Cuirimis uainn ‘Mighty Mac’ an Bhéarla agus na fotheidil dhóghreanta

Is furasta a bheith réchúiseach maidir le fotheidil Bhéarla ach caithfimid feabhas a chur ar a bhfuil á ithe againn agus tá gá leis an mbiachlár a athrú

subtitles

Mar a bhíonn ag an té síorsheang  sin a mbíonn Mighty Mac Meal nó ‘snack box’ laethúil aige – agus b’fhéidir Curaí agus Sceallóga istoíche – ach atá fós in ann ‘féiníní’ a phostáil de féin agus cuma na maitheasa agus na sláinte i gcónaí air, tréaslaímid a éacht le Alex Hijmans.

Aontaímid: is féidir teanga mhionlaithe a fhoghlaim in ainneoin olltionchair na mórtheanga. Má tá sé de mhianach agus de dhúthracht ionat níl amhras ar bith ach gur féidir leat líofacht sa teanga sin a bhaint amach.

Tá cairde againn uile a bhfuil an Ghaeilge nó Gàidhlig agus ilomad teangacha eile foghlamtha acu in ainneoin rabharta an Bhéarla timpeall orthu. Is daoine sárchumasacha iad ár gcairde agus níl leisce ar bith orainn ach a bhfuil déanta ag Alex Hijmans a mholadh go mór.

Ach tá beagán amhrais orainn ach gur mionlach iad Alex agus na daoine sárchumasacha eile sin. Dúinne, gnáthdhaoine, is mór an bráca dúinn é teanga nua a fhoghlaim. Bíonn, mar sin, gach aon chabhair dá bhfuil ann ag teastáil uainn.

Deir Alex Hijmans gur cuma faoi fhotheidil loiscthe nó dhóghreanta Bhéarla. Ní aontaímidne.

Ní miste a rá ach gur ag caint ar mo chás féin agus ar mo thaithí féin ar an domhan mór atáim – ní bheadh sé de dhánacht ionam comhairle a thabhairt maidir le cás na Gaeilge.

Déarfaidh mé an méid seo ámh, cloisim arís is arís eile ó fhoghlaimeoirí teangacha mionlaithe go gcuireann fotheidil Bhéarla srian ar a n-iarrachtaí agus gur cabhair iad na fotheidil L2 (sa dara teanga) don té atá ar a dhícheall ag iarraidh teanga a fhoghlaim.

Bhí, mar shampla, raidhse tvuíteanna ann ó fhoghlaimeoirí Breatnaise nuair a thriail S4C fotheidil loiscthe Bhéarla ar feadh seachtaine i mí an Mhárta. Bhain an imní ba mhó a léiríodh le sealbhú teanga. Ní hamhlaidh go raibh ‘gníomhairí teanga’á gcur féin trí thine.

B’fhoghlaimeoirí iad seo a bhí ag gearán toisc go gcuirfeadh na fotheidil Bhéarla seo srian ar an sealbhú teanga acu.

“Ní féidir linn Breatnais a fhoghlaim má thugann tú fotheidil Bhéarla dúinn, gabhann an inchinn an cóngar!”

Is deacair a chreidiúint go gceapfadh éinne gurb é an bealach is fearr chun teanga mhionlaithe a chur chun cinn fotheidil loiscthe Bhéarla a chur léi. Tar éis don fhoghlaimeoir bunús na teanga a fhoghlaim, deir an taighde linn gur tairbhe dúinn é a mhéad den teanga mhionlaithe sin a nochtar dúinn. Leag Mitterer agus McQueen mar shampla béim ar bhuntáistí a ghabhann le fotheidil L2 i staidéar in 2009.

In Albain tá feachtas ar bun againn chun fáil réidh leis na fotheidil loiscthe Bhéarla ar BBC Alba. Tá borradh ag teacht faoinár bhfeachtas agus cuireadh dhá phíosa taighde amach le déanaí in 2016 a threisíonn ár gcás.

Thug an bhean ghrinn sin an Dr. Eithne O’Connell ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath fianaise Dé Máirt an 15 Márta ag an gcomhdháil iontach craolacháin Craoladh na Gàidhlig : ceistean, dùbhlain agus slighe air adhart a d’eagraigh Ollscoil Dhún Éideann.

Le linn cur i láthair tomhaiste taitneamhach d’inis sí dúinn go dtaispeánann an taighde dúinn go bhfuil tábhacht leis an teanga atá ar na fotheidil ar an scáileán. Baineann tábhacht ar leith leis an teanga a roghnaítear le bheith i scríbhinn ar an scáileán go háirithe mar a bhaineann sé leis an teanga atá le cloisteáil. Tugann an taighde is déanaí le fios go mbíonn tionchar níos fadtéarmaí ag an ábhar scríofa atá ar an scáileán. 

Léiríonn an taighde gur mó an tairbhe don Bhéarla é ná don teanga mhionlaithe má bhíonn fotheidil Bhéarla ar an scáileán agat ar chlár teilifíse Gaeilge (nó Gàidhlig), mar a bhíonn ar TG4 agus BBC Alba faoi láthair, mar shampla. Tá na fotheidil Bhéarla sriantach chomh fada is a bhaineann sé le foghlaim teanga.

Ar an Déardaoin an 17 Márta, ag comhdháil náisiúnta tábhachtach a d’eagraigh Bord na Gàidhlig, thug an Dr. Jeremy Evas ó Ollscoil Caerdydd torthaí taighde atá chomh suntasach céanna.

Maidir leis an rogha teanga ar-scáileáin, thaispeáin an Dr. Evas go gcloíonn formhór mór tomhaltóirí, má tá teanga réamhshocraithe ar-scáileáin (e.g. Béarla), leis an teanga réamhshocraithe úd.

