Cúram cnis den scoth ar phraghas réasúnta

Tá ardmholadh ag ár gcomhfhreagraí ar éifeacht agus ar phraghas an bhranda cúram cnis Pix

Skincare

Ba mhaith liom sibh a chur in aithne an tseachtain seo do bhailiúchán iontach de tháirgí cúram cnis a chuirfidh loinnir agus luisne na sláinte ar bhur gcraiceann. Ní táirgí nua amach ’s amach iad seo; cuireadh tús leis an mbranda Pixi Beauty deich mbliana ó shin agus gan ann ach smideadh ach tá táirgí cúram cnis curtha ar an margadh anois acu agus tá an meas atá orthu ag méadú dá réir sin.

Measaim féin gur táirgí cúram cnis den chéad scoth iad agus tá mé á n-úsáid le tamall anuas. Tá dhá chúis ar leith go dtaitníonn siad chomh mór sin liom; tá neart comhábhair nádúrtha iontu – luibheanna agus plandaí, ach thar aon rud eile, tá siad réasúnta saor i gcomparáid le cuid de na táirgí atá ar an margadh, cinn a bhfuil siad in iomaíocht leo faoi láthair. Is féidir an chuid is mó de na táirgí ó Pixi a fháil ar phraghas idir £18 agus £24 sterling.

Saineolaí ceart ar smideadh í Petra Strand, an bhean a bhunaigh an comhlacht Pixi ar dtús. Thosaigh sí le siopa búitíc i Soho, Londain ach tá custaiméirí aici anois ar fud an domhain mhóir. Bean ghnó í a bhfuil taithí aici ar shaol an-chruógach; máthair clainne í a bhfuil ceathrar páistí faoin cúram.

Tháinig sí chun suntais ar dtús nuair a sheol sí táirge ar a dtugtar Glow Tonic – tonóir a bhfuil aigéad ann chun an craiceann briosc nó marbh a bhaint den éadan. Táirge nádúrtha a thagann as cána siúcra atá san aigéad gliocóil seo agus deirtear go mbriseann sé as a chéile an gliú a choinníonn cealla marbha craicinn greamaithe ar aghaidh an duine.  Níl a leithéid de tháirge le fáil le loinnir óigeanta a fhágáil ar an gcraiceann go háirithe ar phraghas chomh réasúnta. Deir cuid de na scríbhneoirí is iomráití sa ghnó seo, ina measc Caroline Hirons, gur bunriachtanas do gach bean é an tonóir seo a bheith aici. 

Tá réimse leathan táirgí ar an margadh ag Pixi ach seo iad na cúig cinn is fearr liom féin:

Glow Tonic – £18

Ní bheinn riamh dá uireasa seo, an tonóir a d’fhág ainm in airde ar an mbranda i dtús aimsire. Táirge an-séimh é ach tá sé thar a bheith éifeachtach. Tá sé cineálta don chraiceann agus beagán aloe vera ann ach fágann sé loinnir na hóige ort tar éis duit é a úsáid. 

Pixi H20 Skindrink – £24

Mheasfá gur uisce atá tú a chur ort féin ar dtús ach líonann sé na cealla le leacht agus coinníonn sé an craiceann maoth. Mar thoradh air bíonn d’éadan bog agus mín ach ní dhéanann sé blocáil ar na póireanna.

Glowtion Day Dew – £24

Prímeálach (primer) iontach é seo a chuireann loinnir agus beocht nua i gcraiceann tirim, briosc. Tá glicrín mar chomhábhar ann rud a chiallaíonn go bhfuil sé go hálainn le húsáid faoi smideadh. Feicfidh tú go mairfidh do chuid smididh ar feadh an lae ach é seo a bheith faoi.

Hydrating Milk Mist – £18

Is geall le sprae ceo a chur ar d’éadan an táirge seo a úsáid. Buntáiste iontach é gur féidir é seo a spraeáil os cionn de chuid smididh le linn an lae le hathnuachan a dhéanamh ar do chraiceann. Mholfainn go hard é don té atá ag obair san áit a bhfuil teas lárnach láidir ann.

Glow Mud Cleanser – £18

Tá 5% d’aigéad gliocróil anseo agus glanann sé d’éadan gan é a sciúradh. Braithfidh tú iontach i ndiaidh é a úsáid le glaineacht, boige agus beocht nua i do chraiceann.  

Tá na táirgí seo ar fad ar fáil ar líne ag Pixi Beauty, Cult Beauty, Beauty Bay, ASOS agus Marks and Spencer.

Fág freagra ar 'Cúram cnis den scoth ar phraghas réasúnta'