Cuirfear deireadh leis an tseirbhís farantóireachta go Cill Rónáin ar an 1 Nollaig

Seo í an chéad uair le 33 bliain nach mbeidh seirbhís farantóireachta á cur ar fáil ag an gcomhlacht ó Ros an Mhíl i gConamara chuig Árainn ó thús go deireadh na bliana

Cuirfear deireadh leis an tseirbhís farantóireachta go Cill Rónáin ar an 1 Nollaig

Ní bheidh an tseirbhís farantóireachta ó Ros an Mhíl go Cill Rónáin á cur ar fáil i ndiaidh an lae amárach. Beidh an tseirbhís dheiridh ann amárach, an 30 Samhain, ag 6pm. Ní bheidh an tseirbhís arís ann go dtí an 17 Márta 2017.

Dheimhnigh an comhlacht Island Ferries Teo an méid sin do Nuacht an Iarthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta níos luaithe inniu.

Seo í an chéad uair le 33 bliain nach mbeidh seirbhís farantóireachta á cur ar fáil ag an gcomhlacht ó Ros an Mhíl i gConamara chuig Árainn ó thús go deireadh na bliana.

Tugadh fógra scoir d’oibrithe an chomhlachta, atá lonnaithe i Ros an Mhíl, an mhí seo caite agus dúradh go mbeadh deireadh á chur leis an tseirbhís ar an 2 Samhain. Cuireadh an dáta sprice sin siar agus súil ag an gcomhlacht go dtiocfar ar réiteach ar an achrann.

Cúrsaí airgid an chúis a thug an comhlacht lena gcinneadh deireadh a chur leis an tseirbhís ar feadh an gheimhridh agus an táille atá á gearradh orthu de réir líon na bpaisinéirí a bhíonn ag baint úsáide as an tseirbhís. Gearrtar táille 80 cent in aghaidh an phaisinéara ar an gcomhlacht.

Táille in aghaidh an bháid agus ní in aghaidh an phaisinéara a ghearrtaí go dtí an bhliain 2011, nuair a athraíodh an fodhlí.

Anuraidh, thug Island Ferries Teo dhá chás Ard-Chúirte i gcoinne Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus i gcoinne Roinn na Mara sula ndeachaigh siad os comhair na Cúirte Uachtaraí mar gheall na táillí seo.

Rialaíodh san achomharc a bhí os comhair na Cúirte Uachtaraí i mí na Nollag an bhliain seo caite go raibh sé de cheart ag Comhairle Chontae na Gaillimhe táille €0.80 a ghearradh ag Cuan Chill Rónáin, ach nach raibh sé de cheart ag an Roinn Cumarsáide táille €1.20 a ghearradh ag Cuan Ros an Mhíl.

De réir an bhreithiúnais, bhí táille €1.20 in aghaidh an duine ‘ró-ard’, agus dúradh nár cuireadh san áireamh ‘an conradh sóisialta’ a bhí i gceist le muintir Oileán Árann a iompar ó na hoileáin go dtí an mhíntír agus ar ais arís.

Dúirt Aran Island Ferries gur fhág na táillí go mbeidh orthu €120,000 in aghaidh na bliana a íoc le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus nach mbeadh sé d’acmhainn acu an t-airgead sin a íoc.

Ní chuirfear deireadh leis na seirbhísí farantóireachta chuig an dá oileán eile, Inis Meáin agus Inis Oírr, seirbhísí a bhfuil maoiniú PSO curtha ar fáil dóibh. Ní chuirtear aon mhaoiniú PSO ar fáil don tseirbhís go Cill Rónáin.

Nuair a bhí an baol ann anuraidh go gcuirfí deireadh leis an tseirbhís farantóireachta go Cill Rónáin, bhí réamhshocrú déanta ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le dhá chomhlacht farantóireachta eile a bhí sásta seirbhís a chur ar fáil. Dúradh go raibh an cabhlach réidh le teacht i gcabhair ar mhuintir Árann dá mba ghá freisin.

Tá ceist curtha ag Tuairisc.ie ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe, agus Gaeltachta faoi na socruithe atá déanta i mbliana.

Fág freagra ar 'Cuirfear deireadh leis an tseirbhís farantóireachta go Cill Rónáin ar an 1 Nollaig'