Cuntas corraitheach ar thuras eisceachtúil in ‘Éalú as Éirinn’ ar TG4

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Lean Antaine Ó Donnaile lorg Francisco De Cuéllar i gclár faisnéise nua ar TG4, agus níl aon amhras ach go raibh scéal eisceachtúil le hinsint ann

Cuntas corraitheach ar thuras eisceachtúil in ‘Éalú as Éirinn’ ar TG4

Sa chlár faisnéise caithiseach, stóinsithe Éalú as Éirinn (TG4, aréir) tugadh cuntas ar na heachtraí a bhain den Spáinneach Francisco De Cuéllar in Éirinn i 1588. Bhí Francisco ar bord na loinge Lavia a bhí mar chuid d’Armáid na Spáinne a dhein ionradh ar Shasana leis an mBanríon Eilís a chur de dhroim seoil. Mar is eol do chách thit srathair na hainnise ar an gcabhlach 130 bád, agus chuaigh idir fhir agus bháid go tóin poill.

Briseadh ceithre bhád ar fhichid ar fharraigí suaite na hÉireann agus scriosadh an Lavia amach ó chósta Shligigh, agus is ar éigean gur thug ár laoch na cosa leis. Ní raibh ansan ach tús na heachtraíochta ar a thuras fada, achrannach ar ais chuig an bhfód dúchais.

Sa saothar uair an chloig seo dhein Antaine Ó Donnaile lorg an Spáinnigh a leanúint agus litir a scríobh an Spáinneach ar a thuras mar shaghas léarscáil taistil aige. Ag tús an scannáin dúirt Ó Donnaile linn go neamhbhalbh nach raibh aon oidhre ar De Cuéllar agus a chuid eachtraíochta ach rud éigin as James BondPirates of the Carribbean an lae inniu.

B’fhéidir gur rabhthas ag imeacht amach ón gcairt ábhairín leis an gcur síos sin, ach ina dhiaidh sin féin soláthraíodh, le cabhair na n-athchruthuithe, na beochana agus na maisiúchán, cuntas corraitheach ar an turas eisceachtúil seo. Cuireadh meitheal mhaith cloigne cainte os ár gcomhair, cuid mhaith acu ag labhairt i nGaeilge agus duine amháin i nGaeilge na hAlban.

Dúradh linn i dtreo dheireadh an chláir gurb é seo ceann de na tréimhsí ba chinniúnaí i stair na hÉireann, na Spáinne agus na hEorpa trí chéile. Bhí an reiligiún, mar ba ghnáth, i lár an achrainn. Bhí luí ag na hÉireannaigh lena gcomhghleacaithe Caitliceacha a bhí in adharca na Banríona céanna. Tráchtadh ar an gcúnamh a thug an taoiseach Brian Ó Ruairc dó i Loch Gile agus an lámh chúnta ó Thadhg Óg Mac Fhlannchadha i Loch Meilbhe ina dhiaidh sin. Buaicphointe an chláir ná cuntas a tugadh ar eachtraí Loch Meilbhe, mar a dhein buíon Spáinneach an fód a sheasamh ar chrannóg.

Bhí sochaí na hÉireann i reachtaibh mórathruithe ag an am agus Impireacht is forlámhas Shasana ag brú isteach ar an seanchóras Gaelach. Tá breathnóireacht an choimhthígh an-tábhachtach agus suimiúil, dá réir. Luann De Cuéllar go minic go raibh na hÉireannaigh fiáin ach dhein sé cur síos moltach ar a gcuma fhisiciúil agus a gcrógacht. Tagraíonn sé chomh maith dá n-éadach, a ngruaig agus an tslí nár ith siad ach béile amháin, agus b’in istoíche. Dúirt sé chomh maith nár ól siad aon uisce cé gurbh é an t-uisce is fearr ar domhan é.

Ba mhinic De Cuéllar bocht ag léimt ón tine chun na gríosaí. Sé mhí a chaith sé ag iarraidh a shlí a dhéanamh amach as an tír agus thóg sé tuairim is trí bliana air Madrid a bhaint amach. Leanann Ó Donnaile a lorg ó chontae go contae, agus as sin go Dún Éideann, Antwerp agus Madrid na Spáinne; mar a ndéanann sé dreas cainte le Hugo O’Donnell, Diúc Spáinneach de bhunadh na hÉireann.

Clár tarraingteach agus turas arbh fhiú go mór do TG4 é a thabhairt.

Fág freagra ar 'Cuntas corraitheach ar thuras eisceachtúil in ‘Éalú as Éirinn’ ar TG4'

  • Liam

    Clár ar dóigh, cinnte! Maith iad.

  • maitiu

    Ardmholadh…..ar uisce na hEireann aige. D’imigh sin is thainig seo.