CÚLÉISTEACHT TOGHCHÁIN: Meirdreachas é cuid mhór den daonlathas…

Dá gcuimleofaí bealadh den spíce i Sráid Uí Chonaill agus iarraidh ar chuid de na polaiteoirí seo a ghabháil á lúbadh féin thart air ina gcraiceann dearg dhéanfaidís sin ar vóta

CÚLÉISTEACHT TOGHCHÁIN: Meirdreachas é cuid mhór den daonlathas…

Toghchán StrapPic maire

Dá mhéid a chloisim is iontaí liom polaiteoirí. Meirdreachas é cuid mhór den daonlathas. Díolann tú na leathphrionsabail ar dtús agus nuair a thagann conairt na bpobalbhreitheanna níos gaire duit, díolann tú d’anam.

Bíonn faoistin phoiblí ar Newstalk maidin Domhnaigh ag Henry McKean ar a dtugtar Under the Covers agus an tseachtain seo caite thug sé Willie O’Dea ar spin timpeall Luimnigh agus é ag éisteacht a fhaoistin ag an am céanna. Is léir gurb é an pléisiúr is mó i saol O’Dea a ghabháil thart ag lascadh ar dhoirse sa dáilcheantar agus ag bualadh bleid ar mhuintir an tí aon tráth den bhliain. Déanann gasúir a leithéid oíche Shamhna. An croiméal sin a bhall seirce, agus thug sé cead do McKean é a shlíocadh! ‘Tabhair vóta dom agus féadfaidh tú mo chuid fionnaidh a shlíocadh’ – cén chaoi a mbeadh sé mar rosc poiblíochta?

Mattie McGrath a thug McKean leis inné ina mhótar. Fear cruógach é Mattie agus is dóigh gur faoistineach maith é mar téann sé rialta ar aifrinn agus oilithreachtaí, bhí sé sa Vatacáin ag cur comhairle ar an bPápa, tá ochtar clainne aige agus tá coinneal lasta aige don cheann atá ag déanamh scrúduithe macasamhla na hArdteiste faoi láthair.

Fear mór seiteanna é agus is deacair é a bhualadh ag damhsa na scuaibe. Níl nóta ina chloigeann ach níor choisc sin é ó amhrán Fleetwood Mack a chasadh d’Enda – Don’t Stop Thinking about Tomorrow. Fear é seo nach ligfeadh broim gan é a fhógairt ar na meáin shóisialta. Bíonn sé ag cócaireacht leis is cosúil agus d’iarr a iníon orainn vótáil dó ‘for the sake of the food we eat’.

Rith sé liom dá gcuimleofaí bealadh den spíce i Sráid Uí Chonaill agus iarraidh ar chuid de na polaiteoirí seo a ghabháil á lúbadh féin thart air ina gcraiceann dearg go ndéanfaidís sin ar vóta.

Is cinnte go múinfeadh sin an oiread faoina gcuid polasaithe duit agus a d’fhoghlaim mise ón díospóireacht ar Newstalk/TV3. Ní haon iontas go n-eagraíonn stáisiúin na coimhlintí seo mar tugann sé údar cadrála do thráchtairí go dtí an chéad scliúchas eile. Náire shaolta a thabharfainnse air agus ba mhór an t-iontas dom tráchtairí  a bheith á moladh. Níl aon ghasúr sa tír a bhíonn ag díospóireacht nach ndícháileodh iad uilig. Daoine ag sceamhaíl ar a chéile ag an am céanna agus gan a fhios againne ó bhonnaíochaí an diabhail céard a bhí siad a rá.

‘Cloisim an torann ach ní fheicim an bia agus má dhéanann tú leatrom orm nár fheice tú Dia’ arsa an dall – agus mé féin.

