Cuntas cumasach ar ghaiscí Giles, an bas acu

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Thug ‘Giles’ léargas macánta suimiúil dúinn ar fhear ar leith

Cuntas cumasach ar ghaiscí Giles, an bas acu

’Sí tuairim na coitiantachta go bhfuil Johnny Giles ar dhuine de na himreoirí sacair is fearr a fuineadh agus a fáisceadh as an tír seo. Mhaífeadh mórán, lucht a chomhaoise ach go háirithe, gurb é an bas ar fad acu, gan ach Roy Keane agus Liam Brady in ann é a fhéachaint leis.

Go deimhin in 2004 bronnadh gradam UEFA air mar an t-imreoir Éireannach ab fhearr le 50 bliain.

Pé acu scéal é is cinnte go raibh mianach faoi leith sa Bhleá Cliathach beag talmhaí agus go raibh saol sacair eachtrúil agus rathúil aige. Mar is léir ón gcéad radharc ar Bhóthar Elland i Giles, tá sé sna Táin ag lucht leanta Leeds i gcónaí.

Is aithne an anailísí atá ag an aos óg air agus is dream d’aois áirithe a chuimhníonn ar a ghaiscí le Leeds United. Cur chuige simplí go maith a tharraing Giles (RTÉ1, Dé Luain) chuige féin. Ní chuathas i muinín na gcloigne cainte (níl ach cúpla radharc fánach lena chéile comhraic/comrádaí Eamon Dunphy fiú). Deineadh meascán mearaí d’ábhar cartlainne a mheascadh le hionchur macánta an ghaiscígh. Ní hamháin go raibh sé ionraic ach bhí sé tomhaiste, agus deisbhéalach chomh maith, tréithe a aithnímid óna obair mar anailísí.

Thosaigh rudaí amach le cuntas ar Bhaile Átha Cliath a óige; áit bhocht, dhearóil le naonúr acu sáite isteach i dtighín beag dhá sheomra. Ba thruacánta an cur síos a dhein sé ar an tslí ar chaith múinteoirí leis mar gheall ar an tsuim a bhí aige sa sacar.

D’fhág an drochíde sin go raibh sé míchompordach lena fhéiniúlacht Éireannach. Ina dhiaidh sin tagann an drochbhlas don ghlúin Olé, Olé go barr uisce agus conach air leis an tuiscint gur thosaigh sacar na hÉireann i 1990.

D’ardaigh sé a sheolta leis go Manchester United nuair nach raibh sé ach sé bliana déag agus é ag traenáil leis na Busby Babes.

Labhair sé go mothúchánach faoin tionchar ag bhí ag tubaiste aeir Munich ar an gclub. Cé gur bhuaigh sé an Corn FA leis an gclub, bhí a fhios aige nach raibh aon mheas ag Busby air agus thug sé aghaidh ar Leeds United i 1963. Thrácht Giles go hionraic ar an gcloch a bhí sa mhuinchille aige do Busby ar feadh i bhfad.

Blianta ina dhiaidh sin d’admhaigh Busby gurb é an tslí ar chaith sé le Giles an botún ba mhó a rinne sé; ní nach ionadh bhain an fear é féin an-sásamh as an méid sin.

Dhein Giles agus a leathbhádóirí i Leeds gaisce thar thréimhse dhá bhliain déag agus i rith an ama sin thuilleadar cáil mar fhoireann thufáilte agus shalach; tréithe gur thug Giles a mhíniú féin orthu.

Fuaireas féin an-bhlas ar an scannán iontach úd The Damned United (2009), saothar a thug éachtaint iontach ar an 44 lá corraitheach a chaith Brian Clough le Leeds. ’Sé an táirge sin is  mó a thug cuntas dom ar ghaiscí Giles le Leeds, agus óir gur tugadh drochíde air sa scannán sin, bhíos ag súil lena chuntas féin. Bhíos ábhairín díomách leis an gcuid seo den chlár, áfach. Cé nár chuir Giles fiacail ann mheasas gur ritheadh tríd róthapa.

Ar an iomlán, áfach is cuntas simplí, ábalta é seo ar ghaiscíoch ar leith i saol an tsacair.

Fág freagra ar 'Cuntas cumasach ar ghaiscí Giles, an bas acu'

  • Pat Butler

    Ní raibh Éireannach peileadóra a b’fhearrtha ann riamh.
    John Giles – Mick O’Connell. Sin agat é.
    Níl i farrasbarr imreoirí an dá chód ach buachaillí glanta bróg na beirte.