‘Cúis dóchais agus mhisnigh’ – fáilte roimh fhoilsiú an chéad pholasaí stáit don chainteoir dúchais Gaeilge

Tá fáilte curtha ag eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta roimh fhoilsiú an pholasaí oideachais Gaeltachta inniu

‘Cúis dóchais agus mhisnigh’ – fáilte roimh fhoilsiú an chéad pholasaí stáit don chainteoir dúchais Gaeilge

Tá fáilte fhorleathan curtha ag eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta roimh an bpolasaí nua don oideachas Gaeltachta a sheol an Taoiseach ar an gCeathrú Rua inniu

Chuir Ardfheidhmeannach Ghaeloideachais, Bláthnaid Ní Ghréacháin, “fáilte mhór” roimh an bpolasaí agus dúirt le Tuairisc.ie go bhfuil “go leor le bheith dearfach agus dóchasach ann”.

“Tá aitheantas ag dul don Roinn Oideachais agus don Taoiseach as an dearfacht agus an éacht atá bainte amach acu an lá stairiúil seo a chur i gcrích.

“Beidh le feiceáil anois céard a bheidh ann ó thaobh cur chuige praiticiúil. An rud a theastóidh le go mbeidh rath ar an bpolasaí seo ná go leor ceannasaíochta agus ceannaireacht láidir sa Roinn, sna scoileanna agus sna pobail.

Dúirt Ní Ghréacháin gurb é an príomhrud a thug ugach di ná an soláthar don luath-thumoideachas sa pholasaí.

“Fáiltím go mór roimhe sin agus ceapaim go gcabhróidh sé le scoileanna Gaeltachta agus go gcuirfidh sé ar bhóthar iad a mbeidh ceann scríbe soiléir ag a dheireadh,” a dúirt sí.

Dúirt Conradh na Gaeilge go bhfuil “moladh tuillte ag an Rialtas” as an bpolasaí a sheoladh agus ag pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, an Roinn Oideachais agus Roinn na Gaeltachta as an “bpróiseas fiúntach torthúil” a cuireadh i gcrích agus an polasaí á réiteach.

“Tugann Conradh na Gaeilge aitheantas don Rialtas nuair atá an t-aitheantas sin tuillte, agus fáiltíonn muid go croíúil roimh an bpolasaí um oideachas Gaeltachta, a bhfuil géarghá leis, le tacú le pobal na Gaeltachta ar fud na tíre.

“Tá moladh ag dul don Rialtas as an bpolasaí uileghabhálach seo a fhoilsiú, agus don phobal ar fad a ghlac páirt sa chomhairliúchán cuimsitheach a reáchtáil an Roinn Oideachais agus Scileanna mar chuid den phróiseas seo, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di araon,” a dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Tá fáilte curtha freisin ag Údarás na Gaeltachta roimh fhoilsiú an pholasaí, atá ina “cúis dóchais agus mhisnigh” don eagraíocht.

“Den chéad uair tugtar aitheantas sa Pholasaí don chainteoir dúchais Gaeilge agus aithnítear go bhfuil gá le cur chuige ar leith le freastal ar riachtanais an chainteora dúchais sna seirbhísí oideachais Gaeltachta.

“Aithníonn an Polasaí na dúshláin atá roimh theaghlaigh na Gaeltachta agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a sheachadadh chuig an chéad ghlúin eile agus molann sé struchtúr chun dul i ngleic leis na dúshláin sin. Leagan an Polasaí amach bearta a thugann aghaidh ar na dúshláin atá ann teacht ar mhúinteoirí le hardchaighdeán Gaeilge le múineadh i scoileanna Gaeltachta,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh an tÚdarás.

Dúirt an tÚdarás go bhfuil “obair thábhachtach ar bun” cheana féin ag na scoileanna Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus COGG agus go bhfuil an eagraíocht “ag tnúth go mór le hoibriú i bpáirt leo sin” i bhfeidhmiú an pholasaí.

Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh, atá ina chónaí ar an gCeathrú Rua, mar ar seoladh an polasaí nua, go bhfuil “moladh mór ag dul do na hoideachasóirí, na pobail agus na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta atá ag éileamh a leithéid de pholasaí le scór blianta anuas”.

“‘Beidh dúshlán mór roimh scoileanna agus na pobail Ghaeltachta stádas scoile Gaeltachta a bhaint amach as seo go ceann cúig bhliana freisin, rud a ardaíonn ceisteanna faoin gcúltaca a thabharfar do na pobail éagsúla chun a chinntiú go mbeidh tacaíocht go leor ag an múnla nua chun a dheimhniú go mbeidh an oiread scoileanna Gaeltachta ag múineadh trí mheán na Gaeilge ann agus is féidir,” a dúirt Ó Clochartaigh.

Mhol Ó Clochartaigh, freisin, an óráid lán-Ghaeilge a thug an tAire Oideachais Richard Bruton uaidh ag an seoladh.

“Molaim an tAire as ucht óráid iomlán i nGaeilge a thabhairt uaidh ag an ócáid agus tá súil agam gur nós é seo a leanfaidh sé agus é i mbun a chuid cúraimí agus go dtógfaidh Airí eile a dhea-shampla freisin,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Cúis dóchais agus mhisnigh’ – fáilte roimh fhoilsiú an chéad pholasaí stáit don chainteoir dúchais Gaeilge'