Cur chuige an Aire Weir i leith an ghaeloideachais ina údar ‘imní’

Tá trí iarratas ó scoileanna lánGhaeilge diúltaithe ag an Aire Oideachais de chuid an DUP le ceithre mhí anuas

Cur chuige an Aire Weir i leith an ghaeloideachais ina údar ‘imní’

Is “údar imní” do lucht teanga ó thuaidh na cinntí i leith na Gaelscolaíochta atá glactha ag an Aire Oideachais Peter Weir ó ceapadh ina Aire é ar an 25 Bealtaine i mbliana.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go bhfuil Gaelscoil na mBeann i gContae an Dúin fós ag fanacht ar scéala ón Aire maidir le maoiniú stáit do naíscoil ar champas na scoile.

Osclaíodh an naíscoil in 2007 agus cé go bhfaigheann sí roinnt airgid ón rialtas níl stádas reachtúil aici go fóill, stádas a thabharfadh dóthain maoinithe di le gach costas foirne a íoc.

Tá trí iarratas ó scoileanna lánGhaeilge diúltaithe ag an Aire Weir le ceithre mhí anuas. Diúltaíodh i mí an Mheithimh d’iarratas Gaelscoil an Lonnáin i mBéal Feirste a athlonnú, agus diúltaíodh d’iarratais Ghaelscoil na Daróige i nDoire agus Bhunscoil an Iúir i gContae an Dúin ar mhaoiniú do naíscoileanna i mí Lúnasa.

Dúirt Conradh na Gaeilge le Tuairisc.ie gur údar imní dóibh meon an Aire i leith na Gaelscolaíochta ach gur thuig siad “an baol a bheadh ann” nuair a ceapadh ina Aire Oideachais é.

“Is cinnte gur údar imní iad na cinntí seo atá glactha ag an Aire Oideachais nua le cúpla mí anuas. Thuig muid, áfach, an baol a bheadh ann d’earnáil na Gaelscolaíochta dá bhfágfaí cúram na Roinne sin ar Aire ón DUP agus bhí ár bhfeachtas réamhthoghchánaíochta dírithe air sin.

“Tháinig an tuar réamhthoghcháin sin fan tairngreacht leis na cinntí atá déanta ag an Aire Oideachais ó shin agus tá beart déanta de réir mar a gheall an tAire agus a pháirtí sna míonna roimh an toghchán ó thuaidh,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta an Chonartha.

Dúirt sé go raibh “dualgas reachtúil” ar an Aire, mar sin féin, i leith forbairt agus fás na Gaelscolaíochta agus nach féidir leis an Aire Weir an dualgas sin a sheachaint.

“Chuige sin, tá ár mbuairimh léirithe go hoifigiúil againn le Cathaoirleach agus leas-Chathaoirleach an Choiste Oideachais sa Tionól agus beidh muid ag tacú le hiarratais na bpobal éagsúil ar son todhchaí na Gaelscolaíochta go leanúnach fud fad na Sé Chontae,” a dúirt sé.

Gheall an DUP le linn feachtas toghcháin na bliana seo go ngabhfadh an páirtí i ngleic leis an “gcóir fhabhrach” a bhí á tabhairt do Ghaelscoileanna agus scoileanna nua á dtógáil.

Mhaígh an tAire Oideachais nua níos túisce i mbliana go raibh an t-iarAire Oideachais, John O’Dowd (SF), ‘obsessed’ le scoileanna lánGhaeilge. Dúirt an tAire Pobal Paul Givan ón DUP nach raibh cothrom na Féinne á fháil ag scoileanna eile toisc gur tugadh 20% den £40 milliún a infheistíodh i ndeich scoil do Ghaelscoileanna.

Bhain an tAire Weir an maoiniú a cuireadh ar fáil do dhá scoil lánGhaeilge le hionaid tacaíochta nua a oscailt i mí an Mheithimh díobh. D’éirigh leis an bhfeachtas a chuir Scoil an Droichid agus Bunscoil Bheann Mhadagáin i mBéal Feirste ar bun chun an maoiniú sin a fháil ar ais.

Fág freagra ar 'Cur chuige an Aire Weir i leith an ghaeloideachais ina údar ‘imní’'

  • Breathnóir

    Is cosúil go mbeidh neart feachtas eile le seoladh leis an ghaelscolaíocht a chosaint ó thuaidh. An bhfuil seans ar bith ann go dtiocfadh le Enda Kenny srl. an feall seo i leith cur chun cinn na Gaeilge a cháineadh? Nó an cuma leo sa tsioc?