Cur le chéile in aghaidh na gcoirpeach…

Tar éis dúnmharú eile i mBaile Átha Cliath, is léir do chách an dainséar. Ach an mbeidh toradh ar an gcomhthuiscint?

Pictiúr: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Ní go minic a léirítear comhthuiscint i nDáil Éireann. Ach cuireadh na gnáthchluichí i leataobh Dé Céadaoin, nuair a d’fhreagair Enda Kenny ceisteanna faoi dhúnmharú Gareth Hutch Dé Máirt.

Ar ndóigh, tharraing Micheál Martin anuas ráiteas míchúramach an Taoisigh inar admhaigh sé nár shíl sé go mbeadh sé ábalta stop a chur leis an achrann a spreag seacht ndúnmharú go dtí seo.

Chuir ceannaire Fhianna Fáil i leith an Taoisigh gur thug sé le fios go raibh an rialtas gan chumhacht agus iad ag iarraidh déileáil leis na coirpigh a chuir Gareth Hutch chun báis Dé Máirt, agus seisear fear eile in imeacht seacht mí roimhe sin.

Rinne Enda Kenny a dhícheall chun éalú ó na líomhaintí faoi laige a ráitis. Is é a dúirt sé Dé Máirt, dar leis, ná nár chuir achainí ná impí stop riamh le leithéidí na McCarthy-Dundons i Luimneach ná le coirpigh eagraithe eile.

Is féidir le gach léitheoir a bhreithiúnas féin a thabhairt ar an dara leagan seo de ráiteas an Taoisigh. Dáiríre, níl ann ach scéal thairis má chuirtear i gcomparáid é leis an doirteadh fola agus leis an dainséar atá ag bagairt.

Gheall an Taoiseach go mbunófaí tascfhórsa áitiúil chun dul i ngleic leis na buíonta coirpeach atá gníomhach sa lárchathair thuaidh. Pléifear an clár oibre le ceannairí an fhreasúra, a dúirt sé. Agus bhí ráiteas soiléir neamhghéilliúil ullamh aige Dé Céadaoin: “I want to assure people that despite these killings, the Government, and all of us, will stand with this community.

Neosfaidh an aimsir. Ní leor briathra breátha, a dúirt Gerry Adams leis. Tá dlúthbhaint ag drugaí le cuid mhór den achrann, a dúirt sé, ach tá maoiniú na n-eagraíochtaí atá ag cabhrú le handúiligh laghdaithe go mór le tamall anuas.

Thagair ceannairí eile don laghdú ar líon na nGardaí atá ar dualgas sa cheantar sa phríomhchathair ina bhfuil daoine á marú le tamall mar gheall ar an achrann. Dúirt Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána (an GRA) níos deireanaí go raibh laghdú 140 ar líon na nGardaí sa cheantar.

Ní leor, a dúirt Enda Kenny sa Dáil, a rá le muintir lárchathair thuaidh Bhaile Átha Cliath go seasfar gualainn ar ghualainn leo. Caithfear beart a chur lenár mbriathra, a dúirt sé.

Is fiú cuimhneamh agus an chontúirt reatha á meá ar an gcaoi ar éirigh leis na Gardaí i Luimneach an lámh in uachtar a fháil ar na buíonta a bhí ag marú a chéile agus ag marú gnáthdhaoine sa chathair sin. Thóg sé trí bliana ar a laghad sara raibh rath ar a saothar.

hionann cás Luimnigh agus cás Bhaile Átha Cliath ar ndóigh, go irithe mar gheall ar fhréamhacha agus naisc idirnáisiúnta na ndúnmharfóirí atá gníomhach sa phríomhchathair.

Bhí an scríbhneoir seo i láthair fiche bliain go ham seo nuair a phléigh an Dáil dúnmharú an iriseora Veronica Guerin. Bhí aontacht ann i measc na bpolaiteoirí i 1996, agus aghaidh á tabhairt acu ar choirpigh eagraithe, cosúil ar go leor bealaí leis an gcomhthuiscint a bhí san aer i nDáil Éireann Dé Céadaoin.

Bhí dea-thoradh faoi dheireadh ar fheachtas na n-údarás in aghaidh na coireachta (ar bunaíodh an Biúró Acmhainní Coiriúla mar chuid de) scór bliain ó shin. Tá rialtas lag i gcumhacht anois, ach is léir an cur chuige fadtéarmach láidir a theastaíonn chun bagairt reatha na gcoirpeach a cheansú.

-Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Cur le chéile in aghaidh na gcoirpeach…'