LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Cumann na mBan – Mná na Réabhlóide

Bíonn clár den saghas seo ag brath go mór ar chloigne cainte bailíodh meitheal ábalta le chéile do Cumann na mBan – Mná na Réabhlóide

Cumann na Ban.

Le comóradh céid Éirí Amach 1916 ag teannadh linn, is cinnte go mbeidh raidhse cláracha teilifíse ag teacht os ár gcomhair lena léiriú féin a thabhairt ar gach toise den tréimhse. Go deimhin, d’fhéadfaí cúpla clár faisnéise/drámaíochta/grinn a bhaint as conspóidí an chomóraidh go dtí seo, an googley Gaeilge go háirithe

Díríonn Cumann na mBan – Mná na Réabhlóide (TG4, aréir) ar an ról tábhachtach a bhí ag an eagraíocht sin san Éirí Amach, i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad.

Le cloigne cainte ag eachtraí dúinn agus Máire Mhic Giolla Íosa mar thráchtaire ár dtreorú, tugtar éachtaint ar bhunú agus éabhlóid an Chumainn.

Bunaíodh Óglaigh na hÉireann i 1913 agus ní raibh cead isteach ag mná, an chéad léargas dúinn go raibh an gnéasaíochas polaitíochta faoi réim.

Is as sin a d’eascar Cumann na mBan in Aibreán na bliana dár gcionn.

Bhí taithí na mblianta ag mná cosúil le Constance Markievicz (a bhí san Irish Citizen Army), Agnes O’Farrelly, Nancy O’Rahilly, Kathleen Clarke agus Jennie Wyse Power ag feachtasaíocht do chearta na mban, an ceart vótála go háirithe.

Feictear go raibh a chomrádaithe Poblachtánacha/Náisiúnacha mar chéilithe comhraic de shaghas acu agus iad ag iarraidh a ról sainiúil féin a aimsiú don chumann.

“Animated collection boxes, ” a bhaist Hanna Sheehy-Skeffington (duine de bhunaitheoirí an Irish Women’s Franchise League) orthu go drochmheastúil agus í tagairt don tslí, a mheas sí, go mbeidís ag sodar i ndiaidh na bhfear. Tugann an ráiteas sin, agus cinn eile nach iad, le fios go raibh sé an-deacair ar an gCumann éalú ó chúla na gcearta ban as ar eascair sé.

Tháinig an cumann in inmhe i 1916 le mná páirteach san Éirí Amach. Ba mhar altraí is a leithéid a shaothraigh an chuid is mó díobh cé go raibh cuid acu ag iompar armlón, ag troid agus bean amháin ina snípéir. Tugtar cuntas ina dhaidh sin ar an ról tábhachtach a bhí ag an gCumann tar éis an Éirí Amach agus i gCogadh na Saoire maraon le léiriú go raibh Cogadh na gCarad mar chreill bháis aige.

Ní nach ionadh, bíonn clár den saghas seo ag brath go mór ar chloigne cainte agus tá meitheal ábalta bailithe, idir shaineolaí staire agus ghaolta leo siúd a bhí páirteach. Déanann Aindrias Ó Cathasaigh, duine díobh siúd a raibh Gaeilge acu, a chúram go paiteanta. Cuireann na míreanna drámaithe, snasta leis an tráchtaireacht.

Cumann an mBan

Téama an chláir ná an easpa aitheantais atá tugtha do na mná cróga seo a sheas lena fearaibh (a ndeartháireacha, a bhfir chéile agus a gcairde). Bhí deacrachtaí ag na mná seo ina dhiaidh sin an pinsean a bhí dlite dóibh, agus a fuair a gcomhghleacaithe fireann, a fháil.

An léiriú is suaitheansaí ar an éagóir seo ná an pictiúr cáiliúil den Phiarsach ag géilleadh do cheannáirí na Sasanach. Sa phictiúr bunaidh, tá cosa le Elizabeth O’Farrell, ball den Chumann agus an duine a d’iompar an bhratach bán as Ard-Oifig an Phoist, le feiscint. I leaganacha den phicitúr a bhí le feiscint ina dhiaidh sin, níl na cosa le feisicnt.

B’fhéidir go bhfuil cúiseanna difriúla leis seo acu ach is siombail mar sin féin é den tslí go bhfuil ról an Chumainn fágtha in áit na leathphingne.

Deirimse aerscuabadh leat.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Cumann na mBan – Mná na Réabhlóide'