Cumas Callanan, botúin na gCat agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ó chluiche ceannais na hÉireann

Thug Tiobraid Árann greadadh do Chill Chainnigh i gcluiche ceannais an lae inné a bhuíochas do chumas a gcuid tosaithe, easpa ionadaithe Brian Cody agus botúin chosantóirí Chill Chainnigh

Taispeántas Callanan ar na cinn is fearr i gcluiche ceannais

Ní minic a tharlódh sé go mbeadh fear ar theip air poc saor 25m a chur thar an trasnán i gcluiche ceannais na hÉireann fós san iomaíocht do ghradam laoch na himeartha. Ba léir, áfach, nár chuir an iarracht amú sa chéad leath as do Shéamus Callanan agus 13 pointe aimsithe aige faoi dheireadh an chluiche.

Níorbh é sin an gaisce scórála is mó riamh i gcluiche ceannais – d’aimsigh Mick ‘Gah’ Ahern 5-4 do Chorcaigh ina mbua ar Ghaillimh i gcluiche ceannais 1928 – ach is cinnte go raibh taispeántas Callanan i measc na dtaispeántas is fearr riamh i gcluiche ceannais.

Tá luas, neart agus scil ag an lántosach seo agus nuair a bhíonn sé i mbarr a mhaitheasa, stad ná staonadh ní thagann air. Cé go bhfuil líon mór scóranna aimsithe ag imreoirí eile i gcluichí ceannais le roinnt blianta anuas, ba é an rud ba shuntasaí faoi éacht Callanan ná gur tháinig formhór a scóranna ón imirt – naoi gcinn as an 13. Ba é Shane O’Donnell, a d’aimsigh 3-3 in athimirt na bliana 2013, an t-aon duine a scóráil níos mó ón imirt i gcluiche ceannais le fada an lá.

Tar éis dó a bheith réasúnta ciúin sa chluiche leathcheannais in aghaidh an Gaillimhe, cluiche nach bhfuair sé aon scór ón imirt ann, is é Callanan anois is mó atá á lua le gradam ‘Iománaí na Bliana’.

GAA All-Ireland Senior Hurling Championship Final, Croke Park, Dublin 4/9/2016 Kilkenny vs Tipperary Tipperary's John McGrath celebrates scoring his goal Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
John McGrath. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Géar-iomaíocht i gcomhair Iománaí na Bliana

Ag caint ar Iománaí na Bliana, is cinnte go mbeidh géarchoimhlint ann i mbliana don ghradam. I ndiaidh a thaispeántais inné, is é Callanan anois rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí ach beidh roinnt daoine eile san iomaíocht leis, cuid dá chomhghleacaithe as Tiobraid Árann san áireamh.

Agus é taobh le Callanan sa líne lántosach, bhí séasúr den scoth ag John McGrath agus é ag imirt do na sinsir den chéad bhliain. Scóráil sé 3-2 in aghaidh Phort Láirge i gcluiche ceannais na Mumhan agus fuair sé 1-3 i gcoinne Chill Channaigh sa chluiche ceannais.

Bhí Pádraic Maher é féin i mbarr a mhaitheasa áris i mbliana ach seans go raibh a dheartháir óg lena ais níos fearr fós. Cé nach bhfuil sé ach fiche bliain d’aois, bhí Ronan Maher ar fheabhas ar fad sa líne leathchúl do Thiobraid Árann. Agus Richie Hogan á mharcáil aige sa chluiche ceannais, ba ar éigean ar ghéill Maher orlach d’Iománaí na Bliana 2014, go háirithe sa chéad leath.

Taobh amuigh de churaidh na hÉireann, is é Austin Gleeson is láidre a bheidh sa chomhaireamh. D’imir Gleeson in ionaid éagsúla ar fud na páirce do Phort Láirge agus bhí sé ar fheabhas i ngach ceann acu, go háirithe sa dá chluiche leathcheannais i gcoinne Chill Chainnigh.

Tá Gleeson, McGrath agus Ronan Maher uile san iomaíocht i gcomhair Iománaí Óg na Bliana chomh maith, agus má bhronntar an príomhghradam ar Callanan, is cinnte go dtabharfaidh duine den triúr acu an duais eile leo.

