Cúpla uan earraigh ag seanreithe ciotrúnta an Sunday Game

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Tá triúracht na cabaireachta, Spillane, Brolly agus O’Rourke buailte fúthu sna cathaoireacha arís don Sunday Game

Sundaygame

Tá achar airde d’ocht soicind ag an duine daonna agus 9 soicind ag an iasc órga, dar le Pat Spillane agus Colm O’Rourke, agus iad ag cáiseamh an easpa clabhtála i gcaid an lae inniu agus ag maíomh go mba cheart cluichí na nUltach a imirt ar laethanta na seacht síon mar go n-oireann sé meon na cúige. Tá cabaireacht an Sunday Game fillte gan aon agó (The Sunday Game – Live, RTÉ 2, inné agus The Sunday Game, RTÉ 2, aréir).

Do mhóran, an léirmheastóir seo in measc, cuireann ceol suaithinseach an chláir tine ar an gcraiceann. B’amhlaidh a bhí inné agus tús á chur leis an 37ú sraith. Is deacair a thuiscint cén castróvaics a bhí ar lucht na margaíochta nuair a chinneadar fáil réidh leis an gceol roinnt blianta ó shin. Ina dhiaidh sin féin, níor thóg sé i bhfad orthu é a thabhairt ar ais nuair a thosaigh TV3 ag baint na sála díobh.

I dtosach an chláir inné, fógraíodh go mórtasach go ndéanfaí craoladh beo ar 31 cluiche i rith bhiaiste na bliana seo.  Tá triúracht na cabaireachta, Spillane, Brolly agus O’Rourke buailte fútha sna cathaoireacha agus níl cuimhneamh ag móran den lucht féachana ar a laethanta imeartha.  Cé go gcuireann siad pip ar go leor daoine, bainim féin ana-shásamh astu.

Ní bhíonn oidhre ar Spillane agus Brolly ar uairibh ach dhá sheanareithe ciotrúnta ag dul in adharca a chéile. Tá cúpla uan earraigh acu i mbliana, áfach, le Benny Coulter, Philip Jordan agus Kevin Cassidy. Ina theannta sin, beidh Henry Shefflin ann dos na camáin sna míonna atá romhainn. Is anailísí barúlach go maith é Jordan ina shaothar scríofa agus bead ag súil lena chuid tuairimí a chloisint, cé go raibh sé féin, agus Coulter, beagfhoclach go maith inné. Rud amháin a bhíonn ag dó na geirbe agamsa ná go mba cheart go mbeadh bonn (nó boinn) Uile-Éireann ag tromlach mór díobh siúd a bhíonn ar na cláracha seo.

Ní hamhlaidh a bhíonn go minic, áfach. Ní raibh bonn na creiche ach ag duine as an triúr a bhí ar an Sunday Game aréir. Teoiric eile atá sa timpeall ná go mbíonn coiscéim bhacaí san anailís acu siúd atá imithe ón gcluiche le tamall. Rud a chiallódh go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le leithéidí Thomás Uí Shé agus Philip Jordan agus go bhfuil buille na triúrachta tugtha, agus tugtha le fada go deimhin.

Cad faoin gcaid? Níor tháinig an tuar faoin tairngreacht. Bhí lucht an saineolais ag maíomh nach mbeadh ann ach sracadh, tarraingt agus guailleáil, ach in ainneoin an duaircis agus na drochaimsire, bhí cluiche maith ann. Tá an nimh san fheoil ag an dá fhoireann seo dá chéile agus bhí seo le feiscint sa shemozzle ag leath am. Tá roinnt blianta caite ó bhí Tír Eogain in aois a maitheasa, ach ina ainneoin sin, d’éirigh leo é a fhéachaint lena gcéilithe comhraic atá i measc na bpiardaí móra.

Bhí an chloch sa mhuinchille ag muintir Thír Chonaill do Sheán Cavanagh ba léir, agus ba mhinic é in adharca Eamonn McGee. I gcaitheamh an ama chéanna, bhí Justin McMahon i bhfobhrístí Michael Murphy, faoi mar a dúirt Tomás Ó Sé. Níorbh aon ábhar iontais é gur tugadh an bóthar do bheirt sa tarna leath (Cavanagh ina measc).

Tús maith. An bhfuil biaiste taitneamhach romhainn? Is ar dhóchas a mhairimid gach lá beo.

Fág freagra ar 'Cúpla uan earraigh ag seanreithe ciotrúnta an Sunday Game'

  • padraig

    Sea ‘fobhrístí’ ….ceann maith! Faid is nár chuaigh níosa shia ann!
    Ag súil go mór leis an Rí (Anraoi) agus a chuid anailíse. Má tá an teanga chomh haibidh aige is a bhí an tsúil ar mhachaire na hiomána gheobhaidh sé an-éisteacht ón lucht ‘toll le tolg’ gach Domhnach.