Curaidh na bliana seo caite díbeartha ag An Daingean agus Cill Charthaigh i gcluiche ceannais den chéad uair ó 1993

Súil ar staid na himeartha sna contaetha Gaeltachta i ndiaidh chluichí an deireadh seachtaine

Curaidh na bliana seo caite díbeartha ag An Daingean agus Cill Charthaigh i gcluiche ceannais den chéad uair ó 1993

Pictiúr: INPHO/Tom Beary

Ciarraí

Fágann an imirt i gCraobh Shinsearach Peile Chiarraí ag an deireadh seachtaine go gcasfaidh an Daingean agus na Crócaigh a chéile, mar a dhéanfaidh Neidín agus an Ráth Mhór i mbabhtaí leathcheannais an chomórtais i Staid an Ghearaltaigh Dé Domhnaigh seo chugainn.

I mbabhtaí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo caite ba cheithre chúilín a scóráil siad i gceathrú dheiridh na himeartha a thug bua 0-12, 0-11 don Daingean ar churaidh na bliana seo caite, Deisceart Chiarraí.

D’fhág an chéad cheann de na ceithre chúilín as a chéile sin, a fuair Cathal Ó Bambaire, nach raibh ach an farasbarr ba lú ag fir Uíbh Ráthaigh. Chothromaigh cúilín as cic saor de chuid Paul Geaney an scór, sular chuir an fear céanna an Daingean chun cinn. Chuir Cathal Geaney (a fuair 0-6 ar fad) an Daingean 0-12, 0-10 chun cinn, sula bhfuair Bryan Sheehan an cúilín deireanach a chonacthas.

Scóráil Colm Cooper 1-5 i mbua na gCrócach ar Ó Céirín-Ó Rathaille i gcluiche inar shábháil a mbáireoir siúd, Gary Kissane, cic éirice a thóg Daithí Casey.

Agus é ag imirt mar bháireoir i gCluiche Ceannais Mhionúir na hÉireann 2014, scóráil Shane Ryan cúilín do Chiarraí, ba chúl agus an dá chúilín a fuair sé don Ráth Mhór inné, tar éis dó a theacht ar an bpáirc mar ionadaí, ba mhó ba chúis lena mbua siúd  ar Lár Chiarraí, i gcluiche ina raibh na buaiteoirí sé chúilín chun deiridh ag tráth amháin.

Bhí an t-am istigh nuair a fuair Ryan an cúl cinniúnach lena dhorn a thug an bua, 1-12 in aghaidh 0-13, dá fhoireann.

’Siad an Teampall Nua agus Neidín a imreoidh a chéile i gcluiche ceannais idirmheánach peile Chiarraí ag deireadh na míosa, ach bhí seachtar as an dá thaobh ag imirt le chéile ar fhoireann na dúiche sin a fuair an ceann ab fhearr ar na Stacaigh, 0-15 in aghaidh 0-12, agus a bhain áit amach sa mbabhta leathcheannais in aghaidh na Rátha Móire.

Scóráil an t-iarpheileadóir contae, Paul O’Connor 0-8 do na buaiteoirí.

Dún na nGall

Fágann a mbua 5-10 in aghaidh 1-11 ar churaidh na bliana seo caite Naomh Conall go bhfuil peileadóirí Chill Charthaigh i gcluiche ceannais sinsearach peile Dhún na nGall den chéad uair ó 1993. Bhí a mbainisteoir, Máirtín Beag Mac Aodha agus a dheartháir Séamus ag imirt nuair a bhuaigh siad ar na Cealla Beaga an bhliain sin, ’siad a gclann mhac Marc, Ryan agus Eoin cnámh droma na foirne anois agus scóráil Eoin ceann de na cúig chúl a bhí ag foireann Bhaile an Droichid inné ina mbua 11 cúilín ar Pháirc Mhic Cumhaill – an bhearna chéanna a bhí idir na foirne i gcraobh na bliana seo caite, ach gurbh iad na Gleannta a bhuaigh an uair sin.

Gleann tSúilí a imreoidh in aghaidh Chill Charthaigh sa gcluiche ceannais tar éis dóibhsean an bua a fháil ar Mhálainn ar Pháirc Mhic Cumhaill freisin inné, áit arbh ar comhscór a bhí na foirne ag leath-am, 0-5 an taobh.

Mhalartaigh na foirne cúilíní ag tús an dara leath, ach ansin scóráil na peileadóirí contae Neil Gallagher agus Michael Murphy (a fuair 0-4) cúilíní a thug an bua do Ghleann tSúilí 0-9 in aghaidh 0-7.

Bhain Gaoth Dobhair áit amach i gcluiche ceannais Sinsear B an chontae lena mbua  2-9, 1-10 ar Ard an Rátha inné.

I gcluichí leathcheannais sa gCraobh Idirmheánach, bhuaigh an Bheart ar Naomh Columba 1-8 in aghaidh 0-7 agus bhuaigh Baile na nGallóglach ar Aodh Rua Bhéal Átha Seanaidh, 2-10 in aghaidh 0-12.

Gaillimh

’Siad Gort Inse Guaire agus Naomh Tomás a imreoidh a chéile i gcluiche ceannais sinsir iomána na Gaillimhe i mbliana.

Scóráil imreoir an chontae, Conor Cooney 0-8 do Naomh Tomás ina mbua 1-15,1-10 ar Bhaile Locha Riach sa mbabhta leathcheannais.

Ba sa gcéad leath a scóráladh na cúil – Brendan Farrell do na buaiteoirí agus Niall Keary do Bhaile Locha Riach.

