‘Cuirtear foireann Raidió na Gaeltachta ar comhphá le lucht Dhomhnach Broc láithreach’ – Ó Cuív

Ba chóir go mbeadh foireann RnaG ar comhphá lena macasamhail in RTÉ i nDomhnach Broc, dar le hiar-aire na Gaeltachta

‘Cuirtear foireann Raidió na Gaeltachta ar comhphá le lucht Dhomhnach Broc láithreach’ – Ó Cuív

Ba chóir go gcuirfí foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar comhphá láithreach lena gcomhghleacaithe in RTÉ, dar le hurlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil, an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite go bhfuil ardú pá á fháil ag foireann Údarás na Gaeltachta agus iad le cur ar comhchéim le státseirbhísigh, agus deir Ó Cuív go bhfuil sé “thar am” anois foireann RnaG a chur ar comhchéim le foireann RTÉ.

“Ní seirbhís den dara grád a bhíonn ann toisc an tseirbhís sin a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh foireann RnaG ar comhphá lena macasamhail i nDomhnach Broc. Níl aon cheist faoi sin.

“Ach an oiread le cúrsaí inscne, ní cheart idirdhealú a dhéanamh ó thaobh cúrsaí pá ar bhonn teanga nó mar go bhfuil ceannáras eagraíochta sa Ghaeltacht seachas i mBaile Átha Cliath.”

Idir an dá linn, dúirt Ó Cuív gur cheart tuilleadh taighde a bheith déanta ag an Teachta Dála Peadar Tóibín sula ndearna sé “ionsaí faoi chúrsaí pá” in Údarás na Gaeltachta.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin an tseachtain seo caite gur “deacair a chreidiúint” go bhfuil €1.1 milliún á chaitheamh ar phá 12 duine san eagraíocht fiontraíochta.

Dúirt Ó Cuív gur cheart comparáid a bheith déanta ag Tóibín idir leibhéil phá san eagraíocht Ghaeltachta agus in eagraíochtaí eile dá leithéid sula ndearna sé “ionsaí” ar an Údarás.

“Cén fáth nár chuir sé an tÚdarás i gcomparáid le Fiontar Éireann agus an IDA, cuir i gcás. An bhfuil an pá níos airde nó níos ísle sna heagraíochtaí sin? Comparáid shlán a bheadh ansin.

“Déanadh sé ionsaí ar na heagraíochtaí sin ar fad má tá sé ag iarraidh, ach tá imní orm gurb é seo an seandearcadh céanna arís atá aige, gur rud den dara grád atá san eagraíocht Ghaeltachta agus gur rud den chéad ghrád atá taobh amuigh den Ghaeltacht,”  a dúirt Ó Cuív.

Fág freagra ar '‘Cuirtear foireann Raidió na Gaeltachta ar comhphá le lucht Dhomhnach Broc láithreach’ – Ó Cuív'

  • Feardorcha

    Éamo ag tabhairt aire dá chairde arís.
    Tá cinntithe aige go gcloisfear gach broim a éalaíonn uaidh go ceann bliana leis an méid sin. Nach méanar dúinn, mar lucht éisteachta.