‘Cuirim fáilte mhór romhat’ arsa bean na hIaráice liom i dtír Donald Trump

Colún nua le Bridget Bhreathnach faoi shuáilcí agus duáilcí an tsaoil, agus pé rud eile a ritheann léi…

‘Cuirim fáilte mhór romhat’ arsa bean na hIaráice liom i dtír Donald Trump

Stop sí an carr agus chas sí chugam.

‘Tá sé chomh maith agam é a rá amach díreach,’ a dúirt sí.

Bhí muid páirceáilte ar shráid chiúin dhorcha, taobh thiar de theach dhá stór, taobhlach adhmaid bháin air mar a bhíonn ar na tithe sna bailte mórthimpeall chathair Bhoston, áit a raibh mé ar cuairt ar chara.

Bhuail mé léi ar an tuiscint go raibh muid ag gabháil le aghaidh cupán caife, cé go n-admhaím gur fhás síol an amhrais i mo chroí nuair a chas sí an carr síos an bóithrín ciúin uaigneach seo. Coinnigh do mhisneach, a dúirt mé liom féin, is fánach an áit a bhfaigheá skinny macchiato. 

‘An bhfuil tú ag iarraidh bearradh gruaige?’ a d’fhiafraigh sí díom ansin. ‘Ummm?’ a dúirt mé. Cheap mé go raibh mo ghruaig leath bealaigh maith go leor an mhaidin sin nuair a d’fhág mé an teach.

‘Errr?’ a dúirt mé ansin agus mé ag iarraidh cuimhneamh ar bhealach a bhféadfainn diúltú don bhearradh gruaige ach fós a éileamh uirthi mé a thabhairt chomh fada le soláthraí caife láidir.

‘Tá an fear seo iontach,’ a dúirt sí, ‘bíonn a fhios aige céard atá do ghruaig a iarraidh.’

Bhí cloiste agam faoin horse whisperer ach ní raibh aon trácht cloiste agam ar an gcogarnach ghruaige. ‘Tá mé ag dul chuige le sé bliana déag,’ a dúirt sí, ‘is as an Liobáin é’.

Cúig nóiméad ina dhiaidh agus bhí mé sínte siar os cionn doirtil agus bean ag fuineadh seampú isteach i mo ghruaig. ‘Wrmerr gruaig rmemem?’ a d’fhiafraigh sí díom.

‘Céard?’ a dúirt mé.

‘Wrmerr gruaig rmemem?’ a dúirt sí arís. ‘Tá brón orm,’ a dúirt mé, ‘ní thuigim céard atá tú a rá.’

‘Céard?’ a dúirt sí. Is dóigh nár thuig sise mise rómhaith ach an oiread.

‘Cé as thú?’ a d’fhiafraigh sí díom théis scaithimh. ‘Éire,’ a dúirt mé.

‘Do chéad fáilte romhat go Meiriceá,’ a dúirt sí. ‘Is maith liom Éire. Damhsa!’ a dúirt sí is thosaigh ag bualadh na sál faoin urlár. ‘Tá an damhsa céanna againn fhéin sa mbaile.’

‘Cé as thú fhéin?’ a d’fhiafraigh mé di. ‘An Iaráic,’ a dúirt sí. ‘Cuirim fáilte mhór romhat go dtí an tír seo,’ a dúirt sí arís.

Thug sí anonn go cathaoir eile mé is d’iarr orm fanacht inti nó go dtiocfadh fear an tí chomh fada liom. Phioc mé suas irisleabhar a bhí ar an mbord os mo chomhair is shuigh mé scaitheamh mé ag léamh faoi bhróga Mhelania Trump agus ag déanamh iontais ag déanamh iontais ag an céanna faoi chosc inimirce Trump féin agus céard a bhí i ndán dúinn.

Chuala mé glór ar mo chúl. ‘Céad fáilte romhat go dtí an teach seo, mo chara,’ a dúirt sé. Bhreathnaigh mé suas agus chonaic mé fear beag tanaí le mo thaobh, croiméal mór fada air a shín amach thar a dhá leiceann ar nós lián eitleáin.

‘Céard a dhéanfaidh muid inniu?’ a d’fhiafraigh sé díom. ‘Níl a fhios agam,’ a d’fhreagair mé.

Is ansin a thosaigh sé ar dhamhsa beag coséadrom timpeall orm.

Anois is arís thógadh sé duailín gruaige ina láimh is ligfeadh dhó titim arís mar a dhéanfá le tráithnín féir go bhfeicfeá cén taobh a raibh an ghaoth ag séideadh.