‘Cuirfimid borradh faoi thionscal na feamainne ach ceadúnas a fháil’ – a deir Uachtarán Acadian Sea Plants

Teastaíonn ‘cinnteacht’ ó John Paul Deveau faoin lear feamainne a bheidh ar fáil don chomhlacht chuile bhliain

Harvesting-Seaweed_5507

D’fhéadfadh Acadian Sea Plants forbairtí éagsúla a dhéanamh ar thionscail na feamainne agus fostaíocht a chruthú ar chósta an Iarthair ach ceadúnas a bheith acu a thabharfadh cinnteacht dóibh faoin lear feamainne a bheidh ar fáil don chomhlacht chuile bhliain.

JPdeveau
Jean Paul Devau

Sin cuid dá raibh le rá ag John Paul Deveau, uachtarán an chomhlachta, ar leo Arramara Teo anois, ina chéad agallamh cuimsitheach faoi phleananna an chomhlachta Cheanadaigh d’fhorbairt thionscail na feamainne sa iarthar.

Dúirt Deveau, a bhí ar cuairt i gConamara inné, go bhféadfadh an comhlacht borradh a chur faoin gceantar cósta in iarthar Chonamara agus Mhaigh Eo, ach go mbeadh orthu ‘daimhsiú de réir an phoirt’ mura bhfaighidh siad ceadúnas.

“Mar shampla amháin, níor mhór dúinn a bheith in ann deimhniú a thabhairt do na bancanna go mbeidh fáil againn ar an lear feamainne a bheidh ag teastáil amach anseo; ní bheidh fonn ar na bancanna scaradh lena gcuid airgid mura bhfuil muid in ann an fhianaise sin a chur ar fáil.

“Is ansin atá an ceadúnas tábhachtach – sin no córas eicínt a thabharfaidh cinnteacht faoin soláthar feamainne,” a deir an tUasal Deveau le Tuairisc.ie.

Tá conspóid tarraingthe ag an iarratas ar cheadúnas bainte feamainne atá curtha chuig an Roinn Comhshaoil ag Arramara Teo mar go bhféadfadh an toradh a bheith ar chóras ceadúnais go gcuirfí na seanteorainneacha feamainne, ar tugadh aird orthu go háitiúil, go leataobh.

Eagraíodh cruinnithe i gConamara agus i Maigh Eo faoin gceist seo agus bunaíodh eagraíochtaí do mhuintir na háite a mhaíonn go bhfuil cearta traidisiúnta acu in áiteacha sa gcladach.

Ach cé go bhfuil a gcuid pleananna forbartha i gConamara ag brath go mór ar sholáthar cinnte feamainne, fanfaidh Acadian Sea Plants i bhfeighil Arramara Teo., a bhfuil a cheannáras i gCill Chiaráin, beag beann ar an toradh a bheidh ar an iarratas ar cheadúnas.

“Cheannaigh muid Arramara Teo agus fios againn nach raibh ceadúnas acu, Tháinig muid agus fanfaidh muid,” a deir Devau.

Ach is é an áit a bhfuil an buille, a deir sé, ná go bhféadfadh teorainn a bheith leis an infheistíocht agus leis an bhforbairt mura bhfuil cinnteacht ann faoin soláthar feamainne.

“Ar an gcéad iarraidh, caithfidh muid eolas cruinn a fháil ar an méid feamainn bhuí atá ar fáil sna cladaí ó Bhaile Uí Fhiacháin i gcontae an Chláir chomh fada ó thuaidh le ceantar Iorrais i Muigheo; tá an staidéar sin tosaithe go láidir anois”.

Chur Acadian Sea Plants, a bhfuil a ceanncheathrú i Nova Scotia, saineolaí anall scaitheamh ó shin le meastacháin a dhéanamh ar an gcladach.

Ach rachfar i bhfad níos géire ar an tomhais. Míníonn Jean Paul Deveau go roinnfear an cladach amach ina chearnógaí beaga agus go dtógfar slámanna feamainne as cearnógaí anseo agus ansiúd agus go gcuirfear iad sin ar scála meáchain.

“Níl aon mhaith i mbuille faoi thuairim: caithfidh muid a bheith cinnte den méid feamainne atá ann agus cén t-achar a thógann sé ar an bhfeamainn fás a dhéanamh in áiteacha éagsúla.

“Ansin chaithfí socruithe a dhéanamh idir lucht bainte agus an comhlacht faoin méid a d’fhéadfaí a bhaint in áiteacha éagsúla sa gcladach chuile bhliain. Ar an gcaoi sin, bheadh córas agat a chuideodh le chuile dhuine – agus tionscal a mhairfeadh agus a thiocfadh chun cinn go láidir”, arsa Deveau.

Dúirt an tUasal Deveau nach raibh aon iontas air go raibh imní ar dhaoine faoi chóras ceadúnais agus faoi athrú ar na seanbhealaí.

“Tarlaíonn sé i gcónaí go gcuireann athruithe sa saol, agus ar bhealaí oibre, imní ar dhaoine. Caithfidh muid an imní sin a thuiscint”.

Tá 350 duine fostaithe ag Acadian Sea Plants in ocht dtír ar fud an domhain; i gceantair tuaithe ar chósta thoir Cheanada atá a bhformhór ag obair.

Bhunaigh muintir Deveau an tionscal ar chósta thoir Cheanada i 1981.

Tháinig fás agus forás ar an gcomhlacht as éadan; infheistíocht sa taighde, sa teicneolaíocht agus i dtairgí éagsúla bunaithe ar an bhfeamainn a chuir an sméir mhullaigh ar Acadian Sea Plants.

Feictear do Deveau gur féidir an múnla céanna a chur ag obair ar chósta thiar na hÉireann, ceantar atá loite ag an dífhostaíocht.

“Go deimhin, tá buntáiste againn ag tosaí dúinn anseo. Tá go leor, leor foghlamtha againn in imeacht na mblianta agus tá scileanna agus eolas teicneolaíocht againn de bharr na hoibre i gCeanada. Is féidir na buntáistí agus na scileanna sin a chur ag obair anseo”.

Dúirt sé go mbeadh réimse postanna ón té a bhainfeadh feamainn go dtí an té atá sciliúil ar ardteicneolaíocht sa tionscal ach a mbeadh an fhís atá acu do Arramara Teo bainte amach. Ach chuir sé an t-aguisín ann arís go gcaithfí a bheith cinnte go mbeadh an soláthar feamainne ar fáil.

Ní dhéarfadh Jean Paul Deveau céard a d’íocadar le hÚdarás na Gaeltachta nuair a cheanaíodar Arramara Teo uathu.

Ní féidir an t-eolas sin a scaoileadh amach de bharr cúrsaí gnó, a deir sé.

 

Fág freagra ar '‘Cuirfimid borradh faoi thionscal na feamainne ach ceadúnas a fháil’ – a deir Uachtarán Acadian Sea Plants'