Cuma na maitheasa ar Thír Eoghain agus ar Ghaillimh

Is furasta a rá cé a bhuafaidh an cluiche idir Baile Átha Cliath agus an Iarmhí, ach ba cheart go mbeadh coimhlintí níos fearr againn i gCaisleán an Bharraigh agus Cluain Eois tráthnóna

 

Michael Murphy agus Neil McGee (Dún na nGall) le Justin McMahon (Tír Eoghain). INPHO/Cathal Noonan
Michael Murphy agus Neil McGee (Dún na nGall) le Justin McMahon (Tír Eoghain). INPHO/Cathal Noonan

Dún na nGall v Tír Eoghain, Cluain Eois, 2i.n.

Ó tharla nach raibh cluiche ceannais iomána na Mumhan an tseachtain seo caite chomh maith agus a bhíomar a cheapadh, beidh súil le sárchoimhlint tráthnóna i gcluiche ceannais peile Uladh. Casfaidh an dá fhoireann is fearr sa chúige le breis agus deich mbliana anuas ar a chéile i gCluain Eois. Beidh Tír Eoghain ag iarraidh Corn an Anglo-Celt a thabhairt leo den chéad uair ó 2010 agus Dún na nGall ag iarraidh a thaispeáint gurb iadsan ríthe an chúige go fóill.

Is é cluiche an lae inniu an séú huair as a chéile go bhfuil babhta ceannais Uladh sroichte ag peileadóirí Dhún na nGall agus cé nach gceaptar go bhfuil siad ar an leibhéal céanna le Baile Átha Cliath agus Ciarraí, b’fhéidir, tá Rory Gallagher ag iarraidh a thaispeáint go bhfuil speach iontu go fóill.

Léirigh siad an mianach atá fós iontu ina mbua in aghaidh Mhuineacháin in athimirt an chluiche leathcheannais agus cuma na hóige fós ar leithéidí Rory Kavanagh, Anthony Thompson agus Frank McGlynn sa chluiche sin. Beidh taispeántas bríomhar den chineál céanna ag teastáil má siad chun an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Mickey Harte tráthnóna.

Bhí Tír Eoghain ar fheabhas san athimirt in aghaidh an Chabháin agus bua cuimsitheach, 5-18 in aghaidh 2-17, acu ar deireadh. Chonacthas an tréith is láidre atá ag imreoirí an chontae sa chluiche sin – an luas atá acu agus iad ar an bhfrith-ionsaí. Chruthaigh ruathair Peter Harte, Mattie Donnelly agus Tiernan McCann deiseanna arís agus arís eile. Má bhíonn siad chomh maith céanna arís inniu, beidh sé deacair iad a stopadh.

Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain

Damien Comer (Gaillimh) agus Sean Mullooly (Ros Comáin). INPHO/Donall Farmer
Damien Comer (Gaillimh) agus Sean Mullooly (Ros Comáin). INPHO/Donall Farmer

Gaillimh v Ros Comáin, Páirc Mhic Éil, 3.30i.n.

Ag éisteacht leis an gcaint faoi chluiche an Domhnaigh seo caite, shamhlófá gur imir Ros Comáin agus Gaillimh an cluiche ba mheasa a imríodh riamh i bPáirc an Phiarsaigh. Cé go raibh lochtanna ar an dá fhoireann sa chluiche comhscóir sin, bhí an-tionchar ag dálaí na haimsire ar an imirt agus má bhíonn an aimsir cuibheasach tirim tráthnóna, ba cheart go mbeadh cluiche níos fearr ann.

É sin ráite, ná bígí ag súil go n-athróidh Kevin Walsh mórán. Tá córas cosanta láidir tugtha isteach aige i mbliana agus ba cheart go mbeadh sé sásta lena bhfuil feicthe aige sa chraobh go dtí seo.

Beidh gá le feabhas i measc na dtosaithe, áfach, go háirithe ó Damien Comer agus Shane Walsh. Bhí deis iontach ag Walsh an bua a chinntiú do Ghaillimh agus gan ach cúpla nóiméad fágtha an tseachtain seo caite, ach beifear ag súil gur i bhfeabhas a rachaidh sé tráthnóna más faoi Ghaillimh Corn Nestor a bhuachan den chéad uair ó 2008.

Bhí níos mó oibre le déanamh ag bainisteoirí Ros Comáin, Kevin McStay agus Fergal O’Donnell, i rith na seachtaine. Lagthaispeántas amach agus amach a thug siad uathu an tseachtain seo caite. Bhí easpa muiníne ag cur as do thosaithe Ros Comáin i bPáirc an Phiarsaigh agus imní orthu tabhairt faoi scóranna. Má bhíonn siad chomh drogallach céanna inniu, seans go n-íocfaidh siad go daor as.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Diarmuid Connolly (Baile Átha Cliath) agus Paul Sharry (An Iarmhí). INPHO/James Crombie
Diarmuid Connolly (Baile Átha Cliath) agus Paul Sharry (An Iarmhí). INPHO/James Crombie

Baile Átha Cliath v An Iarmhí, Páirc an Chrócaigh, 4i.n.

Dar le bainisteoir na hIarmhí, Tom Cribbin, tá a chuid peileadóirí ar bís agus aghaidh a thabhairt acu ar Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna. Chaill siad le 13 cúilín anuraidh agus deir Cribbin go mbeidh siad ar thóir cúil inniu. Faraor, is beag comhartha atá ann go n-éireoidh leo.

D’imir siad peil den scoth i gCúige Laighean anuraidh, iad ag aimsiú 3-14, 1-21 agus 3-19 sna chluichí roimh an gcluiche ceannais ach nuair a thug siad aghaidh ar Bhaile Átha Cliath, d’athraigh siad a stíl agus níor scóráil siad ach sé phointe dá bharr.

Is í an stíl chosantach sin atá á cleachtadh acu in 2016 agus thug siad taispeántas uafásach uathu in aghaidh Chill Dara i gcluiche leathcheannais an chúige cúpla seachtain ó shin. Deir Cribbin go bhfuil siad meáite ar chúil a scóráil ach, más aon chomhartha a bhfuil feicthe againn uathu i mbliana, beidh fuar acu.

Is beag caint atá déanta faoi Bhaile Átha Cliath ó bhuaigh siad Roinn 1 den tsraith. Bhuaigh siad go héasca ar Laois ina gcéad chluiche an samhradh seo agus cé gur thóg sé tamaillín orthu an Mhí a chur de dhroim seoil sa chluiche leathcheannais, bhí deich bpointe idir na foirne sa deireadh.

n-éireodh leis an Iarmhí inniu, bheadh sé ar cheann de na buanna gan choinne is mó i stair CLG.

Rogha Tuairsic.ie: Baile Átha Cliath

Fág freagra ar 'Cuma na maitheasa ar Thír Eoghain agus ar Ghaillimh'