‘Cúis náire náisiúnta is ea é’ -tuairimí faoi Trump ó SAM

Tá sé ionann is cinnte go n-ainmneofar Donald Trump mar iarrthóir na bPoblachtánach i dtoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe. Céard é meas na ngnáth-Mheiriceánach ar an mbilliúnaí glórach? Chuaigh ár gcolúnaí ar thóir a dtuairimí

Donald Trump

Tá nach mór coicís caite i Meiriceá agam faoin am seo agus cé go bhfuil ainm Donald Trump ar bheola gach éinne níor casadh oiread agus duine amháin orm fós a bhí sásta a admháil go dtabharfadh sé vóta do bhilliúnaí an drochbhearradh gruaige agus na dtuairimí áiféiseacha faoi mhná, faoi Mhoslamaigh agus faoi mhuintir Mheicsiceo.

D’fhéadfadh sé, ar ndóigh, nár casadh an cineál duine a thabharfadh vóta do Trump orm go fóill. 

Is dóichí ná a mhalairt, áfach, go mbeadh drogall ar dhuine ar bith tacaíocht do Trump a léiriú go hoscailte, go háirithe i gcomhrá le duine ón iasacht.

“Cúis náire náisiúnta is ea é,” a dúirt Brad, síceolaí sna tríochaidí, liom i gcathair Chicago, mar a bhfuil ainm Trump clóite i litreacha móra millteacha ar cheann de thúir a impireachta. “Táim cinnte go bhfuil mearbhall ar an domhan mór faoina bhfuil ar siúl sa tír seo faoi láthair,”a deir Brad, a cheann á chroitheadh aige.

Ach más ‘cúis náire’ é Trump, cén fáth ar éirigh chomh maith sin leis sa rás chun ainmniúchán na bPoblachtánach a bhaint amach?

“Is é an chaoi nach gcuireann sé fiacail ann,” a dúirt Kelly, gníomhaire taistil sna daicheadaí, liom i gcathair Denver. “Níl leisce ar Trump an fhírinne shearbh a insint,” a deir Kelly, a bhfuil fearg mhór air faoin gcóras nua sláinte ‘Obamacare’ a d’fhág go bhfuil costas sláinte i bhfad níos airde don mheánaicme. “Níl leisce air an fhírinne shearbh a insint – ach is é an trua é go n-insíonn sé an fhírinne shearbh faoi rudaí míchuí,” a deir Kelly.

Ceantar amháin a bhfuil tacaíocht láidir ag Trump ann ná oirdheisceart stát Ohio, réigiún tuaithe a bhfuil na mianaigh ghuail ann á ndúnadh agus a bhfuil pobal geal na háite, sliocht Éireannach, Albanach agus Gearmánach, céasta ag dífhostaíocht, bochtanas agus fadhb dhrugaí. Tá cónaí ar chara liom, Andrew, oifigeach dúlra sna tríochaidí, sa bhaile beag Glouster, ar dúnadh líne na traenach lastais ann an mhí seo caite toisc go bhfuil an mianach guail deireanach dúnta. Níl fágtha de stair thionsclaíoch na háite ach an talamh truaillithe.

“Bhí Hillary Clinton ar cuairt sa cheantar an lá cheana,” a deir Andrew liom. “Ach ba í tuairim mhuintir na háite nach ar mhaithe leosan a thug sí cuairt orthu, ach ar mhaithe léi féin – le go bhfeicfí í ar an teilifís i gcomhluadar an chineál duine a thabharfadh vóta do Donald Trump.”

Cé go mbeadh rath ar Trump sa réigiún ina bhfuil cónaí air féin, tá Andrew den tuairim nach n-éireodh chomh maith céanna leis an mbilliúnaí go náisiúnta. “Tá an ghráin shíoraí ag leath de na vótóirí Poblachtánacha air agus is mór an seans go bhfanfaidh na vótóirí sin sa bhaile lá an toghcháin. Ag an am céanna déanfaidh na vótóirí Daonlathacha agus iad siúd ar an eite chlé iarracht ar leith vóta a chaitheamh.”

Bua éasca do Hillary Clinton san fhómhar, mar sin?

Níl talamh slán á dhéanamh ag éinne de sin. “Tá cinntí móra saoil le déanamh agam féin agus ag mo chlann, ceannach tí, athrú poist agus a leithéid, ach táimid á gcur ar an méar fhada go dtí go mbeidh an toghchán uachtaránachta thart,”a deir Kelly, an gníomhaire taistil as Denver.

Is cosúil go bhfuil go leor Meiriceánach ar aon intinn leis: de réir tuairisce san iris Time, tá ‘Election Anxiety’ ag cur as do na mílte. Más amhlaidh atá, tá fanacht fada orthu: níl an rás go dtí an Teach Bán ach ina thús.