Cur chuige an Fhorais maidir le maoiniú do lárionaid Ghaeilge cáinte ag Conradh na Gaeilge

Dúirt Julian de Spáinn go bhfuil an Foras ‘ag teacht chun tosaigh’ ar an gConradh agus an 80 eagraíocht eile atá ag éileamh tuilleadh infheistíochta ón dá rialtas

Cur chuige an Fhorais maidir le maoiniú do lárionaid Ghaeilge cáinte ag Conradh na Gaeilge

Tá cinneadh Fhoras na Gaeilge “teacht chun tosaigh” nó teacht roimh éileamh atá déanta ag Conradh na Gaeilge ar an Rialtas, tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sna heagraíochtaí Gaeilge, cáinte ag Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn.

Dúirt de Spáinn ar an gclár 7 Lá ar TG4 an tseachtain seo gurb é an rud is tábhachtaí faoin bpróiseas comhairliúcháin atá fógartha ag Foras na Gaeilge maidir leis an maoiniú a chuirfear ar fáil d’ionaid Ghaeilge timpeall na tíre ná go bhfuil an Foras “ag aithint go bhfuil gá le ciste” le cabhrú leis na hionaid sin, agus go bhfuil an eagraíocht “le moladh” as an méid sin.

Dúirt sé freisin, áfach, go bhfuil Foras na Gaeilge “ag teacht chun tosaigh” ar an éileamh atá déanta ag an gConradh, i gcomhar le 80 eagraíocht eile, go gcuirfidh an dá rialtas níos mó airgid ar fáil do thionscnaimh Ghaeilge.

“An cúigiú rogha nach bhfuil [luaite sa cháipéis chomhairliúcháin] ná gur féidir leis an bpobal aontú go mbeidh ciste ann do lárionaid Ghaeilge agus go mbeidh sé curtha i bhfeidhm nuair a bheidh an t-airgead ar fáil mar atá molta sa phlean infheistíochta, agus ní thuigim cén fáth a bhfuil [an próiseas] ag teacht chun tosaigh ar an éileamh atá againn ar an rialtas go bhfuil gá le hairgead,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt sé go bhféadfadh an Foras an cás a dhéanamh agus tacú leis an éileamh ar €1 milliún breise le go mbeidh siad in ann airgead a chur ar fáil d’fhorbairt na n-ionad Gaeilge timpeall na hÉireann gan airgead a bhaint ó thograí agus ionaid atá ann cheana féin, mar a luaitear sa cháipéis chomhairliúcháin.

Tá “feachtas ollmhór” ar bun ag an dá Chultúrlann ó thuaidh in éadan na moltaí atá curtha chun cinn ag Foras na Gaeilge mar chuid den phróiseas comhairliúcháin maidir le maoiniú a chur ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud fad na tíre.

Ar cheann de na roghanna a bhfuiltear ag lorg tuairimí an phobail faoi, tá an moladh go  gcuirfí uasmhéid €70,000 (£50,000) ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud na tíre agus go mbeadh maoiniú laghdaithe dá réir sin ag an dá Chultúrlann ó thuaidh.

Deirtear chomh maith go bhféadfaí an maoiniú bliantúil don dá chultúrlann ó thuaidh a laghdú thar thréimhse trí bliana (2018-2021), chun maoiniú a chur ar fáil do scéim úr na nIonad Gaeilge.

Dúirt stiúrthóir na Cultúrlainne, Aisling Ní Labhraí, gur “buille uafásach do phobal na Gaeilge” ar fud na hÉireann a bheadh ann dá ndúnfaí na Cultúrlanna ceal maoiniú a bheith ar fáil.

Moladh i dtuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta lárionad Gaeilge, ina mbeadh amharclann, caifé agus áiseanna cultúir, sóisialta, gnó agus fiontraíochta eile a bheadh ar Shráid an Mhúraigh i mBaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Cur chuige an Fhorais maidir le maoiniú do lárionaid Ghaeilge cáinte ag Conradh na Gaeilge'