Cur chuige an Aire Weir cáinte agus diúltaithe aige do chúig iarratas as sé cinn ó lucht an ghaeloideachais

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil cinntí an Aire Oideachais Peter Weir i dtaobh an Ghaeloideachais ‘ag teacht salach ar an dualgas reachtúil’

Cur chuige an Aire Weir cáinte agus diúltaithe aige do chúig iarratas as sé cinn ó lucht an ghaeloideachais

Tá cinntí an Aire Oideachais Peter Weir i dtaobh an Ghaeloideachais “ag teacht salach ar an dualgas reachtúil” atá air maidir le “spreagadh agus éascú fhorbairt na Gaelscolaíochta”, dar le Conradh na Gaeilge.

Dhiúltaigh an tAire Weir dhá iarratas ar aonaid lán-Ghaeilge a bhunú le deireanas. Fágann sé sin go bhfuil cúig iarratas as sé cinn ó earnáil na Gaelscolaíochta diúltaithe ag an Aire Weir ó ceapadh ina Aire Oideachais i mí na Bealtaine.

Dhiúltaigh sé d’iarratas Ghaelscoil na mBeann i gContae an Dúin maoiniú stáit a fháil do naíscoil ar champas na scoile. Osclaíodh an naíscoil in 2007 agus cé go bhfaigheann sí roinnt airgid ón rialtas, níl stádas reachtúil aici go fóill, stádas a thabharfadh dóthain maoinithe di le gach costas foirne a íoc.

Agus an t-iarratas á dhiúltú aige, dúirt an tAire Weir go bhfuil an “t-éileamh ar áiteanna naíscoile sa cheantar á shásamh i láthair na huaire”.

An lá céanna, dhiúltaigh sé d’iarratas go mbunófaí aonad lán-Ghaeilge ag Coláiste Bhríde i nDoire. Dúnadh an scoil sin in 2008 de bharr a laghad daltaí a bhí ag teacht chun na scoile.

Dúirt an tAire Weir go gcuirfí isteach ar Ghaelcholáiste Dhoire dá mbeadh aonad nua sa chontae céanna. Déanfaidh sé cinneadh an bhliain seo chugainn faoi iarratas eile atá istigh faoi láthair do scoil nua lánGhaeilge — An Bradán Feasa —  i gcathair Dhoire.

Diúltaíodh i mí an Mheithimh d’iarratas Gaelscoil an Lonnáin i mBéal Feirste a athlonnú, agus i mí Lúnasa, diúltaíodh d’iarratais ar mhaoiniú do naíscoileanna ó Ghaelscoil na Daróige i nDoire agus Bunscoil an Iúir i gContae an Dúin.

Gheall an DUP le linn feachtas toghcháin na bliana seo go ngabhfadh an páirtí i ngleic leis an “gcóir fhabhrach” a bhí á tabhairt do Ghaelscoileanna agus scoileanna nua á dtógáil.

Mhaígh an tAire Oideachais nua-cheaptha níos túisce i mbliana go raibh an t-iarAire Oideachais, John O’Dowd (SF), ‘obsessed’ le scoileanna lánGhaeilge. Dúirt an tAire Pobal, Paul Givan ón DUP nach raibh cothrom na Féinne á fháil ag scoileanna eile toisc gur tugadh 20% den £40 milliún a infheistíodh i ndeich scoil do Ghaelscoileanna.

Bhain an tAire Weir, an maoiniú a cuireadh ar fáil do dhá scoil lánGhaeilge chun ionaid tacaíochta nua a oscailt i mí an Mheithimh, díobh. D’éirigh leis an bhfeachtas a chuir Scoil an Droichid agus Bunscoil Bheann Mhadagáin i mBéal Feirste ar bun chun an maoiniú sin a fháil ar ais.

“Leanann na cinntí is déanaí ón Aire Weir patrún soiléir a thagann le gealltanais réamhthoghcháin a pháirtí i dtaobh an Ghaeloideachais. Ó ceapadh an tAire i mbun a chúraim sa Roinn Oideachais, tá cúig mholadh as sé cinn de na moltaí forbartha a bhaineann leis an Ghaeloideachas a cuireadh faoina bhráid diúltaithe aige.

“Is rí-léir go bhfuil na cinntí seo ag teacht iomlán salach ar an dualgas reachtúil atá ar an Aire maidir le spreagadh agus éascú fhorbairt na Gaelscolaíochta,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge.

Dúirt sé freisin gur bhuail an Conradh cheana féin leis an Aire Weir chun buairt an Chonartha a phlé ach gur “léir ó na cinntí is déanaí” go bhfuil sé “ag leanúint leis an gcur chuige frith-Ghaeilge, frith-phobail” atá glactha chuige féin aige ó ceapadh é.

Rinne an Conradh éileamh ar an gCoiste Oideachais agus ar Thionól Stormont dúshlán an Aire a thabhairt agus “na mílte daoine óga atá ag freastal ar Ghaelscoileanna a chosaint”.

Fág freagra ar 'Cur chuige an Aire Weir cáinte agus diúltaithe aige do chúig iarratas as sé cinn ó lucht an ghaeloideachais'

  • Liam Mac Lochlainn

    Ní bheidh an tAire ag fáil tuairisc rómhaith ag deireadh an téarma. Chun eolas a fháil i dtaobh a pholasaí faoi úsáid na gGaeilge, léigh ‘Stádas’ ar shuíomh Gaeilge an Derry Journal: derryjournal.com – opinion.