Cuirimis fáilte roimh Brexit mar dhéanfadh sé leas na hÉireann tacú leis na Sasanaigh

Ba chóir dúinn misneach a léiriú agus náisiún na hÉireann mhúscailt chun stiúir a thógáil athuair ar chinniúint na tíre seo – go háirithe i mbliain chomóradh 1916

David_Cameron

Tá deis ag an rialtas margadh níos fearr leis an Aontas Eorpach a bhaint amach mar chuid d’idirbheartaíocht na Sasanach, ach is cosúil nach mbeidh an misneach acu iarracht cheart ar bith a dhéanamh agus go gcaillfear an deis.

Is é polasaí an stáit é ó thús na seascaidí ar aghaidh ceangal níos dlúithe a chothú leis an Eoraip agus laghdú a dhéanamh ar an gceangal le Sasana; ach tá an Stát ag iarraidh an dá thrá a fhreastal i gcónaí, agus tá faitíos mór ar Bhunaíocht na hÉireann roimh an seans go bhfágfadh Sasana an tAontas.

D’fhoilsigh an Institiúid um Thaighde Eacnamaíoch is Sóisialta (ESRI) tuarascáil sheafóideach le deireanas a thuar gur tubaiste a bheadh i ndán dúinn dá n-éireodh Sasana as an Aontas: teorainn dhaingnithe idir tuaisceart agus deisceart, táillí a dhéanfadh dochar mór dár dtrádáil le Sasana; stop le saorghluaiseacht idir an da thír, agus mar sin de ar aghaidh.

Ní dóigh liom go bhfuil bunús dá laghad leis na scéalta seo a chuireann sceimhle ar dhaoine, mar fiú dá bhfágfadh Sasana an tAontas, bheadh socrú nua ann, agus chun leas Shasana a bheadh sé trádáil le hÉirinn a choinneáil ar siúl, mar aon le saorghluaiseacht is eile.

Cén fáth mar sin na scéalta sceimhle? Ní thabharfaidh éinne i Sasana aird dá laghad ar fhaitíos na hÉireann faoin scéal, ach is cosúil go bhfuiltear ag súil go spreagfadh caint mar seo na hÉireannaigh i Sasana le vótáil in aghaidh imeacht ón Aontas.

Nach bhfuil sé íorónta nach mbacann an rialtas le vóta a thabhairt do na heisimiriceóirí i dtoghcháin Dála, Seanaid nó Uachtaránachta, ach go bhfuil siad ag súil mar sin féin go vótálfaidh na hÉireannaigh thall de réir mar a oireann don rialtas abhus?

Is fiú, ámh, breathnú ar na héilimh atá á ndéanamh ag na Sasanaigh. Ceithre phointe a luadh sa litir a scríobh Príomh-Aire na Breataine, David Cameron, don Aontas: athrú sa gconradh bunaidh ionas nach mbeidh Sasana faoi oibleagáid gluaiseacht i dtreo aontas níos dlúithe; simpliú ar rialacha maorlathais le cabhrú le lucht gnó; cinnteacht nach gcuirfidh dlúthú idir tíortha an Euro cur isteach ar chearta na dtíortha eile maidir le polasaí eacnamaíochta is eile; agus cearta le hidirdhealú a dhéanamh i gcoinne inimirceoirí maidir le sochair shóisialta de.

Mar thoradh ar an bpíosa sin sa gconradh faoi Aontas níos dlúithe a bhaint amach, is fiú cuimhneamh go bhfuil an t-uafás cumhachtaí imithe tugtha uainn cheana féin ag muintir na hÉireann go dtí an Coimisiún agus an Chomhairle sa mBruiséil, institiúidí nach bhfuil ach fíorbheagán tionchair againn orthu. Go deimhin tá a laghad sin cumhachta imithe nach raibh ar ár gcumas a thuilleadh muid féin a chosaint ón ngéarchéim eacnamaíochta is baincéireachta.

Dhéanfadh sé leas na hÉireann tacú leis na Sasanaigh faoin bpointe seo, agus socrú a lorg faoina mbeadh comhoibriú eacnamaíochta ar bun san Aontas in ionad leanacht ar aghaidh i dtreo an ollstáit nua Eorpaigh.

Agus ba mhó go mór an smacht a bheadh ag muintir na hÉireann ar ár gcuid gnaithe féin dá mbeadh veto againn in éineacht le parlaimintí eile ar dhlíthe ón Aontas.

Ar ndóigh, ní fhéadfaí ollstát ar bith a dhéanamh as eagraíocht mar sin, agus is ar éigean go ngéillfeadh na cumhachtaí móra san Aontas don éileamh. Mar sin féin, is cóir dúinn an fód a sheasamh.

Is léir freisin anois nár oir an Euro dúinn le linn na géarchéime. Is cóir dúinn éalú as an gcóras sin, ach, aga na ma céanna, a chinntiú nach mbeadh muid imeallaithe maidir le polasaithe trádála de.

Arís, is féidir linn comhoibriú leis na Sasanaigh ina thaobh seo.

Ní gá go n-aontódh muid faoi shrianta a laghdú ar lucht gnó nó idirdhealú a cheadú i gcoinne inimirceoirí, ach is ceart go mbeadh an focal deireanach faoi na nithe seo againn féin.

Ag an bpointe seo, tá sé deacair a fheiceáil go n-éireoidh le Cameron aon athrú a a dhéanamh a shásódh lucht cáinte an Aontais i Sasana.

Dá n-imeodh Sasana lagófaí an brú chun Aontas níos dlúithe a bhaint amach, agus chun leas na hÉireann a bheadh sé ar aon chuma.

Lena chois sin, bheadh muid in ann suí síos leis na Sasanaigh agus socruithe a dhéanamh leo díreach mar a bheadh siadsan ag déanamh socrú nua leis an Eoraip.

Ní gá go mbeadh aon fhaitíos orainn. Ba chóir dúinn misneach agus cnámh droma a léiriú ar son náisiún na hÉireann agus chun daoine a mhúscailt chun stiúir a thógáil athuair ar chinniúint na tíre seo – go háirithe i mbliain chomóradh 1916.

Cuirimis fáilte roimh Brexit.

Fág freagra ar 'Cuirimis fáilte roimh Brexit mar dhéanfadh sé leas na hÉireann tacú leis na Sasanaigh'