I dtéarmaí na pleanála teanga ciallaíonn sé sin má bhíonn teanga réamhshocraithe ar-scáileáin ann    mar atá le TG4 agus le BBC Alba – go bhfanfaidh daoine leis an teanga sin, fiú má tá an rogha acu an Béarla a mhúchadh ní bhacfaidh siad leis.

Cá bhfágann an méid sin TG4 agus BBC Alba a bhfuil polasaí acu araon fotheidil loiscthe Bhéarla a bheith acu? Ag féachaint air ó thaobh na hAlban de, tá cuma sheanchaite ar pholasaithe dá leithéid. Mhol MG ALBA go mbeadh an Béarla mar theanga réamhshocraithe do na fotheidil in Albain mar, a deir siad, nach mbeidh siad in ann na fotheidil roghnacha ar scáileáin a thairiscint a thuilleadh, rud atá iomlán bunoscionn le haon fhíor-athbheochan teanga.

B’fhearr go mór is go fada seasamh S4C a ghlacadh (nó seasamh BBC1 Eastenders más fearr leat) – ‘fotheidil dhúnta’ – agus an Béarla a bheith faoi cheilt sa chúlra ullamh le teacht i gcabhair más gá.

Ach ná brúimis an Béarla ar an lucht féachana mar atá á dhéanamh faoi láthair ag TG4 agus BBC Alba. Is é cur chuige seo S4C an réiteach a nglactar leis i mórán tíortha agus is é leis an cur chuige lena bhfuil formhór daoine sásta.   

Má úsáidtear fotheidil dhúnta ar chláir BBC Alba agus TG4 amach anseo beidh a dteanga féin á cur i láthair do chainteoirí gan í a bheith lagaithe ag teanga ar bith eile. 

Tá an teicneolaíocht i gcomhair fotheidil roghnacha nó ‘opt-in’ ar BBC Alba ann cheana féin – agus níl mórán costais ag gabháil léi. 

Le fotheidil roghnacha – murab ionann is na cinn loiscthe – spreagfar breis fíorfhoghlaimeoirí teanga seachas na foghlaimeoirí páirtaimseartha sin nach mbeidh líofa inti go deo.

Smaoineamh deiridh: baineann na ceisteanna seo maidir le cúrsaí craolacháin in Éirinn agus in Albain ní hamháin le deiseanna a thabhairt d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge agus na Gàidhlig, baineann siad freisin le riachtanais – agus cearta – cainteoirí líofa. Baineann sé le pobal teanga a chothú taobh amuigh de thimpeallacht na scoile.

Canathaobh go scriosfaí misneach na gcainteoirí líofa agus an Béarla a bhrú orthu i gcónaí le fotheidil Bhéarla nó le guth an Bhéarla? Tá sé sin mícheart, faoi mar a dúirt Rita Izsák, Raporteur Speisialta na Náisiún Aontaithe ar Cheisteanna Mionlaigh le linn di bheith ar cuairt go dtí Sabhal Mòr Ostaig in 2014 : “Any restriction on the use of minority languages and freedom of expression must be fully justified and proportionate. Attempts to prohibit or abolish the use of minority languages constitute a gross violation of minority rights.”

Tá gá againn le seirbhís chuimsitheach ó na meáin inár dteanga féin. Is éileamh réasúnta é seo in Éirinn agus in Albain mar a bhfuil craoltóireacht seirbhíse poiblí ann cheana. Tá na ‘spásanna’ seo thar a bheith tábhachtach do thodhchaí teanga ar bith. Fágaimis leat smaointe an Dr. Simon Brooks is é ag scríobh do gàidhlig.tv in 2016.

“Ní foláir dúinn sainmhíniú as an nua a thabhairt ar an dátheangachas sna tíortha Ceilteacha ionas go mbeidh sé ina cheiliúradh dáiríre ar an éagsúlacht chultúrtha agus ní ina chur i gcéill costasach. Caithfear an dátheangachas a thabhairt ar ais go dtí an bhrí a bhíodh leis: spásanna sóisialta a bheith ann don Bhéarla (gan a bheith aistrithe), agus spásanna sóisialta eile don Bhreatnais, don Ghàidhlig agus don Ghaeilge (gan a bheith aistrithe).

D’fhéadfadh dar ndóigh, meascán beag a bheith ar an imeall, ní haon díobháil é bheith beagán ‘idir eatarthu’ ar uairibh. Ach má tá pobail Bhreatnaise, Gàidhlig agus Ghaeilge le teacht slán, caithfidh áiteanna a bheith ann don Bhreatnais, don Ghàidhlig agus don Ghaeilge inar féidir taitneamh a bhaint astu gan cur isteach.

Caithfidh na cainéil teilifíse sna teangacha mionlaigh cuid de na spásanna seo a chur ar fáil. Má bhíonn fotheidil loiscthe Bhéarla ar-scáileáin ann ní haon mhaith iad a thuilleadh do phobal na dteangacha mionlaigh. Go deimhin féin is mó de dhíobháil ná de mhaitheas a dhéanann siad. Ní dhéanann siad ach an cos ar bolg leanúnach orthu a chur i gcuimhne do lucht labhartha na dteangacha sin.”

Is furasta a bheith réchúiseach maidir le fotheidil Bhéarla. Caithfimid feabhas a chur ar a bhfuil á ithe againn. Tá gá leis an mbiachlár a athrú.  Cuirimis uainn Mighty Mac an Bhéarla. 

– Tá Lisa Storey ar dhuine de bhunaitheoirí an bhrúghrúpa gaidhlig.tv