CÚLÉISTEACHT TOGHCHÁIN: ‘Rants and chants’, bobarúin, agus plean don Ghaeilge díbeartha

Bíonn go leor daoine ag casaoid nár tháinig aon pholaiteoir ag an doras ach níl aon am acu mar tá siad ag rith ó stáisiún go stáisiún agus ó agallamh go hagallamh. An mbeathóidh na briathra na bráithre?

 

Toghchán Strap

microphone-1172260_1280

Níl aon chall d’aon duine an teallach a fhágáil na laethanta seo leis an tírín seo a shiúl mar tá na tráchtairí ruaigthe amach as a neadracha teolaí leathanbhandáilte i mBaile Átha Cliath agus iad ag greadadh i ndiaidh na bpolaiteoirí atá ar thóir vótaí. Ní thuigim féin cén fáth a bhfuil doicheall ar na páirtithe éagsúla comhrialtas a gheallúint mar tá an chosúlacht air gur mó gráin atá acu ar a gcomhbhádóirí ina bpáirtí féin ná in aon pháirtí eile. Is beag dáilcheantar nach luaitear an teannas seo leis. Bráithreachas le foghlaim acu ó mhuintir Healy-Rae.

Chuir Drivetime duine acu amach go hInis Oírr agus Inis Meáin Dé Máirt – áit ar míníodh dó an tionchar a bhíonn ag 10 míle farraige ar do shaol, an gearradh atá déanta ar na seirbhísí sláinte agus an costas breise a bhaineann le saol oileáin. Bhí iarrthóirí Ghaillimh Thiar-Mhaigh Eo ar an gclár Dé Luain agus iad breá sásta scéal an bhóthair nua a bhrú as a gcosán agus tranglam tráchta na cathrach á phlé acu ach cantal a bhí ar phobal Chois Fharraige leo ag cruinniú poiblí agus ar Adhmhaidin Dé Máirt.

Mar a deir duine amháin ‘plean don Ghaeilge agus Gaeilgeoirí óga díbeartha cheal cead pleanála mar gheall ar línte daite ar mhapaí’. Sclaigeanna, fuarlaigh, airgead Gaeilgeoirí agus polaiteoirí ag gabháil i bhfolach ar scáth na Comhairle Contae agus An Taisce, an port a casadh do na polaiteoirí.

Bhí Olivia O’Leary, bean a chuir cruacheisteanna ar pholaiteoirí lena linn féin, i gCluain Meala ag breathnú ar fheachtas Mhattie McGrath agus an fáth go vótálann daoine dó. Fuair sé teach do dhuine amháin, lampa sráide do dhuine eile agus athchóiriú tí do mhac duine atá i gcathaoir rothaí. Cén fáth nach bhféadfadh sé a mheabhair chinn a úsáid ar dhea-reachtaíocht in áit a bheith ina ghiolla ag a phobal, an cheist mhór a bhí ag Olivia! Mo cheistse, cén fáth gur bobarúin is fearr leis na tuairisceoirí?

Agus mé ag gabháil amach bóthar Chamuis Dé Máirt ag éisteacht le scéalta an toghcháin i Loch Garman ar Newstalk, bhí sióg éigin ag athrú an stáisiúin orm de mo bhuíochas rud a d’fhág gur chuala mé an clár álainn ar Iris Aniar faoin bhfear uasal Maidhcó Saile a cuireadh ar an Luan. Thug an clár seo spléachadh spéisiúil dúinn ar an bpolaiteoir áitiúil sa bpobal.

Chaith Maidhcó cúig bliana ina chomhairleoir contae ag Fianna Fáil – líon sé foirmeacha, tharraing sé pleananna tí don chead pleanála, thug sé Gaeilgeoirí isteach ag na stórtha móra le cuntas a oscailt le hábhar tí a cheannach ar dheontas na Gaeltachta agus mar a deir sé féin – bhí sé ‘ar an gclaí’ ag Johnny Geoghegan ag iarraidh vótaí.

Nuair a bhásaigh Johnny is í a iníon MGQ, a bhí i gcathair na Gaillimhe, a ainmníodh d’Fhianna Fáil agus dúirt Maidhcó gur boc sásta a bhí ann féin an oíche sin mar – ‘nach mbíonn am ag polaiteoir do theach, do bhean ná do chlann’. Caithfidh mé smaoineamh ar an gcaint stuama sin nuair a bheas siad ag cur chantail orm. Is maslach í a gcuid oibre agus is daor a íocann a muintir as a n-aislingí, a ndíocas agus a n-uaillmhianta.

