Cúirt na Staire agus Cúirt na gCinnéideach

Ar chiumhais na mara i mBoston atá an Kennedy Memorial Library, an t-ionad cuimhneacháin ar shaol agus ar shaothar John Fitzgerald Kennedy, an 35ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Cúirt na Staire agus Cúirt na gCinnéideach

Ar chiumhais na mara i mBoston atá an Kennedy Memorial Library, an t-ionad cuimhneacháin ar shaol agus ar shaothar John Fitzgerald Kennedy, an 35ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Lena taobh tá an Senator Edward M. Kennedy Institute for the United States Senate. Séadchomharthaí iad seo ar chumhacht agus ar scéal na gCinnéideach. Tá imeachtaí ar leith sa Kennedy Memorial Library i mbliana ó tharla gur céad bliain ó shin a rugadh an tUachtarán i mBrookline ar an 29ú Bealtaine, 1917.

Tabharfar an dáta sin chun cuimhne aríst ar an 22ú Samhain i mbliana, cothrom an lae ar feallmharaíodh é. Is mór faoin iarUachtarán a thugtar chun cuimhne sa Leabharlann Cuimhneachán ar an lá cinniúnach sin.

Ach, an lá céanna sin, beidh ócáid eile ag cuid de shliocht an Uachtaráin agus Robert, iarPhríomh-Aturnae na Stát Aontaithe. Beidh baill den treibh os comhair cúirte in Cape Cod.

Tá cúiseanna curtha i leith Matthew “Maxwell” Kennedy, (Matthew a baisteadh air ach tugann sé Maxwell air féin) mac le Robert Kennedy – agus mac dearthár leis an Uachtarán – go raibh mí-iompar agus clampar ar bun aige i dteach gar don “Kennedy Compound” ar Cape Cod i Massachusetts an tseachtain seo. Tá iníon le Maxwell Kennedy – sin í Caroline Kennedy (22) – cúisithe as a bheith bainteach leis an eachtra chéanna.

Chuir duine atá in chónaí in aice láthair fios ar na póilíní ag a haon a chlog ar maidin mar nach raibh sé in ann néal codlata a dhéanamh de bharr ceol ard agus síorthorann as an teach. Nuair a chuaigh póilín chun an tí is beag fáilte a bhí roimhe, de réir a chuntais féin ar an scéal. Go deimhin, tá tuairisc an phóilín, Arnando Feliciano, ligthe amach go poiblí anois. Bhí daoine imithe as a gcranna cumhachta sa teach a dúradh agus tugadh léasadh teanga don phóilín. In ard a ngutha d’fhiafraigh cuid den chomhluadar don phóilín an raibh a fhios aige cé leis a raibh sé ag caint. Chruinnigh an dream a bhí sa teach air nuair a ghabh sé Maxwell Kennedy agus chuir sé fios ar chúnamh. D’fhógair Caroline Kennedy – iníon Maxwell Kennedy – go raibh sí dallta agus mheabhraigh sí a cúlra oideachais don phóilín: “I went to Brown and I am a teacher, sweetheart,” arsa sise de réir na tuairisce a réitigh an póilín. 

Léim Maxwell Kennedy in aghaidh an bhalla agus leag sé drisiúir a raibh soithí galánta, luachmhara crochta air, de réir tuairisc an phóilín. Gabhadh an bheirt agus tugadh chuig an mbeairic iad. Mar a tharla sé, níor thaispeáin na tástálacha go raibh lorg alcóil ar bith i bhfuil Maxwell Kennedy. Ligeadh é féin agus a iníon amach ar bannaí níos deireanaí an mhaidin sin.

Scríobh Maxwell Kennedy leabhar faoina athair, Robert Kennedy faoin teideal: ‘Make Gentle the Life of the World – The Vision of Robert F. Kennedy and the Words that Inspired him’.

Tá sé ráite ag an ionchúisitheoir sa réigiún seo ar Cape Cod gurb é an stádas céanna a bhíonn ag chuile dhuine a thagann os comhair na cúirte ansin. Mar a chéile a phléifear le cás na gCinnéideach agus a dhéanfaí le cás ar bith eile, a deir Michael O’ Keefe. 

D’fhéadfadh sé nach ngearrfar pionós oifigiúil ar na Cinnéidigh ach go mbeadh orthu síntiús a íoc. Is cosúil gur leigheas é sin go minic ag na húdaráis ar chásanna a bhaineann le ceiliúradh, ceol, gleo agus torann sna cúirteanna ar Cape Cod. San am céanna, is dóigh ná a mhalairt gur mó aird a bheidh ar an gcás seo i gCúirt Barnstable ar Cape Cod ar an 22ú Samhain ná a bheidh ar na hócáidí cuimhneacháin san Kennedy Memorial Library 70 míle ó bhaile an lá céanna sin. 

Dúisíonn an eachtra seandíospóireachtaí faoi shaol agus faoi iompar na gCinnéideach; an chumhacht, an stair agus an scéal glórmhar fite fuaite leis an tragóid, an t-aighneas, an ragairne agus na drochbhéasa.

Fág freagra ar 'Cúirt na Staire agus Cúirt na gCinnéideach'