GAA All-Ireland Senior Hurling Championship Final, Croke Park, Dublin 4/9/2016 Kilkenny vs Tipperary The Kilkenny team Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Laige Cill Channaigh tagtha chun solais ar deireadh

Tar éis do leithéidí Henry Shefflin, JJ Delaney, Brian Hogan, Tommy Walsh agus Aidan Fogarty éirí as ó dheireadh 2014 ar aghaidh, bhí daoine ag fanacht go mbuailfeadh laige éigin foireann Brian Cody ach níor tharla sé.

Bhuadar Craobh Laighean faoi dhó ó shin, thug siad Craobh na hÉireann leo anuraidh agus shroicheadar an cluiche ceannais arís i mbliana.

Bhí an chuma ar an scéal go raibh teacht ag Cody i gcónaí ar ionadaithe, ar nós Ger Aylward, Liam Blanchfield nó fiú Joey Holden, chun na bearnaí a líonadh gan aon laghdú a theacht ar chaighdeán na himeartha auc.

B’fhollasach inné áfach an ganntanas imreoirí atá ar na Cait, go háirithe i measc na n-ionadaithe. Agus scrios á dhéanamh  ar chuid de na himreoirí a bhí ar an bpáirc, ba léiriú ar easpa muiníne Cody ina phainéal nár thug sé isteach ach beirt ionadaithe.

Bhí mí-ádh ar Chill Chainnigh go raibh cúpla duine gortaithe. Bhí Aylward in easnamh i gcaitheamh na bliana agus nuair a bhain gortú de Michael Fennelly, bhí ar Cody TJ Reid a chur siar go lár na páirce, rud a d’fhág i bhfad níos laige iad i measc na dtosaithe iad.

Cuir san áireamh na gortuithe sin agus caighdeán na n-imreoirí a chaill Cill Chainnigh le cúpla bliain anuas agus ba léir go dtiocfadh an lá go dteipfeadh orthu. Dea-theist ar scileanna iontacha bainistíochta Cody é nár tháinig sé i bhfad roimhe seo.

Pictiúr:INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr:INPHO/Cathal Noonan

Botúin as an ngnáth déanta ag Cill Chainnigh

Bhí sé soiléir luath go maith sa chluiche nach raibh cosantóirí Chill Chainnigh ar a gcompord i gcluiche ceannais an lae inné. Ní raibh ach dhá nóiméad caite nuair a theip ar Joey Holden smacht a fháil ar an liathróid agus é faoi bheagán brú ag Seamus Callanan, rud a thug deis do lántosach Thiobraid Árann an chéad scór sa chluiche a aimsiú.

Fuair Tiobraid Árann an dara pointe ar an gcaoi chéanna nuair shlánaigh John O’Dwyer poc sleasa tar éis do Paul Murphy an liathróid a chur thar an líne. Fuair na Tiobradaigh, ar a laghad, ceithre scór eile sa chéad leath nuair nár éirigh le Cill Chainnigh an sliotar a ghlanadh amach.

I gcás an phointe a fuair Seamus Kennedy sa deichiú nóiméad, rinneadh trí bhotún dhifriúla taobh istigh do 20 soicind. Ar dtús, thug Murphy drochphas trasna a chúil féin do Cillian Buckley. Bhí am ag Buckley breith ar an liathróid ach thit sí as a lámh agus nuair a thug seisean pas do TJ Reid, thug Reid drochphas eile uaidh a sciob Patrick Maher sular scóráil Kennedy.

Ceann de na buanna is mó a bhí ag Cill Chainnigh ná nach ndéanaidís botúin mar seo, ba léir inné nach raibh siad i mbarr a maitheasa. Seans gur tháinig díocas imreoirí Thiobraid Árann aniar aduaidh orthu agus chinn orthu dul i ngleic leis an ndíocas céanna.

Fág freagra ar 'Cumas Callanan, botúin na gCat agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ó chluiche ceannais na hÉireann'

  • Breandán

    Ceist agam oraibh ( tráchtairí spóirt), bhí mé ag caint le mo athair tar éis an cluiche faoin méid seilbh a chaill na Chait agus iad ag teacht amach as an clibirt de bharr droch phas láimhe, agus rith sé liom cén téarma atá ann don “dirty ball” liathróid salach??? Bhúr dtuairimí le bhúr dtoil…