Cumhacht ag Arlene Foster thall, ach ceisteanna faoin RHI fós le freagairt abhus

B’fhearr d’Arlene Foster sásamh a bhaint as cibé cumhacht atá aici i Westminster mar tá tréimhse chorrach roimpi…

‘Bhí sé ceart agus cóir gur labhair an Príomh-Aire le ceannaire an rialtais i dTuaisceart Éireann agus sin é a rinne sí’. Sammy Wilson a bhí ag caint faoi chlis na gcainteanna faoin mBreatimeacht sa Bhruiséil Dé Luain. Mo ghraidhin thú, Sammy. Nach iontach go gcreideann se gurb í ceannaire a pháirtí, Arlene Foster an ceann rialtais abhus, áit nach bhfuil rialtas agus nach bhfuil móramh aontachtach i Stormont?

Gan dabht beidh ceisteanna le freagairt ag an DUP i dtaca lena seasamh faoin mBreatimeacht, beart a raibh móramh de na vótóirí abhus ina choinne. Ach ní chuige sin atáim inniu: tá mé ag glacadh scíth ón mBreatimeacht. Bhí caint Sammy Wilson suntasach mar gur nocht sé barúil an DUP go bhfuil siad i gceannas, beag beann ar an bpairilis i Stormont. Ní sotal go dtí é. Ar ndóigh, feileann sé don pháirtí aird a tharraingt ar a dtábhacht i Westminster mar chrann taca Theresa May. Tá súil acu gur lú aird a thabharfar ar an bhfianaise chontúirteach a chloistear sa bhfiosrúchán faoin RHI.

Ní maise ar cháil Arlene Foster mar aire a bhfuil cloiste go dtí seo. Ní mór a rá nach raibh deis aicise freagra a thabhairt go fóill, agus bí cinnte go gceisteoidh sí go leor dá bhfuil ráite. Ach is léir don dall gur deineadh botúin bhunúsacha nuair a bunaíodh an scéim fuinnimh inathnuaite. Ní ise amháin a thuill cáineadh; tá cruacheisteanna le freagairt ag feidhmeannaigh agus comhairleoirí neamhthofa freisin. Bhíodh caint ardnósach i Stormont – nuair ab ann dó – faoi scothchleachtais, ach ciotach agus amaitéarach na haidiachtaí is cineálta atá in úsáid anois.

Tá an t-uafás eolais curtha faoi bhráid an Bhreithimh Coghlin agus a fhoireann ag na héisteachtaí poiblí le mí anuas. I bhfad an iomarca le déileáil leis go léir, ach is fiú breathnú ar chúpla gné den obair. Tá ceisteanna múscailte faoi chumas airí, státseirbhíseach agus comhairleoirí. Chaithfeadh sé gur ceisteanna íogaire iad don aire a bhí i gceannas ar an roinn, Arlene Foster.

Caitheann ranna stáit agus státseirbhísigh na milliúin ar chomhairle ó shaineolaithe agus bhí údar ag abhcóide an fhiosraithe neamhspleáchas na gcomhairleoirí a cheistiú sa chás seo. D’fhostaigh an Roinn Fiontair, Trádála agus Tionscail (an roinn eacnamaíochta anois) comhlacht darb ainm CEPA chun comhairle a sholáthar faoi conas úsáid fuinnimh inathnuaite a spreagadh. Thug CEPA fianaise don fhiosrú i Halla an tSeanaid i Stormont gur mhol siadsan scéim deontais chun luach ar airgead poiblí a chinntiú. Níor theastaigh ón roinn scéim deontais a riaradh, arsa an finné, agus d’iarr siad ar CEPA na moltaí a theastaigh ón Roinn a chur chun cinn. Astu sin a d’eascair an RHI a cuireadh i láthair mar scéim a bhí molta ag saineolaithe, moladh a chuaigh i bhfeidhm ar ranna eile. Ní léir go fóill an raibh a fhios ag Arlene Foster, an tAire ná ag a comhairleoir ón DUP, nárbh iad na saineolaithe a mhol an plean.

Ní maise ar bith ar CEPA an t-admháil gur athraigh siad a moltaí chun cliaint a shásamh agus is ar éigean a chumfadh siad scéal a dhéanfadh dochar dóibh. Beidh le feiceáil céard a bheidh le rá ag an roinn faoi amach anseo. Bhain an scéal siar as abhcóidí an Bhinse Fiosraithe go háirithe nuair a léiríodh nach bhféadfadh scéim deontais a dhul thar buiséad i gcomparáid leis an róchaiteachas scannalach a tharla i gcás an RHI nuair a bhí fuinneamh á úsáid lá agus oíche chun airgead a charnadh.

Níos luaithe thug státseirbhíseach fianaise go raibh a fhios aici sular cuireadh ceann leis an scéim go raibh gá le rialú costas. Dúirt an bhean atá ag obair i roinn eile anois gur thug sí foláireamh sa Bhealtaine 2011 –ar ríomhphost atá i seilbh an fhiosraithe – nár mhór a chinntiú nach dtarlódh róchaiteachas. B’in bliain go leith sular seoladh an scéim. Níos deireanaí an bhliain sin, i mí na Samhna, thug an rialaitheoir OFGEM foláireamh don roinn go raibh gá le costais a smachtú.

Níl ansin ach dornán samplaí de na ráitis atá tugtha don fhiosrúchán. Ardaíonn siad ceisteanna faoi chórais agus faoi chleachtais sa roinn. Mhaígh finné amháin go raibh fuadar faoi fheidhmeannaigh na roinne chun an scéim a chur sa tsiúl mar gur bhrostaigh Arlene Foster iad – ‘ar fhaitíos go gcaillfí an t-airgead le haghaidh na scéime a bhí á sholáthar ag an státchiste i Londain’. Ní míniú é sin ar easpa smachta ar chostais ná ar tharraingt na gcos faoin scéim a chur ina ceart.

Seans go bhfuil sé chomh maith ag Arlene Foster sásamh a bhaint as cibé cumhacht nó máistreacht atá aici ar Theresa May ar feadh tamaillín. Tá tréimhse chorrach i ndán di an bhliain seo chugainn. Ní ribín réidh ná baol air a bheidh i bhfiosrú an RHI di.

Fág freagra ar 'Cumhacht ag Arlene Foster thall, ach ceisteanna faoin RHI fós le freagairt abhus'