Cuirimis fáilte Uí Cheallaigh roimh mholtaí Sheáin

Táthar sall is anall le caint gan dealramh faoi leagan amach nua craoibhe ach tá réiteach na faidhbe ar ár n-aghaidh amach dá mbeadh an toil ann chun glacadh leis

2012 GAA Annual Congress, The Heritage Golf & Spa Resort, Killenard, Co. Laois 14/4/2012 Former GAA President Sean Kelly Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Iar-Uachtarán CLG, Seán Ó Ceallaigh ©INPHO/James Crombie

Beidh slán fágtha ag trí cinn d’fhoirne le craobh peile na bliana sara gcuirfidh Sligeach chun páirce dá gcéad chluiche craoibhe ar a 7 a chlog tráthnóna Dé Sathairn beag seo.

Cúis nó leithscéal eile ag lucht a cáinte chun caitheamh anuas ar leagan amach na craoibhe mar atá le cheithre bliana déag anuas ó cuireadh na babhtaí cáilithe ar bun i 2001.

Tráth an ama seo gach aon bhliain ó 2001 i leith, bítear ag cur múnlaí nua chun cinn ag féachaint an mbeadh aon fhonn ar údaráis CLG teacht ar mhalairt múnla don gcraobh ach níl éirithe go dtí seo, le haon cheann des na múnlaí seo é a chur ina luí gaidhte ar phiardaí Pháirc a’ Chrócaigh go bhfuil athrú ag teastáil.

Tá an goile agus an toil chun athraithe ag treisiú anois, áfach.

Tá nach mór trí bliana ó chur Iar-Uachtarán CLG, Seán Kelly, a mholtaí féin maidir le múnla nua craoibhe chun cinn agus as na moltaí go léir atá feicthe agus cloiste agam, is iad moltaí Uí Cheallaigh is mó go bhfuil ciall agus éirim ag baint leo.

Níl ach seachtain ó chuir iarbhainisteoir Dhún na nGall, Jim McGuinness, a chuid moltaí féin chun cinn agus dá mba scrúdú stáit a bhí ar bun aige, bheadh iniúchadh á dhéanamh againn ar an gConallach le barr amhrais go raibh sé ag cogáil ón gCeallach!

B’fhíor don té a dúirt, “nuair a chacann gé, cacann siad go léir.”

Ba bheag difríochta a bhí idir an dá mhúnla ach toisc go bhfuil an ceann is déanaí ag teacht ó McGuinness, b’fhéidir go bhfuil seans níos fearr ann go nglacfaí leis toisc go mb’fhéidir go bhfuil a bhib sailithe ag an gCeallach óna thréimhse mar Uachtarán agus ón uair go scrígh sé an leabhar Rule 42 and All That. Is deacair gan satailt ar dhuine éigin nuair a bhíonn uaillmhian i gceist!

Go hachomair, is éard atá sa dá mhúnla ag Kelly agus McGuinness ná go gcoimeádfaí an tsraith náisiúnta agus na craobhacha cúige mar atá agus go bhfágfaí leagan amach na gcraobhacha cúige faoi na Comhairlí Cúige a riarann iad.

Thiocfadh an t-athrú nuair a bheadh deireadh tagtha leis na craobhacha cúige. Ag an bpointe sin, dhéanfaí an chraobh (Craobh na hÉireann) a scarúint ina dhá choda le sé cinn déag d’fhoirne san iomaíocht iontu araon – Corn Sam Maguire mar atá agus corn tánaisteach, go mbeadh ainm nua le baisteadh air (Corn Tommy Murphy mar a bhíodh tráth?). Sa chéad bhliain, curaidh agus tánaistí na gcraobhacha cúige a bheadh incháilithe do chorn Sam Maguire agus roghnófaí an ocht bhfoireann eile bunaithe ar stádais sraithe.

Tar éis na céad bhliana, bheadh curadh agus tánaiste Corn Tommy Murphy incháilithe do chorn Sam Maguire chomh maith le sé fhoireann a bheadh le rognhnú bunaithe ar a seasamh sa tsraith, chomh maith, gan dabht, le curaidh agus tánaistí na gcraobhacha cúige. Reáchtálfaí an dá chorn ar bhonn craoibhe ansan, rud a chiallódh go dtógfadh sé cheithre bhabhta imeartha chun iad a bhuachtaint.

Nuair a bhí Seán Kelly ag cur a mholtaí chun cinn trí bliana ó shoin, dúirt sé gur moltaí iad a raghadh chun tairbhe Chumann Lúithchleas Gael ar fad. “Bheadh breis béime ar an tsraith, threiseofaí craobhacha cúige atá i mbaol a mbáis, chaomhnófaí na cathanna beaga áitiúla atá mar dhlúthchuid de CLG le os cionn céad bliain. Anuas air sin, tá an córas cothrom agus cóir sa mhéid is ná tugann sé buntáiste d’aon chontae tharais a chéile agus ghinfí an-theacht isteach uaidh dá mbeadh bolscaireacht cheart déanta air toisc go mbeadh an iomaíocht géar go maith sa dá chraobh” a dúirt an Ceallach ag an am. Níl aon ní tarlaithe ó shin a bhréagnódh a chuid cainte.

Fiú muna ndéanfadh sé faic eile, chuirfeadh sé cosc láithreach bonn leis an gcaint san aer ó iarimreoirí, colúnaithe ar mo chuma féin agus daoine eile nach iad maidir le héagothroime agus éagóir an chórais mar atá. Tagann an chaint seo chun cinn an tráth seo na haon bhliain agus táim cortha de chun na fírinne a insint.

Táthar sall is anall le caint gan dealramh faoi mhúnla Shraithe na gCuradh, faoi atheagar ar theoraí cúige, faoi dheireadh a chur leis na craobhacha cúige agus faoi chomórtas ciorclach a chuirfeadh mearathall orainn go léir lena chastacht. Agus fós tá réiteach na faidhbe ar ár n-aghaidh amach dá mbeadh an toil ann chun glacadh leis. B’fhiú, ar an méid is lú, triail a bhaint as ar feadh tréimhse trí bliana.

Is é an neart is mó a bhí riamh, atá fós agus a bheidh go deo ag CLG ná a thraidisiún a forbraíodh ós na máithreacha aníos le 131 bliain. Conas nach féidir linn é sin a aithint agus feabhas beag anseo is ansiúd a chur air?

Tá na híobairtí atá á ndéanamh ag imreoirí sa lá atá inniu ann rómhór chun ná braithidís go raibh toradh éigin de dheasca na n-íobairtí sin acu. Tá ardán ag teastáil uatha siúd a bhíonn de shíor ag cur snais ar a dtaispeántas mar atá scothimreoirí na linne.

Tá sé thar am an t-ardán sin a thabhairt dóibh.

 

Fág freagra ar 'Cuirimis fáilte Uí Cheallaigh roimh mholtaí Sheáin'