Ar ndóigh tharraing an seó i Luimneach neart cainte Dé Máirt –‘rants and chants’ a thug bean ghéarchúiseach amháin air. Níor thaitnigh ‘you folks’ Adams le Gearóid Ó Tuathaigh ar Adhmhaidin agus bhí Micheál Ó Máirtín breá sásta leis féin nár lig sé do Joan ná d’Enda aon saighead a bhualadh air agus níor bhac sé leis an gceist a cuireadh air faoi Adams a fhreagairt. Ní raibh sé leath chomh sásta Dé Céadaoin nuair a mhaslaigh Varadkar a shaothar sa Roinn Sláinte ar Morning Ireland agus chuir sé i leith RTÉ go raibh fabhar acu le Fine Gael.

Bhí Varadkar ag George Hook an tráthnóna céanna agus tugadh neart rópa dó lena shoiscéal a scaipeadh. Leadrán an fheachtais a bhí ag cur as do Hook agus thairg Leo beart spéisiúil éigin a dhéanamh lena bheochan.

Lámha luaineacha Joan Burton ag cur as do dhaoine áirithe ach níl aon rún aici make over a fháil – ‘ní bean Downton Abbey agus taephotaí mé – an pholaitíocht mo phaisean’. Más fíor do na tráchtairí d’fhéadfadh gur grá gan chúiteamh aici é.

An Late Debate an clár is fearr liom féin ar an toghchán agus tá Cormac Ó hEadhra deisbhéalach stuama agus is maith uaidh an phápaireacht a thachtadh. Tá súil agam nach bhfuil an fear bocht curtha in aer ag an toghchán.

D’éalaigh mé ó bhréagdhíospóireacht na gceannairí ar an Luan le héisteacht leis an bplé ar mheabhairshláinte agus ar fhuinneamh gaoithe – dhá ábhar a luíonn go trom ar theaghlaigh. Léiríonn formhór an phobail go bhfuil siad breá sásta cáin a íoc ach seirbhísí dá réir a fháil agus is maith is eol dóibh nach bhfuil aon gheallúint saor in aisce, tuiscint an phainéil.

Is maith is eol do na Ciarraígh a speisialta agus atá siad mar chine ach ar an Late Debate cuireadh ar ár súile dúinn go dtéann an poll duibheagáin idir Ciarraí Thuaidh agus Theas siar go dtí na meánaoiseanna agus an coilíniú agus gurb é Michael Healy Rae an t-aon duine ar éirigh leis a ghabháil thairis. Is dóigh go dtabharfaidh sé lámh don deartháir má fhéadann sé. Bhí Ceallachánach de shliocht Chiarraí atá ag seasamh d’Fhianna Fáil lánchinnte nach raibh an pobal leath chomh ciniciúil ná chomh diúltach leis na tráchtairí agus moltaí spéisiúla aige faoin Seanad agus an daonlathas. An cineál geilleagair atá uainn a theastaigh ó Éamon Ryan a phlé agus mo léan níor tugadh aon chuireadh dó.

Cén fáth a bhfuil an comhrialtas ag cailleadh sna pobalbhreitheanna? arsa Cathal Mac Coille.

Mar go dtuigeann daoine go bhféadfadh an geilleagar dul ar gcúl agus nach ceart flaisc a dhéanamh, a meastar. Níl aon suim ag daoine sna fichidí agus na tríochaidí sa bhfeachtas mar tá siad maraithe ag billí agus ganntan agus cáin, ní chreideann siad focal as béal aon pháirtí agus na neamhspleáigh a ndíoltas, a bhraitheann Chris Donohue ar Newstalk.

Creideann Ivan Yates gurb amhlaidh a bhunaigh an comhrialtas a bhfeachtas ar ghrúpaí fócais i mBaile Átha Cliath agus nach raibh an borradh draíochta ach i gcúpla cathair.

Go leor daoine ag casaoid nár tháinig aon pholaiteoir ag an doras ach is féidir liomsa a inseacht daoibh nach bhfuil aon am acu mar tá siad ag rith ó stáisiún go stáisiún agus ó agallamh go hagallamh.

Ach an mbeathóidh na briathra na bráithre?

Fág freagra ar 'CÚLÉISTEACHT TOGHCHÁIN: ‘Rants and chants’, bobarúin, agus plean don Ghaeilge díbeartha'