Gerard O’Donoghue a fuair an t-aon chúl a chonacthas i mbua an Ghoirt ar Chreacmhaoil, 1-17 in aghaidh 0-18, sa mbabhta leathcheannais eile,  inar scóráil Aiden Helebert 0-11 do na buaiteoirí agus Niall Healy 0-12 do na caillteoirí.

’Siad Muine Mheá agus Cill Choirín/Cluain Bheirn a imreoidh a chéile i gcluiche ceannais chraobh idirmheánach peile na Gaillimhe, tar éis do Mhuine Mheá an bua a fháil ar Áth Cinn, 3-13 in aghaidh 1-8, agus do Chill Choirín/Cluain Bheirn an bua a fháil ar Bhaile Átha an Rí leis an scór 2-11 in aghaidh 0-13.

Bhí scata de na peileadóirí mionúir a bhain Cluiche Ceannais na hÉireann ar an bpáirc nuair a bhuaigh Bóthar na Tá ar Bhearna 5-8 in aghaidh 1-8 i gcluiche ceannais Iarthar na Gaillimhe sa ngrád sin.

Sa gCraobh Shóisearach Iomána A, bhuaigh Micheál Breathnach ar Bhearna-Na Forbacha 3-22, 0-13.

Corcaigh

Ní i mbliana ar aon nós a thabharfaidh iarpheileadóir Chiarraí, Tomás Ó Sé, an dara bonn sinsir de chuid Chorcaí leis ós rud é gur bhuaigh Baile an Chollaigh ar a fhoireann, Raonaithe Nemo d’aon chúilín amháin i gcluiche leathcheannais chraobh na bliana seo ar Pháirc Uí Rinn inné, ainneoin go raibh 1-3 ar an gclár ag Nemo sula bhfuair Baile an Chollaigh aon scór – cúl a fuair Paul Kerrigan an chéad cheann a chonacthas.

Cúl dá gcuid féin a thug Baile an Chollaigh ar ais san imirt – an fear lár páirce Seán Kiely a scóráil agus d’fhág a fhoireann i bhfoisceacht cúpla cúilín de churaidh na bliana seo caite ag tarraingt ar leath ama, 1-5 in aghaidh 1-3.

Bhíodar ar comhscór ag tús an dara leath ag cúilíní a fuair Robert Noonan agus Cian Dorgan.

Luke Connolly a fuair an dara cúl do Nemo, a chuir ar ais chun cinn iadsan,  2-6 in aghaidh 1-8, ach,  chothromaigh Kevin Browne agus ba é Dorgan a fuair cúilín an bhua as cic saor eile.

I gcoinne Raonaithe Chairbre a bheidh Baile an Chollaigh sa gcluiche ceannais. Bhuaigh siadsan ar Abhainn Dubh inné 1-17 in aghaidh 0-8 agus fuair John Hayes 1-8 do na buaiteoirí.

I mbabhta leathcheannais de Chraobh Idirmheánach Chorcaí, bhuaigh Droichead na Bandan ar Chill na Martra 2-13, 2-8 – bhí foireann na Gaeltachta taobh le 3 chúilín ón imirt.

Port Láirge

Ní raibh de rogha ann ach an cluiche ceathrú ceannais i gCraobh Shinsearach Iománaíochta Phort Láirge idir Dún na Mainistreach agus Baile Gunnair a chur ar athló aréir nuair a chlis ar na soilse ar Pháirc Uí Fhearchair agus trí ceathrú den imirt déanta. Ba iad Dún na Mainistreach a bhí chun cinn 1-10 in aghaidh 0-10.

Sna babhtaí ceathrú ceannais a críochnaíodh, bhí foirne na cathrach ar comhscór, 1-21 ag  Cnoc Síon agus  0-21 ag De La Salle; bhuaigh Dún Garbhán ar an Ruán Mór 3-23 in aghaidh 2-16; agus bhuaigh an Pasáiste ar Chaisleán Cuanach 0-17 in aghaidh 1-12.

Maigh Eo

Tá an baol anois ann go mbeidh ar Choiste CLG Mhaigh Eo foireann a ainmniú leis an bhfód a sheasamh don chontae i gCraobhacha Sinsearacha Peile na gClubanna i mbliana siocair nach mbeidh craobh an chontae ansiúd críochnaithe in am – moill curtha ar an imirt sa gcomórtas sin mar gheall ar an athimirt ar Chluiche Ceannais Sinsir na hÉireann.

Sa liosta socruithe a d’eisigh Comhairle Chonnacht i dtús an tséasúir,  tá sé leagtha síos go n-imreodh curaidh Mhaigh Eo agus Shligigh a chéile i mbabhta ceathrú ceannais de chuid an chúige ar an Domhnach deireanach den mhí seo.

Níl seans faoin spéir ann go mbeidh Craobh Mhaigh Eo críochnaithe faoin tráth sin – an deireadh seachtaine seo chugainn a bheas na babhtaí deireanacha de na grúpaí ar bun agus ina dhiaidh sin beidh cluichí cáilithe, ceathrú ceannais agus leathcheannais ar bun mar aon leis an gcraobh.

Go fiú agus Comhairle Chonnacht sásta síneadh ama a thabhairt do Mhaigh Eo is ar éigean a bheas an comórtas críochnaithe, rud a fhágfaidh nach mbeidh aon rogha ag Coiste an Chontae  ach foireann a ainmniú, curaidh na bliana seo caite, Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh, seans.

Fág freagra ar 'Curaidh na bliana seo caite díbeartha ag An Daingean agus Cill Charthaigh i gcluiche ceannais den chéad uair ó 1993'