhfód le 70 bliain, ach tá athrú mór i ndán don íomhá sin go luath.

Tá duine de réaltaí móra shaol an fhaisin, Victoria Beckham, tar éis conradh a aontú le Estée Lauder le sraith táirgí smididh a chur ar an margadh faoin lipéad sin roimh dheireadh na bliana seo.  Beidh an smideadh nua ar fáil sna siopaí do shéasúr an fhómhair/gheimhridh seo chugainn.

Seo an dara céim atá tógtha le gairid ag Estée Lauder le híomhá sheanfhaiseanta an chomhlachta a fhágáil ina ndiaidh agus díriú ar ghlúin níos óige. D’fhostaigh siad an mainicín fíorcháiliúil Kendall Jenner mar urlabhraí agus chuaigh siad i bpáirt léi le béaldath nua faoin ainm ‘restless’ a sheoladh tamall ó shin.

Ach is éacht níos mó fós dóibh é ceangal a dhéanamh le Victoria Beckham a bhfuil aithne uirthi ar fud an domhain mhóir mar amhránaí leis na Spice Girls, mar dhearthóir faisin agus mar bhean an pheileadóra David Beckham. 

Ba ag magadh faoi Victoria Beckham a bhí cuid mhaith daoine nuair a chuaigh sí i mbun dearadh faisin faoina branda féin ocht mbliana ó shin. Is maith a thuig sí féin go raibh daoine áirithe ag gáire fúithi, a dúirt sí, le hiris ghnó le gairid ach bhí plean eile aicise le linn do lucht an mhagaidh a bheith ag déanamh ábhar grinn di: “I was laying the foundation to what I have in place now,” a dúirt sí.  Níorbh fhada go raibh aitheantas agus ardmholadh á fháil aici ó irisí mór le rá, ina measc Harper’s Bazaar, Vogue agus an New York Times. 

Os cionn €43 milliún de theacht isteach a bhí ag a comhlacht faisin in 2014 – dhá oiread an méid a shaothraigh a fear céile le linn na bliana céanna. Díolann 400 comhlacht a cuid táirgí anois ina gcuid siopaí ar fud an domhain.

Ar ndóigh, ní hí an chéad réalta mór le rá í a chuir táirge smididh ar an margadh; tá sin déanta roimhe seo ag na Kardashians, Gwyneth Paltrow, Drew Barrymore agus Jessica Alba agus tá súil le sraith táirgí an bhliain seo chugainn faoina branda féin ó Rihanna. 

Chuir lucht leanúna Victoria Beckham fáilte mhór ar na meáin shóisialta roimh an scéal go raibh sí chun dul i bpáirt le Estee Lauder – ní miste a lua go bhfuil 9.8 milliún duine á leanúint ar Twitter!

Tá sí 41 bliain d’aois anois, agus ceathrar clainne faoina cúram, Brooklyn (17), Romeo (13), Cruz (11) agus Harper (4). Ach tá éileamh fós uirthi le hobair mhainicíneachta a dhéanamh; is í atá ar an gclúdach den eagrán reatha de Vogue China.

Deir sí go bhfuil cuma na hóige fós uirthi mar go n-itheann sí táirge ar a dtugtar ‘pailin na mbeach’ gach lá agus go dtógann sí thart ar 60 piolla vitimín ina aghaidh an lae freisin! 

An dúshlán atá roimpi anois – cuma na hóige a chur ar Estée Lauder agus glúin nua a mhealladh chuig an lipéad smididh sin.

Fág freagra ar 'Cúram nua ar Victoria Beckham agus í ag saothrú €43 milliún sa mbliain faoi láthair'