Cuntas ríomhphoist iarléachtóra Gaeilge curtha ar fionraí ag DCU de bharr teachtaireacht ‘mhaslach’

Bhain an teachtaireacht ríomhphoist chonspóideach le bás an Dr. Ann Louise Gilligan, iarbhall foirne de chuid DCU agus bean chéile an Aire Leanaí, Katherine Zappone

Cuntas ríomhphoist iarléachtóra Gaeilge curtha ar fionraí ag DCU de bharr teachtaireacht ‘mhaslach’

Tá cuntas ríomhphoist ollscoile an iarléachtóra agus file Gaeilge Ciarán Ó Coigligh curtha ar fionraí ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath toisc gur léirigh sé tuairimí “maslacha” i dteachtaireacht a scaipeadh ar bhaill foirne uile na hollscoile.

Ciarán Ó Coigligh

Bhain an teachtaireacht ríomhphoist, a bhfuil go leor conspóide fúithi ar na meáin shóisialta, le bás an Dr. Ann Louise Gilligan, iarbhall foirne de chuid DCU agus bean chéile an Aire Leanaí, Katherine Zappone.

I ráiteas a d’eisigh lucht na hollscoile tráthnóna dúradh gur tuairimí pearsanta a bhí i gceist sa ríomhphost agus go bhfuil an té a sheol imithe ar scor le roinnt blianta ó Choláiste Phádraig Droim Conrach, ar cuid de DCU anois é.

“Tá cuntas ríomhphoist an té atá i gceist curtha ar fionraí ag an Ollscoil. Cé go dtacaíonn Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath leis an gcoincheap gurb ionann ollscoil agus fóram inar féidir dearcaí éagsúla a roinnt agus a phlé ach é sin a dhéanamh ar bhealach a léiríonn meas, ní ghlacaimid le haon chumarsáid a thagann salach ar ár bpolasaithe agus éiteas maidir le meas agus dínit don uile dhuine,” a dúradh sa ráiteas.

Sa ríomhphost a dtagraíonn ráiteas na hOllscoile dó ghuigh an scríbhneoir Gaeilge ‘beannacht Dé ar anam’ a ‘chara mór agus iarchomhghleacaí’ Dr. Ann Louise Gilligan.

Dúirt sé gur ‘phribhléid’ dó a bheith ag obair ar thograí ar maithe le mic léinn bhochta le Ann Louise Gilligan agus a céile, an t-aire rialtais, Katherine Zappone.

Katherine Zappone le Ann Louise Gilligan i 2006. Pictiúr: Graham Hughes/RollingNews.ie

Dúirt gur mhór aige ‘cairdeas’ na beirte d’ainneoin gur dóigh leis gur ‘anord inleigheasta’ atá sa ghrá comhghnéis agus nach féidir le pósadh comhghnéis a bheith ina phósadh.

Thairg an t-iarléachtóir ansin d’fhoireann Scoil Altrachta agus Eolaíochtaí Daonna na hollscoile go dtabharfadh sé féin léacht ar dhearcadh ‘Críostaí Caitliceach’ ar an ngrá comhghnéis dóibh.

Thagair sé ansin do dhearcadh an Aire Katherine Zappone ar an nginmhilleadh, dearcadh nach dtagann sé leis.

Dúirt sé go raibh súil aige gurbh ionann ag baintreach Ann Louise Gilligan tráth a bris agus ‘tráth machnaimh’ ina ndéanfadh sí ‘athmhachnamh’ ar chuid de na ‘cúiseanna’ dá dtugann sí tacaíocht.

Thuill ríomhphost Uí Choigligh go leor cáineadh ó scaipeadh ar na meáin shóisialta é agus go leor daoine den tuairim gur mhíchuibhiúil é mar theachtaireacht.

Fág freagra ar 'Cuntas ríomhphoist iarléachtóra Gaeilge curtha ar fionraí ag DCU de bharr teachtaireacht ‘mhaslach’'

  • Mánus

    Dá scaipfeadh an tuasal Ó Coiglihgh ríomhphost ag tacú leis an bhean bhocht mharbh maidir lena dearcadh faoi chearta ban maidir le ginmhilleadh do bheith fáil ar bhonn leathan ní bheadh a sheoladh ríomphoist ar fionraí.

  • Pól Réamonn

    Dealraíonn sé a bheith ina duine tuisceanach.