Cumadóir an chéad opera i nGaeilge ina measc siúd a cailleadh ar an Lusitania 100 bliain ó shin inniu

Bádh Thomas O’Brien Butler - Ciarraíoch a chum an chéad opera riamh i nGaeilge - nuair a chuaigh an long go tóin poill

Stampa a d'eisigh An Post inniu i gcuimhne ar an Lusitania i Mí Bealtaine na bliana 1915
Stampa a d’eisigh An Post inniu i gcuimhne ar an Lusitania i Mí Bealtaine na bliana 1915

Bhí Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUiginn, chomh maith le hambasadóirí na Breataine, na Gearmáine agus na Stát Aontaithe i lathair ag ócáid chuimhneacháin an RMS Lusitania i gCóbh i gContae Chorcaí inniu. Cailleadh 1,201 duine nuair a cuireadh an long go tóin poill le toirpéad Gearmánach cothrom an lae seo céad bliain ó shin.

I measc na ndaoine a bádh ar an Lusitania bhí an fear a ndeirtear faoi gurbh é a chum an chéad opera Gaeilge riamh. Ba as Cathair Saidhbhín, Ciarraí do Thomas O’Brien Butler agus ba é a scríobh  ceol an opera ‘Muirghéis’ a léiríodh san Amharclann Ríoga i mBaile Átha Cliath i mí Nollag na bliana 1903 den chéad uair – agus den uair dheiridh. Bhí a ainm ar liosta de dhaoine móra le rá a bádh sa tragóid a d’fhoilsigh an Irish Independent le gairid.

gur i nGaeilge a cumadh an saothar, ba i mBéarla a léiríodh é. Duradh go raibh “an-rath go deo” ar an gcéad léiriúchán sin an 7 Nollaig 1903 ach níor léiríodh arís ina dhiaidh sin é.

Sceal tragóideach grá atá san opera bunaithe ar fhinscéalta agus ar sheanchas Uíbh Ráthaigh ón uair a tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn.

Leathanaigh ón opera Muirghéis
Leathanaigh ón opera Muirghéis

Thug Conradh na Gaeilge tacaíocht agus urraíocht don opera de bharr na léirmheasanna fabhracha a rinneadh ar cheolchoirm a reáchtáil Butler san Ancient Concert Rooms sa bhliain 1902, ag ar seinneadh cuid den cheol. Dúradh san iris The Leader gurbh ionann ceol Butler agus “a most refining educative influence in the propaganda of the Gaelic League. It is the birth of a genuine national school of music.”

An scríbhneoir Tadhg Ó Donnchadha, nó ‘Torna’ mar a thugtaí air, a chum na focail Ghaeilge le dul leis an gceol.

Sa mbliain 1861 a rugadh Thomas O’Brien. Phós sé i 1905 agus bhí cónaí air féin agus ar a chlann i dteach ar ar bhaist sé Muirghéis Hall i Ráth Fearnáin i mBaile Átha Cliath. Cuireadh oiliúint sa cheol air sa Róimh agus i Londain agus chaith sé seal san Ind freisin.

Sa mbliain 1914, dúirt Tomás Mac Donnchadha, duine de cheannairí Éirí Amach na Cásca, go raibh sraith de thrí cheoldráma bunaithe ar Tháin Bó Cuailgne á cur le chéile aige le cúnamh ó Butler. Ach ní raibh sé sa chinniúint dóibh go dtarlódh sin. Tuigtear go raibh Butler ag filleadh as Meiriceá, áit a raibh sé i mbun iarrachta leis an opera Muirghéis a léiriú, nuair a cailleadh ar an Lusitania é, cothrom an lae inniu, an 7 Bealtaine 1915.

Fág freagra ar 'Cumadóir an chéad opera i nGaeilge ina measc siúd a cailleadh ar an Lusitania 100 bliain ó shin inniu'

  • Tuigim

    Spéisiúil.