Cur amú tallainne is ea an sceimhlitheoireacht…

Tá scéal ar leith le hinsint ag na fir agus ag na mná óga Moslamacha a atá ag filleadh ar fhód a ndúchais anois chun sléacht agus ár a dhéanamh...

National_Gallery_London_in_French_flag_colours_after_Paris_attack_(23031617681)

“Allahu akbar!” a chan an fear agus é ag éirí romham as an slua.

Bhreathnaigh mé timpeall orm féin i leathdhorchadas an halla mhóir. “Allahu akbar!” a chan sé arís. Lasadh spotsolas air, chuir sé a dhorn dúnta le clár a éadain agus thosaigh ag gluaiseacht timpeall air féin go mall, grástúil. “Allahu akbar!” a chan bean, agus d’éirigh aníos as a suíochán. “Allahu akbar!” a chan fear eile, agus d’éirigh aníos.

Faoin am seo bhí mé tar éis cuimhneamh go raibh mé ag taispeántas damhsa comhaimseartha agus nach raibh mise ná éinne eile den thart ar mhíle duine a bhí sa lucht féachana san amharclann is mó sa chathair i mbaol ár mbáis. De réir a chéile agus ina nduine is ina nduine d’éirigh scór go leith damhsóirí, a bhí ina suí i measc an lucht féachana roimh thús an taispeántais, óna gcuid suíochán. “Allahu akbar!” a chan siad, chuir a ndorn dúnta le clár a n-éadain, thosaigh ag gluaiseacht timpeall orthu féin go mall, grástúil, agus thug aghaidh ar an stáitse ansin chun tabhairt faoin gcuid eile den taispeántas.

Ach ní raibh aon aird agamsa a thuilleadh ar Chompántas Bailé Bahia (a bhí ar stáitse i gcathair Salvador, sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm) toisc go raibh an radharc oscailte tar éis tús a chur le sruth smaointe i m’aigne. Nach iontach an léiriú a bhí tugtha ag na damhsóirí ar mhodh oibre sceimhlitheoirí an Stáit Ioslamaigh? Iad ina suí inár measc i ngan fhios dúinn, ag caint agus ag comhrá linn, fiú, roimh thús an tseó – agus ag éirí aníos ansin chun an taispeántas ab fhearr riamh acu a thabhairt, a nÉirí Amach pearsanta féin.

Is ea, tá níos mó i gcoitinne ag ealaíontóirí agus sceimhlitheoirí ná mar a cheapfadh duine. Tá cead cainte agamsa: scríbhneoir mé. Agus aontaím leis an nath cainte a chloistear ó scríbhneoirí go minic: gur gníomh réabhlóide í an scríbhneoireacht. Ag insint bhréige a bheinn dá ndéarfainn nach mbím ag súil, agus mé i mbun pinn, go mbeidh tionchar éigin ag mo chuid focal ar an tsochaí. Ag insint bhréige a bheinn, leis, dá ndéarfainn nach maith liom a bheith sa spotsolas ó am go chéile.

Ach ní nach ionann agus an sceimhlitheoir bíonn an scríbhneoir, an damhsóir, an péintéir, nó pé ealaíontóir eile in ann tionchar a imirt ar an tsochaí agus an spotsolas a chur air féin gan daoine eile a chur den saol.

Bíonn a scéal féin le hinsint ag gach duine, cé nach féidir a shéanadh gur mó an brú inmheánach a mhothaíonn cuid againn sin a dhéanamh ná daoine eile. An scríbhneoir nach dtig leis focal a scríobh, an damhsóir nach n-éiríonn leis san éisteacht don phríomhpháirt, an péintéir a dhéanann sceanairt ar an bpéinteáil leathchríochnaithe nár thaitin leis – pé ealaíontóir a dteipeann air, pléascann sé. Go hinmheánach, go hiondúil. Ní thugann an t-ealaíontóir a dhéanann díobháil dó féin daoine eile leis.

Ní nach ionann agus an t-ealaíontóir teipthe, tugann an sceimhlitheoir daoine eile leis nuair a phléascann sé, oiread agus is féidir. Agus tá ealaín déanta den sceimhlitheoireacht ag an Stát Ioslamach. Ní á mholadh sin atá mé, ná baol air. Níl ann ach go bhfuil fíric á tabhairt faoi deara agam. An té a dhéanann físeán de bhású, tuigeann sé cumhacht na scannánaíochta. An té a phleanálann ionsaithe buamála go gairid i ndiaidh a chéile agus in áiteanna a mbeadh tionchar mór síceolaíoch ag a leithéid, tuigeann sé ealaín na dornálaíochta.

Oiread tallainne á cur amú, agus oiread saolta, leis.

Bíonn a scéal féin le hinsint ag gach duine, mar a dúirt mé thuas. Tá scéal ar leith le hinsint ag na fir agus ag na mná óga Moslamacha a d’fhás aníos in iarthar na hEorpa, a thug aghaidh ar chríocha an Stáit Ioslamaigh agus atá ag filleadh ar fhód a ndúchais anois chun sléacht agus ár a dhéanamh. Creidim go láidir go bhfuil a scéal á insint ar an mbealach fuilteach seo acu toisc nár aimsigh siad bealach éalaithe eile dó. Is maith atá a fhios agam gur ábhar fonóide an tuairim atá á léiriú anseo agam i súile na heite deise san Eoraip, ach dá dtiocfaí ar na hógánaigh seo cúpla bliain ó shin agus dá dtabharfaí deis dóibh a nglór féin a fhorbairt ar pháipéar, ar chanbhás, ar stáitse nó fiú sa chró dornálaíochta féin, seans go mbeadh ealaíontóirí againn anois seachas sceimhlitheoirí.