Cultúr nua bainistíochta molta don Údarás agus ‘laige mhór’ ann ó thaobh na pleanála teanga – tuarascáil

Deirtear i dtuarascáil neamhspleách ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta nár léirigh struchtúr an Údaráis ‘go dtí seo’ gur ‘príomhthosaíocht de chuid na heagraíochta í an phleanáil teanga ó tugadh isteach Acht na Gaeltachta 2012

Cultúr nua bainistíochta molta don Údarás agus ‘laige mhór’ ann ó thaobh na pleanála teanga – tuarascáil

Moltar i dtuarascáil neamhspleách go dtabharfaí isteach cultúr nua bainistíochta in Údarás na Gaeltachta agus deirtear sa tuarascáil chéanna go raibh “laige mhór” san eagraíocht “go dtí seo” maidir lena cur chuige i dtaobh na pleanála teanga.

Deirtear sa tuarascáil, a d’ullmhaigh Declan Kearney ón gcomhlacht Public Affairs Ireland do Roinn na Gaeltachta, nár léirigh struchtúr an Údaráis gur “príomhthosaíocht” de chuid na heagraíochta í an phleanáil teanga de réir Acht na Gaeltachta 2012.

Moltar chomh maith go mbeadh “acmhainn tiomnaithe” i ngach réigiún don phleanáil teanga.

Deirtear go dtugtar aghaidh ar an “laige mhór” sin ó thaobh na pleanála teanga i moltaí na tuarascála agus sa struchtúr nua atá molta ag an Údarás féin.

Deir údar na tuarascála ar struchtúr bainistíochta an Údaráis gur cheart don eagraíocht fiontraíochta úsáid níos mó a bhaint as tascfhórsaí agus grúpaí tionscadail.

Moltar sa tuarascáil freisin go dtabharfaí ‘cultúr bainistíochta feidhmeach” isteach a bheadh bunaithe ar chur chuige atá in úsáid sa státseirbhís i dtíortha eile.

Tá an cur chuige sin bunaithe ar thrí chineál cruinnithe: cruinniú chun spriocanna bliantúla a chomhaontú, cruinniú míosúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh agus cruinniú deireadh bliana.

Deirtear gur chóir do gach bainisteoir san Údarás na trí chineál cruinnithe sin a reáchtáil le baill foirne. Moltar chomh maith go n-aontófaí plean oibre agus forbartha ar leith do gach aon duine atá ag obair san eagraíocht Ghaeltachta.

Maidir le poist bhainistíochta, deirtear gur chóir go mbeadh eolas ar an bhforbairt teanga, pobail agus fiontraíochta riachtanach do gach post sinsearach bainistíochta san eagraíocht.

Maítear sa tuarascáil neamhspleách gur léir agus an obair thaighde á déanamh go raibh fadhbanna ann maidir le “seirbhísí tacaíochta, grádú cuí [ar phoist] agus struchtúir thuairiscithe”.

Tugtar eolas sa tuarascáil freisin faoi leagan amach fostaíochta na gcomhlachtaí a fhaigheann cabhair ón Údarás. Deirtear go bhfuil níos lú ná cúigear fostaithe i 1,170 de na comhlachtaí sin, go bhfuil 110 comhlacht ann ina bhfuil idir cúigear agus deichniúr fostaithe agus go bhfuil deichniúr nó níos mó fostaithe i 155 comhlacht eile. Tá 70% de na poist atá cruthaithe ag an Údarás i gcomhlachtaí ina bhfuil deichniúr nó níos mó fostaithe.

Mar a tuairiscíodh cheana, deirtear i dtuarascáil Public Affairs Ireland go raibh roinnt bainisteoirí sinsearacha san Údarás nach raibh aon bhuiséad ná foireann le bainistiú acu.

Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis nach raibh an méid sin “cruinn”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin, níos túisce an tseachtain seo, go n-easaontaíonn sé le cuid dá bhfuil sa tuarascáil ach go bhfuil na príomhmholtaí inti á gcur i bhfeidhm.