‘Cuirtear cath orthu feasta, agus ná ligtear dóibh an tsaoirse bheag shuarach atá againn a bhaint dínn’

An Claidheamh Soluis, 16 Meán Fómhair 1916: Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’...

‘Cuirtear cath orthu feasta, agus ná ligtear dóibh an tsaoirse bheag shuarach atá againn a bhaint dínn’

Claíomh-85

4 (Iomlán 960).                              Cláraithe mar pháipéar nuachta                              Meán Fómhair 16, 1916                              Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Cén chaoi is fearr chun daoine a mhealladh isteach inár gcumainn agus chun a gcoinneáil ag obair ann? Mheallfadh ceol agus gleo a lán ach d’imeodh an chuid is mó acu arís. Mar sin féin is ceart dúinn cleas an cheoil agus cleas an ghleo a imirt. Tiocfaidh daoine maithe agus daoine gan aon mhaith linn, ach ní fhanfaidh linn ach daoine fiúntacha.

Tá cleas eile againn le himirt, cleas na fírinne. Insítear fírinne an scéil don phobal agus corróidh sé iad. Insítear an éagóir atá á déanamh ar Ghaeilge ag Gaill, agus insítear chomh maith an éagóir atá á déanamh uirthi ag Gaeil. Má tá Gaill fealltach tá Gaeil faillíoch. Bíonn an bhearna gan lucht cosanta go minic acu.

Is maith an cleas é cleas na fírinne. Ní chuireann sé púicín ar éinne, óg nó sean, ach spreagann sé lucht dílse chun gnímh. Ní thaitníonn an fhírinne le gach dream. Ní thaitníonn sí le lucht suain agus leisce, nó le lucht na héagóra a dhéanamh; agus is minic nach dtaitníonn sí le lucht na héagóra a fhulaingt, go mórmhór má ghlacann siad leis an éagóir.

Bíonn an fhírinne searbh ach is féidir gan luí ar an tseirbhe i gcónaí. Tá caoi chun fírinne a insint nach gcuireann sáiteán sa duine a theastaíonn uainn a mhealladh chugainn, agus b’fhearr cleas na fírinne a imirt ar an gcaoi sin, mura dteastóidh uainn duine nó dream a dhíbirt uainn. Cabhair atá uainn faoi láthair agus is cóir do gach Conraitheoir cleas na fírinne a imirt ar mhaithe leis an nGaeilge.

Ní mór dúinn insint do shé nó do sheacht de mhíle d’oidí scoile go bhfuil faillí á déanamh acu sa Ghaeilge. Ní mór an scéal céanna a insint dá mbainisteoirí agus do thuismitheoirí na bpáistí. Ní maith le duine faillí a chur ina leith ach caithfear an fhaillí seo a chur i leith lucht a déanta, nó ní leigheasfar í. Obair mhíthaitneamhach is ea é ach caithfear a dhéanamh. Caithfidh an Coiste Gnó agus muintir na gcraobh an fhaillí a chur i leith an phobail agus iarraidh orthu í a leigheas.

Má tá seirbhe san fhírinne, tá binneas inti freisin. Is fíor go bhfuil faillí á déanamh. Sin í an tseirbhe. Is féidir linn éirí as an bhfaillí. Sin é an binneas. Is féidir leis an mbainisteoir scoile breis suime a chur ina ghnó. Is féidir leis an oide scoil Ghaelach a dhéanamh dá scoil. Ní gan dua a dhéanfaidh sé Gaelach í. Ach níl rud ar domhan is mó a bhéarfaidh sásamh dó ná a scoil nuair a bheidh sí Gaelaithe aige.

An bainisteoir agus an t-oide, sin iad an bheirt a bhfuil cumhacht acu, agus caithfimid a mbréagadh chun a gcumhacht a imirt. Is maith iad na tuismitheoirí chun beirt seo na cumhachta a mhealladh agus a bhrostú. Nuair ba mhian le Conraitheoirí Luimnigh an Ghaeilge a chur á múineadh sna scoileanna chuir siad na tuismitheoirí ag triall ar na hoidí is ar na bainisteoirí, agus ba ghearr an t-am nó go raibh Gaeilge i ngach scoil nach mór sa chathair.

Ar mhaithe leis an nGaeilge agus le hÉirinn atáimid agus ná ceiltear gur ar mhaithe le hÉirinn atáimid. Tá na daoine toilteanach rud a dhéanamh ar Éirinn agus is maith leo go n-iarrfaí orthu rud a dhéanamh ar son a dtíre dúchais. Buíochas mór le Dia gur mar sin atá. Tuigtear scéal Gael agus Gall maith go leor dóibh. Dá dtuigfidís an bhaint atá ag an nGaeilge leis an scéal sin ba ghearr go mbeadh a gclann ag foghlaim na Gaeilge, nó bheadh fios fátha na faillí uathu.

Níorbh fhearr uair riamh ná an t-am atá anois ann chun iarraidh ar na daoine dul ag triall ar na bainisteoirí agus ar na hoidí i dtaobh na teanga. Tá fogha á thabhairt faoin nGaeilge ag Gaill. Ní chuirfidh aon ní an fogha sin ar neamhní ach fogha láidir faoin nGalldachas. Tá cumhacht ag na daoine agus is cóir dúinn an chumhacht sin a dhíriú ar an oideachas agus ar an teagasc Gallda.

Má ligimid don Bhord agus do na scoileanna gan Gaeilge, ní bheidh Gaeilge in aon scoil ar ball. Tograíonn an Bord an Ghaeilge a chur chun deiridh. Dá mbeadh an misneach acu chuirfidís cath ar lucht na Gaeilge. Ach níl an misneach acu mar níl siad cinnte céard a dhéanfaimis. Ná fágtar in amhras iad. Cuirtear cath orthu feasta, agus ná ligtear dóibh an tsaoirse bheag shuarach atá againn a bhaint dínn.