‘Cumann agus Céileachas’ téama Scoil Samhraidh Merriman 2015, atá ag tosú anocht

Ath-shainmhíniú ar an ngrá agus ar an bpósadh le blianta beaga anuas a bheidh faoi chaibidil ag Scoil Merriman as seo go ceann cúpla lá

Merriman

Osclóidh Catherine McGuinness, iarbhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí, Scoil Samhraidh Merriman 2015 tráthnóna, ag a seacht a chlog. Plé ar an ath-shainmhíniú atá déanta ag muintir na hÉireann ar an ngrá agus ar an bpósadh le blianta beaga anuas téama na scoile an geábh seo.

‘Cumann agus Céileachas/ Love and Marriage Revisited’ is teideal do shraith cainteanna na scoile agus díreofar ar réimse leathan ábhar lena linn.

Tá 20 bliain anois ann ó bhí reifreann ar an gcolscaradh, reifreann ar éirigh leis le mórámh an-chaol, agus i léacht na hoscailte, féachfaidh an tOllamh Tony Fahey ar ar tharla sa tír mar thoradh ar an reifreann sin ó shin i leith.

Mar is eol do chách, ba i mbliana, leis, a tugadh an tAcht um Chaidrimh Teaghlaigh agus Leanaí isteach agus a bronnadh stádas pósta ar lánúineacha comhghnéis de bharr reifrinn. Is iad na himeachtaí seo agus a n-impleachtaí a bheidh mar chomhthéacs do chuid mhaith de chainteanna na scoile.

Ina theannta sin, beidh léamha filíochta ann gach lá le leithéidí Rita Ann Higgins, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Doireann Ní Ghríofa; agallamh leis an údar, Donal Ryan maidin Dé Sathairn, agus caint leis an scríbhneoir Corcaíoch, Cónal Creedon, dar teideal ‘Love OR Marriage?’.

Díreoidh léacht leis an Ollamh Gearóid Ó hAllmhúráin ar théama agus ar ghnásanna an phósta faoi mar a léirítear i gceol traidisiúnta, in amhráin agus i rince chontae an Chláir iad. As contae an Chláir ó dhúchas do Ghearóid féin ach tá cónaí anois air i Montréal Cheanada. ‘Love and Marriage in the musical landscape of Co. Clare’ is teideal don ócáid seo agus cloisfear siansaí chomh maith ó chuid de scothcheoltóirí chontae an Chláir lena linn. Lena chois sin, beidh seimineáir Ghaeilge ann gach maidin le Máire Ní Annracháin, Diarmuid Ó Giolláin agus Síle Ní Mhurchú.

Déanfar cíoradh ar an bpósadh ó aimsir an Ghorta Mhóir amach agus cuirfidh leithéidí Tommy Graham, Eagarthóir History Ireland, agus cainteoirí eile, clabhsúr ar an scoil tráthnóna Dé Sathairn le léacht dar teideal ‘Love and Marriage since the Famine’.

Is í an Dr. Linda Connolly Stiúrthóir Scoil Samhraidh Merriman 2015. Is Stiúrthóir í ar an Institiúid um an Eolaíocht Shóisialta san aonú haois is fiche i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. I measc a cuid foilseachán, tá saothar ar an bhfeimineachas in Éirinn, ar ghluaiseachtaí sóisialta agus ar shaol an teaghlaigh.

Fág freagra ar '‘Cumann agus Céileachas’ téama Scoil Samhraidh Merriman 2015, atá ag tosú anocht'