Tuigim nach maith le polaiteoirí éisteacht dáiríre leis an bpobal ar fhaitíos go gcaithfidís athsmaoineamh agus tuigim go mbíonn an rabhbabhns sin ar siúl acu sa Dáil chuile lá ach mar a deirtí linn fadó – nach sílfeá nach ndéanfaidís seó bóthair díobh féin os comhair an tsaoil! Agus cén gnó a bhí ag beirt láithreoirí ansin? Bíonn an chosmhuintir ar an raidió chuile lá ag plé cúrsaí an tsaoil go sibhialta soiléir ach ar ndóigh tá siadsan ag caint óna gcroí agus ní ag caint trí pholl a dtóna ar mhaithe le vótaí.

Ar An tSeachtain maidin Dé Sathairn ar RnaG, léiríodh meas ar an lucht éisteachta agus ar an toghchán nuair a pléadh go stuama tomhaiste dáilcheantar Thiobraid Árann le daoine a chónaíonn ansin. Vótáiltear do Lowry mar go n-oibríonn sé d’aon duine a iarrann cúnamh air le foirmeacha srl, tá os cionn 30 bliain taithí aige agus ní bhaineann do ghnóthaí cánach ach leat féin (murar Thomas Murphy is ainm duit?). Oibrí dícheallach eile é Alan Kelly a bhfuil neart déanta aige don cheantar sin, cliabhán an Lucht Oibre, agus tá aithne mhór iománaíochta ar Shéamus Healy. Tá muintir Chloch Shiurdáin spréachta faoin sceanairt a rinneadh ar an gcontae i ndearadh na dtoghcheantar.  Bhí iarrthóir as Corcaigh ansin againn atá ag seasamh do Chomhdháil an Phobail – dream nach páirtí iad ach gluaiseacht ar mian leo na saoránaigh a chur ag socrú polasaithe in áit páirtithe atá níos cosúla le clubanna príobháideacha rúnda lena gcuid aoirí agus rialacha. Is mór é m’fhaitíos, a Dhiarmuid gur fearr linn clinicí is fabhair ná idéalachas. Ach léiríonn sé na maidhmeanna éagsúla i ngach toghcheantar sa tír.

Rinneadh an-phlé ar chlár Marina Finucane ar RTÉ Raidió a hAon an deireadh seachtaine seo ar dhá ábhar a tharraing go leor cainte sa bhfeachtas seo – sláinte agus coiriúlacht. Dé Sathairn fuaireamar stair na Cúirte Coiriúla Speisialta ó 1972 agus na daoine mór le rá a thug aghaidh uirthi. Mheabhraigh an chaint sin arís dom an fáth go dtagann gríos amach i mo chraiceann chuile uair a chloisim ainm Dessie O’Malley! Dé Domhnaigh bhí an dochtúir Joe McKeever aici agus réiteach fíorspéisiúil aige ar ghéarchéim na rannóg éigeandála is timpistí – deireadh a chur leo ar fad! Ná téadh aon duine ag an ospidéal gan coinne a bheith déanta roimh ré ag an dochtúir teaghlaigh mura dtagann siad ann in otharcharr. Chuir sé fainic eile orainn nach fada go mbeidh dlíodóirí ag cur dlí ar an HSE faoin moill agus an spídiúlacht a fhaigheann daoine sna hionaid éigeandála, sciúrsáil a léirigh Eilín Ní Fhlatharta go paiteanta ar Iris Aniar i rith na seachtaine.  Cuireann sé iontas ormsa nach gcuireann na hoibrithe ansin an dlí ar a bhfostóirí mar is cinnte go sáraítear a gcearta sláinte agus sábháilteachta gach lá.

Mír na seachtaine: An mhír ghrinn ar Cormac ag a Cúig ar RnaG ar an Aoine, ola ar mo chroí é. Tí Thaidhg Bhaile an Droichid aimsir Olltoghcháin in aon duine amháin agus tá sé thar cionn. Ar a laghad an locht!

Fág freagra ar 'CÚLÉISTEACHT TOGHCHÁIN: Meirdreachas é cuid mhór den daonlathas…'