Cúlaithe na dTiobradach chun tosaigh ar Ghaillimh

Is ait lenár gcolúnaí nach bhfuil na geallghlacadóirí ag tabhairt seans níos mó don Ghaillimh ach mar sin féin is mó an meas aige ar chosantóirí na dTiobradach

GAA Hurling All Ireland Senior Championship Semi-Final Media Event, Croke Park, Dublin 10/8/2015 Tipperary captain Padraic Maher and Galway captain David Collins Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Captaein na foirne Padraic Maher, Tiobraid Árann agus David Collins na Gaillimhe ©INPHO/Donall Farmer

Thaispeáin Cill Chainnigh neart agus cumhacht an Domhnach seo caite agus iad ag cur na na nDéiseach go tóin poill. Teachtaireacht láidir eile uathu agus beidh siad mar rogha na n–údar don chluiche ceannais, is cuma cé a bhuafaidh amárach.

Maidir le cluiche an lae amáraigh, caithfidh go bhfuil buntáiste de shórt éigin ag an nGaillimh agus iad ag tabhairt aghaidh ar an gcoimhlint seo. Is mór an t-achar ama do Thiobraid Árann é cúig seachtaine idir cluiche ceannais cúige agus agus cluiche leathcheannais na hÉireann. Ar a shon sin, ní dhearna Brian Cody riamh aon ghearán faoi. Ach i mo thuairimse, is fadhb í.

Tá sé deacair rudaí a choimeád ‘úr’ thar thréimse cúig seachtaine gan aon chluiche iomaíoch agus le cúig seachtaine anuas, ní raibh aon chluiche fiúntach ag Tiobraid Árann seachas na cluichí traenála a bhíonn acu. Is deacair léamh ceart a dhéanamh ar do chuid imreoirí bunaithe ar chluichí idir na himreoirí céanna.

Ar an dtaobh eile den scéal, bhí trí seachtaine ag an nGaillimh i ndiaidh a mbua glan ar Chorcaigh. Is cuma cén t-iniúchadh a dhéantar ar Chorcaigh agus cé chomh dona is a bhíodar ar an lá, is é bun agus barr an scéil ná go ndearna an Ghaillimh an beart le farasbarr dosaen cúilíní agus 23 iarracht eile curtha amú acu. Anuas air sin, ní raibh Joe Canning i mbarr a mhaitheasa an lá sin. Níl mórán eile le rá faoi, ach rachaidh siad chun páirce lán de mhuinín.

Anuraidh thit an tóin astu sa cheathrú dheireanach i gcoinne Thiobraid Árann sa chluiche cáilithe a bhí eatarthu. Ní dóigh liom go dtarlóidh a leithéid amárach.

Ní thuigim conas go bhfuil na geallghlacadóirí chomh láidir san i bhfabhar na nTiobradach. Níl ach dhá chluiche craoibhe imeartha acu agus tá cúig cinn imeartha ag an nGaillimh. Is le linn na gcluichí seo a fhoghlaimítear rudaí agus caithfidh go bhfuil níos mó eolais faoina fhoireann ag Anthony Cunningham ná mar atá ag Éamonn Ó Sé dá bharr.

Ag tosach na bliana bhí mórán de lucht leanta na hiomána ag tuar go mbeadh na foirne céanna ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann 2016 agus a bhí anuraidh. Gach seans gur mar sin a bheidh ach bunaithe ar an méid a chonaic mé ó Ghaillimh i mbliana tugaim gach seans dóibh amárach.

Ó thosnaigh Joe Canning ag imirt leis an bhfoireann sinsear, is minic an toradh ag brath ar cé mhéid a scóráil sé. Sa chluiche deireanach, thugadar greadadh do Chorcaigh gan Joe a bheith os cionn a bhuille. Tá tosaithe gnóthacha ag an nGaillimh faoi láthair ar féidir leis an gcuid is mó acu an liathróid a bhuachtaint as a stuaim féin.

Níl aon dabht ach go gcuirfidh Tiobraid Árann cuid mhaith ceisteanna ar imreoirí na Gaillimhe agus, dar ndóigh, tá cúpla tosaí den scoth acu freisin.

Ach i mo thuairimse, braithfidh a lán ar conas a imreoidh an dá aonad chosanta. Nílim róchinnte faoi dhuine nó beirt de chosantóirí na Gaillimhe agus tá níos mó measa agam ar chúlaithe na dTiobradach.

Thugadar sarthaispeántas uathu sa chluiche leathcheannais anuraidh i gcoinne Chorcaí agus, dar ndóigh, bhíodar ar fheabhas sa chluiche ceannais a chríochnaigh ar comhscór. Tá an taithí sin acu agus is cabhair mhór í. Bhuadar a gcéad chorn faoi stiúir Éamoinn Uí Shé cúig seachtaine ó shin agus beidh siad ag déanamh a ndíchill cur leis an gcorn sin sara scarfaidh sé leo.

Ní bheadh iontas orm dá mbuafaidh an Ghaillimh, ach ceapaim go mbeidh an lá ag na Tiobradaigh.

Fág freagra ar 'Cúlaithe na dTiobradach chun tosaigh ar Ghaillimh'