Cumann Merriman 2015

Tá fearg ar na 'Merrimen' faoi staid na Gaeilge sa saol poiblí agus is é a bheidh faoi chaibidil acu an deireadh seachtaine beag seo. Útamáil agus siléig i leith na Gaeltachta i measc na n-ábhar a bheidh á gcíoradh ag an Scoil i mbliana. Féachfar go grinn ar thionchar na hiarchoilíneachta, arb é a thoradh easpa urraime agus measa a bheith ar an teanga ag pobal na tíre trí chéile

???????????????????????????????

Don dara bliain as a chéile, reáchtálfar Scoil Gheimhridh Merriman i gcathair Luimnigh, deireadh seachtaine na Féile Bríde, 30 Eanáir go 1 Feabhra (Aoine go Domhnach). Is in Óstán an Strand ar Bhóthar na hInse i gCathair Luimnigh a bheidh príomhimeachtaí na scoile le hócáid speisialta i nGailearaí na Cathrach iarnóin an tSathairn. ‘An Ghaeilge sa Saol Poiblí’ téama Scoil Gheimhridh 2015.

Ag meabhrú ar éirí as an Chraoibhín mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis 1915 i nDún Dealgan de bharr aidhm pholaitíochta a bheith á chur le Bunreacht an Chonartha, agus ar imeallú na Gaeilge lenár linn féin sa dioscúrsa poiblí, sa pholaitíocht agus sna mórmheáin, braitheann Cumann Merriman gur mithid seasamh na Gaeilge sa saol poiblí a phlé.

I measc na dtéamaí a ritheann linn tá:

  • an dóchas agus an spiorad dearfach blianta na hathbheochana roimh bhunú an Stáit dhúchais
  • stair chasta na n-iarrachtaí athbheochana ó baineadh amach neamhspleáchas polaitiúil
  • easpa cinnireachta ó lucht ceannais reatha maidir le polasaí i leith na Gaeilge arb iad an leithscéal, an mhoill agus an fhaillí a phríomhthréithe;
  • útamáil agus siléig i leith na Gaeltachta
  • imeallú agus cúngú ar ionad na teanga san oideachas
  • constaicí córasacha á dtógáil in éadan úsáid réidh na teanga sa riarachán, sa dlí agus in iliomad réimse poiblí eile
  • agus easpa ginearálta urraime nó measa á léiriú ar an nGaeilge mar chuid den oidhreacht stairiúil, den réaltacht reatha, nó den bhfís chomhaimseartha sa mhéid gurb ann dá leithéid

Ní scéal éadóchais agus ciniciúlachta ar fad é, ach ní féidir a mhaíomh go bhfuil staid na Gaeilge sa saol poiblí slán ná sláintiúil ná go bhfuil aon fhianaise ann gur chun feabhais a rachas a scéal agus muid ag druidim le comóradh céid Éirí Amach na Cásca.

Ar na cainteoirí agus na rannpáirtithe eile ag Scoil Gheimhridh 2015 beidh: An tOllamh Seán Ó Coileáin, Regina Uí Chollatáin, Pádraig B Ó Laighin, Máire Mhic Niallais, Sorcha Ní Chéilleachair, Fil Uí Dhubhghaill, Anna Ní Ghallachair, Julian de Spáinn agus Harry McGee; chomh maith leis na Luimnígh Úna Nic Éinrí, Pádraig Ó Cearbhaill agus Órlaith Ní Bhriain.

I measc na leabhar a sheolfar le linn na scoile, tá cnuasach aistí scolártha ar Mháire Mhac an tSaoi agus cuntas ar stair an chomhlachta foilsitheoireachta, Sáirséal agus Dill. Cian Ó hÉigeartaigh agus Pádraig Ó Héalaí faoi seach a sheolfaidh na leabhair seo i nGailearaí na Cathrach ar Chearnóg Pery, in iarnóin an tSathairn. Beidh gné láidir Luimníoch ag baint le maidin Domhnaigh arís i mbliana.

Beidh deis ag daoine an chathair a shiúl agus páirt a ghlacadh in go leor imeachtaí eile atá ina ndlúthchuid de Scoil Gheimhridh 2015. Más caint agus comhrá, ceol agus spraoi, rógaireacht agus ragairne atá uait, mar sin, seo leat ar an mbóthar go Cathair an Chonartha, cathair mhór spóirt agus scléipe!

Tá Clár iomlán Scoil Gheimhridh Merriman 2015 le fáil ar www.merriman.ie

Fág freagra ar 'Cumann Merriman 2015'